Tragóid é go dtosaítear cogaí ar chor ar bith. Is tragóid anuas ar thragóid atá nuair a leanann dream a roghnaigh cogadh a throid ar aghaidh leis chomh fada sin i ndiaidh an phointe gur chóir a aithint nach fiú dóibh leanúint ar aghaidh.
Tá baint mhór ag an fhadhb seo le fallás na gcostas báite – an claonadh leanúint le rud mar gheall ar an gcostas atá caite leis cheana féin. Tá rannpháirtíocht thubaisteach Meiriceá i gcogadh Vítneam ar cheann de na samplaí stairiúla is fearr den fheiniméin sin.
Mí na Samhna 1963, bhí fórsaí an tuaiscirt ag déanamh dul chun cinn seasta i gcoinne réimeas Vítneam Theas a bhí lag agus mí‑éifeachtach. Bhí faitíos ar an Uachtarán Lyndon Johnson agus a fhoireann roimh na hiarmhairtí polaitiúla sa bhaile agus go hidirnáisiúnta dá gcaillfí an cogadh. Dá bhrí sin, shocraigh siad a dtacaíocht do Saigon a mhéadú le súil go gcuirfeadh léiriú fórsa iallach ar Hanoi cúlú.
Ar dtús, is é a bhí i gceist leis seo ná cúnamh eacnamaíochta agus comhairleoirí míleata a chur ar fáil. Ansin buamáil. Ansin trúpaí talún a chur ann. Agus ina dhiaidh sin níos mó de gach rud. Ach sheas Hanoi lena bpríomhchuspóirí agus dhiúltaigh siad géilleadh. Faoi 1968, bhí an cogadh ag cosaint an oiread sin fola agus maoine agus ag cruthú suaitheadh chomh mór sin sa bhaile gur thosaigh Washington ag lorg bealach amach. D’fhógair Lyndon Johnson deireadh leis an mbuamáil, d’fhág sé an saol polaitiúil agus d’fhág sé an fhadhb faoina chomharba, Richard Nixon, agus a comhairleoir slándála Henry Kissinger.
Ar dtús, rinne Nixon agus Kissinger iarracht na sean‑aidhmeanna céanna a bhaint amach le meascán den lámh láidir agus bagairtí. Bhí siad ag súil go gcuirfí eagla ar na Vítneamaigh Thuaidh trí bhuamáil neamhthrócaireach agus bagairtí fíochmhara, agus go bhféadfaí brú a chur ar an Aontas Sóivéadach agus an tSín brú a chur ar na Vítneamaigh Thuaidh.
De réir cuntas a scríobhadh níos déanaí dúirt Kissinger: ‘Ní chreidim nach bhfuil tráth a cloíte ag cumhacht den cheathrú grád ar nós Vítneam Thuaidh.’ Bhí Nixon cinnte go bhféadfadh sé iachall a chur ar na Vítneamaigh Thuaidh géilleadh. Thug sé ‘teoiric an fhir mhire’ air seo. Theastaigh uaidh go gcreidfeadh na Vítneamaigh Thuaidh go ndéanfadh sé rud ar bith chun a sprioc a bhaint amach.
Ach theip ar an straitéis. Níor ghéill na Vítneamaigh Thuaidh don bhrú, níor chlis ar a bhfórsaí, níor chuir na Sóivéadaigh brú orthu éirí as an troid, agus lean an cogadh ar aghaidh. Faoi 1969 bhí Meiriceá ar ais san áit ar thosaigh siad ach ní raibh aon áireamh ar an méad fola a bhí doirte ná ar an scrios a bhí déanta idir an dá linn.
I ndeireadh na dála tharraing Meiriceá amach i 1973, agus, dhá bhliain níos déanaí, thit Saigon agus bhuaigh na Cumannaigh an cogadh.
Cabhraíonn stair chogaí ar nós cheann Vítneam linn a thuiscint go bhfuil fallás na gcostas báite le sonrú i gcur chuige Putin san Úcráin agus go bhfuil an cogadh imithe i bhfad níos faide ná an pointe go raibh aon chiall nó tairbhe ann don Rúis.
Roimh thús an mhórionraidh mí Feabhra 2022 bhí tuairim is 7% de thailte na hÚcráine ina seilbh ag an Rúis sa Chrimé agus i gcuid den Donbas. Ag tús an mhórionraidh rinne siad dul chun cinn mór agus tapa agus faoi Mhárta 2022 bhí 27% de thailte na hÚcráine ina seilbh acu.
Dá mbeadh Putin tar éis stopadh ag an bpointe sin tar éis mí amháin bheadh cárta idirbheartaíochta ar chostas i bhfad níos ísle aige ná mar atá aige anois ceithre bliana níos déanaí. Faoi dheireadh 2022 bhí 18-19% den Úcráin aige. Dá mbeadh sé tar éis stopadh ag an bpointe sin bheadh a bheag nó a mór an méid céanna den Úcráin aige is atá anois.
Ach ar nós na Meiriceánach i Vítneam níl aon áireamh ar an bhfuil atá doirte, an scrios atá déanta ná ar an maoin atá ídithe sna blianta idir an dá linn. Agus sin ar fad déanta le críochnú, a bheag nó a mhór, san áit chéanna.
Ar nós Mheiriceá i Vítneam (agus Meiriceá san Iaráin le déanaí) níor oibrigh buamáil fhorleathan chun toil an namhad a bhriseadh. Ag amanna éagsúla bhain an Rúis triail as teoiric an fhir mhire le bagairtí núicléacha ach níor ghéill an Úcráin. Deineadh gach iarracht imeaglú a dhéanamh ar an Eoraip stop a chur lena cuid tacaíochta don Úcráin ach níor oibrigh sé sin. Ansin síleadh go dtiocfadh Donald Trump i gcabhair orthu agus go gcuirfeadh sé iachall ar an Úcráin an chuid eile den Donbas a ghéilleadh don Rúis ach níor oibrigh sé sin.
Is féidir frustrachas Putin nó comhairleoir éigin leis a shamhlú agus é ag rá: ‘Ní chreidim nach bhfuil tráth a cloíte ag cumhacht den cheathrú grád ar nós na hÚcráine…’.
Anois tá an Rúis ag filleadh ar mheascán de na straitéisí nár oibrigh go dtí seo – géarú ar an mbuamáil fhorleathan agus ag bagairt scrios a dhéanamh ar Chív, ach níl fianaise ar bith ón stair mhíleata go mbeidh rath ar na hiarrachtaí seo.
Anois, dar le tráchtairí míleata sa Rúis agus san iarthar, tá taoide an chogaidh casta i bhfabhar na hÚcráine. Cé nach féidir talamh slán a dhéanamh de go leanfaidh an buntáiste seo go deo is féidir ar rá ar laghad go méadóidh sé dúshlán atá roimh an Rúis maidir lena haidhmeanna cogaidh a bhaint amach. Ach má leanann buntáiste na hÚcráine ar aghaidh beidh deis caillte ag Putin a smacht ar an 20% den Úcráin atá gafa aige a dhaingniú.
Sa chás sin d’fhéadfadh an bhróg a bheith ar an gcos eile agus gurbh iad na hÚcránaigh a bheadh ag éileamh go dtabharfaí – mar shampla – ionad núicléach Zaporizhia ar ais dóibh mar réamhchoinníoll d’aon socrú síochána.
Tá a lán tráchtairí ag tuar le déanaí go gcuirfidh an Rúis deireadh leis an gcogadh go luath mar go bhfuil an praghas atá á íoc ag éirí iomarcach. Is meastachán stuama, loighciúil agus réasúnta é sin.
Ach ní bhíonn fallás na gcostas báite stuama, loighciúil nó réasúnta. Mar sin ná cuir as an áireamh go bhféadfadh Putin leanúint air ag déanamh íobairt de na mílte d’fhir óga na Rúise chun sráidbhailte scriosta in oirthear na hÚcráine a ghabháil ar feadh cúpla bliain eile.
Nóta: Bunaíodh an cur síos ar Chogadh Vítneam ar alt a foilsíodh san iris Foreign Affairs le déanaí
Noel
Dá ngéillfeadh an Úcráin an cuid eile den Donbas don Rúis agus dí-Naitsiú a dhéanamh ar a rialtas agus dímhíleatú a dhéanamh d’fhéadfadh an cogadh seo a bheith thart go tapaidh. Ní hí an Rúis atá ag cur fad leis an gcogadh.
Cathal
Tá an t-alt seo bunaithe (foinse ag deireadh an ailt, rud atá le moladh) ar alt i bhfoilseachán ar leis an meitheal machnaimh Mheiriceánach Comhairle Caidreamh Coigríche é. Tá an t-alt san fhoilseachán sin taobh thiar de bhalla íocaíochta… ach nach dtugann an ceannteideal le tuiscint gurb é an cogadh sa Chóiré a bhfuil an Úcráin á chur i gcomparáid leis – agus ní an cogadh i Vítneam? Nó bhfuil an tátal sin mí-cheart?
Cibé scéal é, níor luadh go sainiúil san alt go raibh páirteachas SAM i Vítneam bunaithe ar theoiric ar tugadh “teoiric an domanó” uirthi, rud a bhí go mór i mbéal an phobail agus na bpolaiteoirí ag an am (agus ní mór a lua – ar mhaithe le hoibiachtúlacht – gur aontaigh go leor de phobal an Iarthair léi an tráth úd). Bheadh sé suimiúil do léitheoirí nach raibh ar an saol fós an ré úd dá mbeadh cur síos déanta ar an ngné bhunúsach seo den scéal. Bheadh sé suimiúil do léitheoirí freisin dá ndéanfaí cur síos ar an tionchar a bhí riamh anall ag dúnghaoisí éagsúla ar chúrsaí sa domhan. An Dúnghaois Monroe, mar shampla, ar bunchloch an pholasaí i leith na gcomharsan uile san ilchríoch Mheiriceá í – agus ar eascair go leor uaidh thar na blianta.
Agus i dtaca leis an ré ina bhfuilimid faoi láthair, bheadh sé thar a bheith suimiúil do léitheoirí dá ndéanfaí am éigin amach anseo mionchíoradh (ar bhealach oibiachtúil) ar an tionchar a bhíonn ag cáipéisí polasaí ó mheithleacha machnaimh cumhachtachta áirithe ar an méid atá ar siúl ar an saol mór le tamall maith anuas – mar shampla, d’fhoilsigh dream an-chumhachtach ar fad cáipéis thart ar scór bliain ó shin a mhol go leagfaí an bhéim ar straitéisí míleata seachas ar straitéisí taidhleoireachta.
Gan trácht ar an ngréasán mór de mheithleacha machnaimh ar fud na hEorpa – agus sa domhan thiar trí chéile – ina mbíonn daoine ag gníomhú go dian – agus “sa chúlra”, mar a déarfá – ionadaithe ó earnálacha éagsúla (airgeadas, airm, fuinneamh agus chuile shórt), polaiteoirí, iriseoirí etc. Seans go mba den chríonnacht é go gcuirfí iad siúd in aithne don phobal am éigin – i bhfianaise an tionchair a bhíonn acu ar chúrsaí poiblí.
(Nach minic nach gcloistear trácht faoin “toircheas” go dtí go bhfeictear “an leanbh” i bhfoirm reachtaíochta sa pharlaimint – agus na príomh-aoirí ag cur na gcúlbhinseoirí (an “móramh daonlathach”) ag rith tríd na pasáistí vótála cheana féin?)
Más féidir le léitheoir a rá tar éis dó alt a léamh, “táim níos mó ar an eolas anois ná roimh ré”, ní foláir nó gur alt fiúntach a bhí ann!
Coilín Óh-Aiseadha
Tá dearcadh éagsúil agamsa ar na cúrsaí seo, bunaithe ar taighde agus anailís ó fhoinsí éagsúla, triúr scoláirí úcráineacha ina measc:
Tá cogadh domhanda nua ar siúl agus tá baol géar ann go mbeidh an bua ag an taobh eile.
Ar thaobh amháin den chogadh domhanda seo tá na Stáit Aontaithe, ballstáit eile de chuid NATO, agus Iosrael. Ar an dtaobh eile tá an Rúis, an Iaráin agus an Éimin, le tacaíocht eacnamaíoch dlúth ón tSín. Séard atá ar siúl san Úcráin ná seachchogadh idir bhallstáit NATO agus an Rúis. Cuma conas a thosaigh sé, nó céard ba chúis leis, tá na Stáit Aontaithe, an Bhreatain, an Ghearmáin, an Fhrainc &rl páirteach i gcogadh i gcoinne na Rúise anois.
Ós rud é go bhfuil an Iaráin agus fiú an Éimin tar éis cúpla ceachtanna crua a mhúineadh d’fhorsaí armtha na Stáit Aontaithe sa chogadh seo – rud a chuireann i gcuimhne dúinn na ceachtanna a d’fhoghlaim siad i Vítneam sna 1970idí agus san Afganastáin sa tréimhse 2002-2022 – ba chóir dúinn a thuiscint go bhfuil baol ann go mbeidh na ballstáit eorpacha de chuid NATO ag streachailt anois gan mhórán tacaíochta ó na Stáit Aontaithe ina gcogadh i gcoinne na Rúise.
Nuair a bhreithnímid saincheisteanna eacnamaíocha, is féidir linn a thuiscint go bhfuil an scéal níos measa fós, mar tá baol nach beag ann go mbeidh ganntanas géar breosla agus bídh á fhulaingt againn anseo san Eoraip roimh deireadh na bliana de bharr an chogadh i Murascaill na Peirse. Tríd is tríd, níor mhiste dúinn machnamh cúramach a dhéanamh ar chostais an chogaidh ar ár gcomharsana is gaire (agus orainn féin) má leanann siad ar aghaidh leis an cogadh seo i gcoinne chomhrac a bhfuil rochtain i bhfad níos fearr aige ar ola, gás agus gual chun airm agus armlón a mhonarú.
Mar sin, d’fhéadfaimis smaoineamh lárnach an ailt seo a athscríobh mar seo:
“Cabhraíonn stair chogaí ar nós cheann Vítneam linn a thuiscint go bhfuil fallás na gcostas báite le sonrú i gcur chuige *Uas Starmer, Merz, Macron &rl* san Úcráin agus go bhfuil an cogadh imithe i bhfad níos faide ná an pointe go raibh aon chiall nó tairbhe ann *dá dtíortha féin*.”
Fachtna Ó Drisceoil
Tá an cur síos ar cogadh Vítneam san alt seo bunaithe ar an gcur síos ar chogadh Vítneamh san alt atá luaite, ach ní thagan an tátal nó na tuairimí i m’alt ón alt sin. Tá argóint ag údair an ailt sin go bhféadfadh an críoch ar chogadh na hÚcráine a bheith cosúil leis an gcríoch ar chogadh an Chóiré agus is as sin a thagann an teideal, ach scríobhann siad faoin Vítneam freisin. Is tú atá géarchúiseach.