Bhí ardstiúrthóir TG4, Deirdre Ní Choistín, agus an rámhaí Gaeltachta, Fiona Murtagh, i measc an naonúir ar bronnadh Gradaim Alumni Ollscoil na Gaillimhe orthu ag an deireadh seachtaine.
Bhain Ní Choistín Ard-Dioplóma i gCumarsáid Fheidhmeach amach in Ollscoil na Gaillimhe sna 1990idí, sular thosaigh sí ag obair leis an stáisiún Gaeilge. Tá breis agus 25 bliain caite aici ag obair le TG4 agus ceapadh ina hard-stiúrthóir ar an stáisiún anuraidh í. Bronnadh an Gradam Alumni don Ghaeilge ar Ní Choistín ag ócáid speisialta a bhí ar siúl san ollscoil.
Rámhaí í Fiona Murtagh as Maigh Cuilinn i nGaeltacht na Gaillimhe a bhí san iomaíocht ar son na hÉireann ag na Cluichí Oilimpeacha i dTóiceo in 2021. Bhuaigh sí féin agus a foireann boinn chré-umha, na chéad bhoinn Oilimpeacha a bhuaigh rámhaithe ban na hÉireann riamh. Bhain Murtagh MBA amach in Ollscoil na Gaillimhe in 2023. Bronnadh an Gradam Alumni don Spórt uirthi ag an ócáid bhronnta.
Is iad na daoine eile a bhuaigh gradam ag an deireadh seachtaine: an tOllamh Fran O’Rourke, i rannóg na nDán, na Litríochta agus an Léinn Cheiltigh; Michael Lohan, i rannóg an Ghnó agus na Tráchtála; Katie Mannion, i rannóg an Dlí, an Bheartais Phoiblí, agus na Sochaí; an tOllamh Patrick Farrell, i rannóg na hInnealtóireachta, na hEolaíochta, agus na Teicneolaíochta; an tOllamh James Meaney, i rannóg an Leighis, an Altranais, agus na nEolaíochtaí Sláinte; agus Ruth agus David Mackey, i rannóg na gCeannairí Nua.
Deir Ollscoil na Gaillimhe gur “ceiliúradh ar mhóréachtaí atá bainte amach” ag na buaiteoirí iad na gradaim agus go dtugtar aitheantas do “chéimithe den scoth” a roghnaíodh as pobal alumni na hollscoile “ar fud an domhain”. Tá céim bainte amach ag breis is 145,000 duine ó bunaíodh Ollscoil na Gaillimhe in 1845.
Dúirt urlabhraí de chuid na hollscoile go dtarraingíonn na gradam “aird ar an tsárobair atá déanta” ag na alumni ina réimsí éagsúla féin agus go bhfuil siad tar éis “tionchar nach beag a imirt ag an leibhéal áitiúil, náisiúnta, agus idirnáisiúnta”.
“Ceann de na hócáidí is tábhachtaí i bhféilire na hOllscoile is ea na Gradaim Alumni, áit a dtagaimid le chéile chun ceiliúradh a dhéanamh ar an tionchar ollmhór atá ag ár gcéimithe ar fud an domhain.
“Léiríonn gach duine d’fhaighteoirí na bliana seo tallann, uaillmhian agus luachanna Ollscoil na Gaillimhe, agus táimid an-bhródúil as a gcuid éachtaí. Léiriú is ea rath na bhfaighteoirí seo ní hamháin ar a mbarr feabhais féin ach, anuas air sin, ar a láidre is atá ár bpobal alumni ar fud an domhain, agus nasc an phobail sin leis an Ollscoil,” a dúirt Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe David Burn.
Bhí agóid ar bun taobh amuigh den searmanas bronnta ag an gComhaontas i gCoinne Cinedhíothú, grúpa atá i mbun feachtais in aghaidh an nasc atá ag Ollscoil na Gaillimhe le hIosrael. An tseachtain seo caite, d’impigh an grúpa ar dhaoine gan glacadh leis an ngradam mar gheall ar cheangal na hollscoile le hollscoil taighde agus teicneolaíochta in Iosrael.
Maíonn an grúpa feachtais san ollscoil gur d’fhonn tuilleadh conspóide a sheachaint a chinn an ollscoil gan liosta na mbuaiteoirí a fhógairt roimh ré i mbliana. Blianta eile d’fhógraítí buaiteoirí na ngradam tuairim is mí go leith roimh an mbronnadh agus ansin scaipfí grianghraif ón ócáid bhronnta ina diaidh.
Bhí conspóid anuraidh ann nuair a a dhiúltaigh triúr – an t-aisteoir Olwen Fouéré, an tOllamh Kerby A Miller, agus an scannánóir Margo Harkin – do chéimeanna oinigh dochtúireachta mar gheall ar an mbaint leanúnach atá ag Ollscoil na Gaillimhe leis an institiúid in Iosrael.
Tá an Comhaontú i gCoinne Cinedhíothú tar éis scríobh chuig na buaiteoirí ar fad i mbliana le himpí orthu “teagmháil” a dhéanamh leis an ngrúpa chun “plé a dhéanamh” ar “gach ar féidir a dhéanamh ar son” a fheachtais.
Tá an Comhaontú ag iarraidh ar Ollscoil na Gaillimhe “gach nasc a bhriseadh” le hIosrael – stát a mhaíonn siad a bheith “ciníoch, cinedhíothach agus cinedheighilteach”.
Fág freagra ar 'Gradaim Alumni Ollscoil na Gaillimhe bronnta ar cheannasaí TG4 agus rámhaí Gaeltachta'