‘Coiscéim mhór don chine daonna’ ach cé a chuir caoi ar an leithreas?

An bhfeicfimid criú cosúil le criú Artemis 11 go deo arís?

‘Coiscéim mhór don chine daonna’ ach cé a chuir caoi ar an leithreas?

Má bhí éinne ag cuartú teachtaireacht a raibh brí iomlán contrártha léi is a bhí ag an teachtaireacht a cuireadh chuig an Iaráin an lá cheana, níor ghá breathnú níos faide ná an méid a léirigh criú an ‘Artemis 11’ agus iad ar a dturas stairiúil mórthimpeall na gealaí.

Is teachtaireacht fhísiúil í – níl aon ghá le téacs ná le caint. Ceathrar criú a bhí ar bord an spásárthaigh. Meiriceánach fir, athair singil, fear as Ceanada, fear de dhath agus bean. Ní fhéadfá ceathrar ní ba dhifriúla óna chéile a roghnú dá mbeifeá ag leanacht rialacha dochta an iolrachais.

Ach sin nós a bhfuiltear ag fáil réidh leis faoi láthair. Tá na polasaithe iolrachais a bhí forbartha agus á n-oibriú sna hollscoileanna agus i gcúrsaí gnó á gcaitheamh i dtraipisí go tréan. An bhfeicfimid criú cosúil le criú Artemis 11 go deo arís?

Níl a fhios cé mhéad grianghraf a tógadh díobh roimh a dturas, lena linn agus ina dhiaidh. Tá an chuma ar chuile dhuine acu go bhfuil siad sona agus gealgháireach i ngach aon ghrianghraf. Is léir gur réitigh siad thar cionn lena chéile. Bhí gach duine acu ag súil le castáil lena muintir, lena gcuid páistí agus lena gcairde théis cos a chur ar talamh arís.

Táimid gaibhte chomh mór sin i gcleachtadh ar an droch-chaint, ar na bagairtí, ar na maslaí, ar an drochiompar, gur tháinig sé aniar aduaidh orainn go bhféadfadh dream réiteach lena chéile chomh maith sin, agus nach mbeadh aon duine acu ag iarraidh an ceann is fearr a fháil ar an duine eile, gan trácht ar a bheith naimhdeach ar aon bhealach go poiblí.

Ó tharla mé ag ullmhú chun dul go Meiriceá go luath, agus mé ag tabhairt cuairt ar Stát Carolina Thuaidh, go háirithe, chuir mé an-suim i scéal an spásaire Christina Koch.

Ba í Christina an t-innealtóir a bhí ar an gcriú. Agus nuair a d’fhiosraigh mé fúithi, fuair mé amach gur i Stát Carolina Thuaidh a fuair sí a cuid oideachais tríú leibhéal.

Beidh mé gar go maith do chathair Raleigh agus do na hionaid eile atá luaite go láidir leis an taighde agus an eolaíocht sa stát sin. Go deimhin tá ainm ar leith ar an gceantar sin – ‘An Triantán Taighde’, a bhfuil cathair Raleigh agus Ollscoil Carolina Thuaidh ina ndlúthchuid de, chomh maith le hOllscoil Duke (Durham) agus Ollscoil UNC Chapel Hill.

Tá an láthair thaighde is mó sa tír, Páirc Taighde an Triantáin, suite ar pháirc 7,000 acra talún, an ceann is fairsinge dá cineál i Meiriceá. Tá os cionn 22 milliún troigh chearnach (os cionn dhá mhilliún méadar cearnach) de shaotharlanna taighde lonnaithe ansin.

Ní haon iontas gur bhain Christina Koch a cuid bunchéimeanna, iarchéimeanna agus cáilíochtaí eile amach agus í i mbun staidéir ansin.

Ach rinne sí an iliomad rud éagsúil eile – chomh maith leis an innealtóireacht – sular thug sí aghaidh ar an spás.

Ní raibh Christina Koch ar an saol nuair a leag Neil Armstrong cos ar dhromchla na gealaí. Ba í an bhliain 1969 a bhí ann. ‘Coiscéim bheag d’fhear. Coiscéim mhór don chine daonna,’ a d’fhógair sé.

Bhí lorg na gcoiscéimeanna sin fós le sonrú ar dhromchla na gealaí nuair a ghlac criú an Artemis 11 pictiúr ar a dturas timpeall uirthi.

Nuair a bhí mise ag breathnú ar an teilifís an oíche úd i 1969, ní fhéadfainn a shamhlú go mbeadh bean ina spásaire sinsearach lá éigin na blianta ina dhiaidh sin.

Bhí cleachtadh maith againn ar an bhforlámhas a bhí ag na fir. Ní dhearna muid aon iontas gur fir ar fad a bhí sna chéad spásairí (bhí cáil ar bhean amháin Valentina Tereshkova – ba Shóivéadach í siúd agus níor tugadh mórán eolais dúinn fúithi). Nuair a bhí an tráchtaire Kevin O’Kelly ina shuí sa stiúideo i 1969, agus gan de ‘phrap’ aige ach mionsamhail den spásárthach, ní raibh aon duine ag súil go labhródh sé le bean a bhí ina saineolaí ar chúrsaí spáis. Chonaic mé samhail cheart den chapsúl sin de chuid Apollo 11 a leaindeáil ar na ngealach blianta ina diaidh sa Mhúsaem Spáis in Washington.

D’imigh sin agus tháinig seo. I measc na n-éachtaí atá bainte amach ag Christina Koch tá: an chéad siúl sa spás a rinne scata ban ariamh; an t-achar ab fhaide a chaith bean riamh sa spás (sa Stáisiún Idirnáisiúnta Spáis (ISS)), agus an t-achar ab fhaide ón domhan a bhain sí amach le criú Artemis 11. Is í an t-aon bhean fós a thaistil go dtí an taobh eile den ghealach.

Taobh amuigh dá gairm san innealtóireacht, inar bhain sí an iliomad gradam acadúil amach, bhí rudaí spéisiúla eile ar siúl aici, ach ba rudaí iad a chuideodh le duine ar bith a bheadh ag cuimhneamh ar thamall a chaitheamh ag ciorclú na domhain, nó ar na ngealach féin fiú.

Ó 2004 go 2007, d’oibrigh sí mar thaighdeoir ar Chlár Antartach na Stát Aontaithe, nuair a chaith sí trí bliana sna réigiúin Artacha agus Antartacha. Bliain amháin chaith sí an geimhreadh ag Stáisiún Amundsen-Scott ag an Mol Theas, áit a dtiteann an teocht go dtí -79.4 céim C. Fad is a bhí sí ansin, chaith sí tréimhse leis an bhfoireann dóiteán agus leis na foirne cuardaigh mara agus oighearshrutha. Bí cinnte gur chuidigh an taithí sin ar fad agus an diantraenáil leis na tréithe a bhí aici agus í á réiteach féin don spástaisteal agus do na dúshláin ar fad a bheadh roimpi sa spásárthach nó amuigh ina haonar ar cheann téide sa spás.

Mar dhuine acadúil, tá tréimhsí caite aici ag forbairt ionstraimí don spás-eolaíocht, agus don innealtóireacht i gcéin. Sular thug sí féin faoin spástaisteal b’iomaí ionchur teicniúil a bhí aici ar thurais eile NASA a bhí i mbun staidéir ar an réalteolaíocht agus ar an gcosmeolaíocht.

Chomh maith lena tréimhse san Antartach, chaith sí roinnt séasúr ag stáisiún taighde sa Ghraonlainn, in Alasca agus bhí sí tamall freisin ina ceannasaí ar an Réadlann ar Oileán Samó.

Nuair a léigh mé fúithi i dtosach bhí sé ina ábhar grinn sna nuachtáin go raibh fadhb leis an leithreas ar bord an Artemis 11. Agus go mbeadh sé mar dhualgas ar Christina caoi cheart a chur air.

Ní raibh a fhios agamsa ag an am, ná ag go leor eile déarfainn, go mbeadh an Christina céanna in ann an roth breise a tharraingt amach agus caoi a chur ar an spásárthach féin dá mbeadh gá lena leithéid.

Má chastar orm í i gCarolina Thuaidh, buailfidh mé bleid uirthi agus fiafróidh mé di an raibh an leithreas ag obair i gceart nuair a d’fhág sí an Artemis 11.

Fág freagra ar '‘Coiscéim mhór don chine daonna’ ach cé a chuir caoi ar an leithreas?'