Agus mé ag scríobh línte deireanacha mo dhialainne taistil ó Camino na mBonn in 2024, dúirt mé nach raibh mé réidh le Conair Shéamuis Naofa agus gur mhaith liom tabhairt fúithi ar mhuin capaill nó i mbád seoil lá breá éigin.
Tá an lá breá tagtha agus tá mé ar mo shiúlta arís, agus mé ag déanamh ar Santiago de Compostela arís – ar an ‘sean-nós’ an geábh seo, i mbád seoil.
Chuir mé tús le m’aistear ag Séipéal Petroc in Lannwedhenek, ar chósta thuaidh Chorn na Breataine, ar shlí ársa oilithreachta a dtugtar ‘Forth an Syns’ sa gCoirnis uirthi, nó Cosán na Naomh sa teanga Cheilteach s’againn féin.
Agus naoimh na hÉireann ag triall ar an Mór-Roinn san am a caitheadh, ba leasc leo an turas contúirteach mara timpeall Land’s End agus an Lios Ard a dhéanamh – bealach farraige a bhfuil cáil an ghairfin uirthi fós sa Mhílaois seo. Leis an mbaol mór seo a mhaolú, thagadh siad i dtír ag Padstow agus shiúlaidís 44km nó mar sin ó dheas go Fowydh ar chósta theas an Choirn.
Uaidh sin, ghabhaidís ar bord loinge arís trasna Mhuir nIocht go dtí an Eoraip – ag scaipeadh an tSoiscéil nó ag triall ar scrínte na hEorpa. Ar dhuine de na naoimh ba cháiliúla a thug an turas seo, a dtugtar an ‘Land Bridge’ inniu air, bhí Colm Bán (nó Columbanus, mar a thabharfadh an Pápa Leon ina Laidin bhinn air). Ar lorg Cholm Bán a bhí mé féin nuair a shiúil mé trí dhoirse Shéipéal Petroc i dtreo Fowydh.
Anuas ar a chuid farraigí fiáine, tá cáil na gréine ar Chorn na Breataine. Mo léan nach bhfaca mé féin rian di an chéad lá sin ar Forth an Syns. Báisteach ón uair a d’fhág mé slán le Petroc (naomh a thug cuairt ar Éirinn) is a shéipéal ar feadh beagnach cúig uair an chloig ina dhiaidh sin.
Is fearr i bhfad an t-infreastruchtúr don fhánaí/siúlóir/oilithreach sa mBreatain ná mar atá againn féin in Éirinn agus is mór an pléisiúr a bheith ag siúl ar chosáin dhearga trí choillte, garraithe agus bealaí beaga eile. Tá cearta go leor ag an oilithreach talamh a thrasnaíl agus meas ag an bhfeirmeoir agus an t-oilithreach ar a chéile.
Bhí féile ar bun (‘Obby ‘Oss Festival nó ‘Féile an Chapaill Mhaide’) in Lannwedheneck agus mé á fhágáil, ag ardú an chnoic go talamh crochta Nanssans, áit a raibh radharc breá (fliuch) ar thránna agus aillte beaga thuaisceart an Choirn.
Ó tharla gur thosaigh mé mall sa tráthnóna, thart ar leathuair tar éis a ceathair, bhí mé i mo chadhan aonair ar an gCosán an chéad lá sin, cé is moite de chorrshiúlaí as Lannwedhenek a bhí ag déanamh lúibín beag timpeall an bhaile. Bhí na coillte darach agus ceapacha coinnle corra fúm féin agam go dtí gur bhain mé Séipéal Clement in Egloswydhyel amach.
Tá córas iontach i bhfeidhm ar fud na Breataine ag an British Pilgrimage Trust (arbh fhiú é a thabhairt isteach anseo) inar féidir le baill den iontaobhas (mo leithéide féin ar £30) fanacht thar oíche i séipéil agus iad ar oilithreachtaí aitheanta. I Séipéal Clement a bhí duine eile den chriú a bhí ag déanamh ar Fowydh ag fanacht don oíche, ar leaba bheag champála i gcorp an tséipéil. Bhí a fhios agam gur ann a bheadh David ón ngrúpa WhatsApp don chriú a bhí againn agus bhuail mé isteach air. Ba mhór an t-ardú meanman an cupáinín tae a réitigh sé dom sular thug mé aghaidh ar an gcúig chiliméadar dheireanacha a bhí romham an lá sin go Lanneves i gcroílár Chorn na Breataine.
Bhí socrú déanta leis na Meitidistigh in Lanneves fanacht ina séipéal siúd i lár an bhaile sin. Bhí Margaret, feighlí an tséipéil, ann romham leis an áit a oscailt agus cupán tae eile a thabhairt dom. Faraor, bhí an teach chip dúnta (ag 19:30!) faoin am a leaindeáil mé (20:30) agus is beag fonn a bhí ar fhear an tí sa Lanivet Inn dinnéar a réiteach dom agus a chistineach ar tí a dúnta.
Buíochas le Dia (meas tú Dia na gCaitliceach nó Dia na Meitidisteach) bhí anraith circeola agus builín go leor ag Margaret i gcisteanach bheag an tséipéil dom. Ba mhó mo compord ná compord David an oíche sin – é féin ar an urlár i seanséipéal Anglacánach agus mé féin ar cathaoireacha beaga teolaí na Meitidisteach.
Casadh ar a chéile arís muid an lá arna mhárach, agus 20km eile nó mar sin le cur dínn. Bhí iontas orm faoin méid oilithreach eile a chonaic mé an dara lá: grúpa deichniúr a bhí ag bailiú airgid ar son carthanacht Parkinson’s, beirt fhear a shiúlann Cosán na Naomh chuile bhliain, agus go leor eile. Thart ar chúig dhuine dhéag a casadh orm an lá sin agus iad uilig ag déanamh ar Fowydh. Bhí dhá perro-grinos ann ar na ceithre boinn fiú.
Tá an chuid is mó d’oilithreachtaí na hÉireann siúlta agam faoin am seo agus ní dóigh liom go bhfaca mé an oiread sin daoine in aon lá amháin i dTír na Naomh is na nOllúna.
Bhí na cosa ar an dé deiridh agus mé ag tarraingt ar Fowydh, agus ba mhór an faoiseamh an sos beag a thóg mé i Séipéal Shamsóin i nGolnans – áit a bhfuil an-cheangal le hÉirinn tríd an nasc atá aige le hIosóid (a bhí i ngrá le Tristan). Is ann a pósadh Iosóid agus Marcus an Choirn agus tá seanchas go leor san áit. Thaitin an Ceilteachas a chonaic mé ar feadh an bhealaigh – idir logainmneacha Coirnise agus chroiseanna Ceilteacha – go mór liom agus ba i nGolnans ba mhó a d’airigh mé gur i measc mo chomh-Cheilteach a bhí mé. Ar an mballa sa séipéal bhí Paidir an Tiarna i gCoirnis agus thug an bhileog eolais le fios dom gur i gCoirnis a deirtear cuid de na paidreacha ann go minic. I gclós na cille sin bhí na croiseanna is breátha a chonaic mé ó thús na siúlóide, agus an sméar mhullaigh orthu ar fad an tobar beannaithe a bhí lena dtaobh.
Ní raibh ach tuairim is cúig chiliméadar le cur díom i ndiaidh Gholnans agus más go mall féin a rinne mé é, bhain mé ceann scríbe amach ag thart ar a cúig a chlog – 44km ó Shéipéal Petroc go Séipéal Fhionnbharra (Éireannach eile) i bhFowydh. Chaith mé an oíche trasna na habhann sa sráidbhaile beag Porthruwon (nó Poll Ruadháin – Éireannach eile).
Lá arna mhárach, casadh an chuid eile den chriú an Morgenster orm – oilithrigh den chuid is mó a raibh Forth an Syns nó cosáin bheannaithe eile na Breataine siúlta acu agus muid uilig ag déanamh ar Chonair na Sasanach, nó an Camino Inglés sa nGailís.
Ar bord na loinge breá sin atá mé faoi láthair, agus súil againn imeacht leis an lán mara agus an ghaoth aduaidh ag a sé a chlog ar maidin. Ní haon turaisín pléisiúir atá romham – beidh scóid le tarraingt, seolta le crochadh, roth le stiúradh agus tráthanna le faire as seo go ceann sé lá nó go gcuirfidh muid tús arís leis an siúl in A Coruña na Gailíse.
Fowydh – 44km
Fág freagra ar 'Tá an lá breá tagtha agus mé le tabhairt faoi Chonair Shéamuis Naofa i mbád seoil'