Thug Sinn Féin “powergrab” ó Aire na Gaeltachta ar chinneadh cur le líon na mball a roghnaíonn an tAire féin ar bhord Údarás na Gaeltachta.
Cuireadh bille Údarás na Gaeltachta, a tionscnaíodh chun an toghchán do bhord an Údaráis a thabhairt ar ais, tríd an Dáil aréir ach rinne an freasúra cáineadh ar chinneadh an rialtais gan glacadh le tuilleadh leasuithe air, ina measc moladh go mbeadh baill uile an bhoird tofa ag an bpobal.
Faoin mbille, beidh 16 ball ar an mbord, ardú ón 12 atá i gceist anois. Déanfar deichniúr den 16 a thoghadh agus déanfaidh Aire na Gaeltachta an seisear eile a cheapadh, ardú ón triúr a cheapann sé faoin struchtúr reatha.
Dúirt an Teachta Dála Conor D. McGuinness ó Shinn Féin gur “powergrab i dtreo an Aire” a bhí sa gcinneadh líon na mball ainmnithe a dhúbailt. Dúirt sé gur “cúlú ón ndaonlathas” a bhí ann agus gur iarracht a bhí ann “cumhacht a choimeád ar an Údarás in ionad daonlathas a thabhairt do na pobail Ghaeltachta”.
Bhí páirtí McGuinness ag iarraidh go mbeadh gach ball de bhord an Údaráis tofa agus go dtabharfaí níos mó ionadaíochta a thabhairt do cheantair bheaga Ghaeltachta ach dhiúltaigh an tAire do na moltaí sin.
Faoin struchtúr atá molta, toghfar triúr chun an bhoird ó cheantar Gaeltachta na Gaillimhe, beirt ionadaithe a bheidh ag Dún na nGall agus beidh ionadaí amháin ag na cúig chontae Gaeltachta eile.
Shéan an tAire Dara Calleary an maíomh go raibh iarracht ar bun tuilleadh cumhachta a thabhairt don aire. Dúirt sé gur meascán de bhaill ainmnithe agus de bhaill thofa a bheadh i gceist agus gur trí chomórtas poiblí a cheapfaí na baill ainmnithe, cathaoirleach an bhoird ina measc. “Níl sé ag teacht ó phóca an aire,” a dúirt sé.
Dúirt an tAire Calleary gur theastaigh cumhacht ón aire maidir le baill a cheapadh chun a chinntiú go raibh daoine le saineolas agus “scileanna áirithe” ar an mbord.
I measc na leasuithe eile atá molta ag an rialtas, tá moladh go dtabharfaí cead d’Údarás na Gaeltachta talamh a dhíol nó a thabhairt uaidh chun go dtógfaí tithíocht air ach bhí frustrachas i measc pholaiteoirí an fhreasúra nach raibh an rialtas sásta freagracht níos mó a chur ar an Údarás i dtaobh na tithíochta.
Dúirt an Teachta Rory Hearne, urlabhraí Gaeilge na nDaonlathaithe Sóisialta go raibh sé in am freagracht dhíreach a thabhairt don Údarás i gcúrsaí tithíochta sa nGaeltacht. Dúirt sé go raibh an ghéarchéim thithíochta ina “thubaiste thithíochta sa Ghaeltacht” agus go raibh “tograí nua, fís agus gníomh radacach” ag teastáil chun dul i ngleic leis an bhfadhb. Dúirt sé go raibh an rialtas róchoimeádach i dtaobh na mbealaí go bhféadfadh an tÚdarás tabhairt faoin bhfadhb.
Dúirt an tAire Calleary go raibh “ról tábhachtach” le bheith ag an Údarás i gcúrsaí tithíochta sa nGaeltacht ach nach mbeadh aon ról acu maidir le tithe a thógáil.
“Níl aon taithí ag an Údarás i gcúrsaí tithíochta, níl na scileanna i gcúrsaí tithíochta ag an Údarás,” a dúirt sé.
Dúirt sé gurb iad cúrsaí fostaíochta, cúrsaí teanga agus cúrsaí pobail príomhchuspóirí Údarás na Gaeltachta agus go raibh an baol ann go mbainfí ó na cuspóirí sin dá gcuirfí cúram air maidir le cúrsaí tithíochta.
Dúirt an tAire Calleary go raibh sé sásta tuilleadh plé a dhéanamh ar mholadh ón Teachta Dála nuathofa Seán Kyne go gcuirfí tús le scéim phíolótach ar mhaithe le tithe a thógáil ar shuíomhanna sainaitheanta sa nGaeltacht, scéim go mbeadh an tÚdarás, Uisce Éireann agus na húdaráis áitiúla páirteach inti.
Glacadh le roinnt de leasuithe an Aire gan aon phlé a dhéanamh orthu mar nach raibh aon am fágtha don díospóireacht.
Cuirfear an bille chuig an Seanad anois.
Is in 2020 a gealladh ar dtús go dtabharfaí ar ais an toghchán do bhord an Údaráis. Cuireadh deireadh le toghchán an Údaráis faoi Acht na Gaeltachta, 2012.
Fág freagra ar '‘Cúlú ón ndaonlathas’ agus easpa físe maidir le cúrsaí tithíochta sa nGaeltacht curtha i leith an rialtais'