Tá rabhadh buí brothaill eisithe agus é á thuar ag Met Éireann go bhféadfadh an teocht a bheith chomh hard le 30 céim Celsius i mbólaí áirithe.
Tá Met Éireann ag tuar go bhféadfadh an teocht a bheith os cionn 27 céim Celsius i rith an lae agus os cionn 15 céim san oíche in ocht gcontae – Tiobrais Árann, Laois, Uíbh Fhailí, Luimneach, Ciarraí, Cill Chainnigh, Gaillimh agus an Clár.
San iardheisceart agus i lár tíre is teo a bheidh sé.
Dúirt Met Éireann go bhféadfadh an teaspach seo daoine a choinneáil óna gcodladh, daoine a chur i gcontúirt agus iad ag déanamh ar an uisce, bíodh sin lochanna, aibhneacha nó an fharraige. Tá an baol ann chomh maith go mbeadh strus teirmeach ag cur as d’ábhar a d’fhéadfadh scoilteadh nó briseadh.
Contúirt eile a bhaineann leis an mbrothall go dtarlódh loscadh foraoise nó sléibhe.
Tá an fhainic sin i bhfeidhm ó mheán lae inniu agus beidh go dtí a sé a chlog tráthnóna amárach.
Meabhraíonn an Cumann Ailse dúinn an craiceann a chosaint ar an ngrian agus ar na gathanna díobhálacha ultravialait, an tsiocair is mó atá ag ailse chraicinn.
Inné a taifeadadh an teocht is airde riamh sa tír seo i mí na Bealtaine nuair a cláraíodh 28.6 céim Celsius ag an stáisiún aimsire ag Aerfort na Sionainne, i gcontae an Chláir
In Ard Fhearta i gcontae Chiarraí a bhí an taifead ar an teocht is airde sa mBealtaine roimhe sin. Cláraíodh 28.4C ansin ar an lá deiridh de mhí na Bealtaine, 1997.
In 1887 i gCill Chainnigh a cláraíodh an teocht ab airde riamh in Éirinn nuair a bhí sé 33.3C ag Caisleán Chill Chainnigh.
Teaspach atá geallta dúinn arís amárach, a bheidh ina lá tirim grianmhar. Beidh an teocht idir 22C agus 29C nó 30 céim Celsius agus sa mheán-iarthar agus i lár tíre is teo a bheidh.
Beidh scaití gréine in áiteanna sa taobh thoir agus sa taobh ó thuaidh den tír seo Déardaoin ach éireoidh sé scamallach agus salachar báistí, brádán agus ceobhrán atá á thuar. Éalóidh an taobh thoir ón bhfliuchán cuid mhaith agus gealfaidh sé arís ón iarthar. Idir 17C agus 24 céim Celsius a bheidh an teocht Déardaoin agus san oirthear is teo a bheidh sé.
Meastar ag an tráth seo go mbeidh sé sách tirim ar an Aoine agus go mbeidh tamallacha gréine againn agus an teocht idir 17C agus 22 céim Celsius, agus an chuid is fearr den teas leis an gcósta thoir. Beidh sé níos fionnuaire sa taobh thiar agus sa taobh thiar ó thuaidh.
Fág freagra ar 'Rabhadh Buí brothaill i bhfeidhm in ocht gcontae agus 30 céim Celsius teochta á thuar'