Paiste cainte ag Helen Ní Shé le…Dáithí Ó Sé: ‘Beidh mé leathchéad an tseachtain seo chugainn, níor thuigeas cad a bhí agam go dtí go bhfágas an Ghaeltacht’

I dteannta Helen ar an eagrán is déanaí de ‘Paiste cainte le Helen Ní Shé…’ tá an craoltóir cáiliúil Daithí Ó Sé a bheidh ag ceiliúradh an leathchéid an tseachtain sin. Labhraíonn siad faoin gcloch mhíle sin agus go leor leor eile

Paiste cainte ag Helen Ní Shé le…Dáithí Ó Sé: ‘Beidh mé leathchéad an tseachtain seo chugainn, níor thuigeas cad a bhí agam go dtí go bhfágas an Ghaeltacht’

Mar láithreoir ar an Today Show agus comórtas Rós Thrá Lí, tá Dáithí Ó Sé ó Ghaeltacht Chorca Dhuibhne ar dhuine de na craoltóirí is cáiliúla sa tír le fada. Beidh breithlá mór ag Dáithí an tseachtain seo chugainn agus é 50 bliain d’aois. Ar an eagrán is déanaí de ‘Paiste cainte le Helen Ní Shé…’ labhraíonn sé le Helen faoi sin agus faoi go leor eile.

Pléann Dáithí a chuid oibre agus na suáilcí agus duáilcí a bhaineann léi, an t-athrú atá tagtha ar Fhéile Rós Thrá Lí, an tábhacht a bhaineann leis an nGaeltacht dó, a mhuintir agus an oidhreacht a d’fhág a thuismitheoirí aige. Tráchtann sé ar bheith ina ‘agony aunt’ agus a ‘style icon’ agus faoin gcinneadh a dhein sé nuair a bhí sé ag éirí maol go ndéanfadh sé rud éigin faoi.

Fág freagra ar 'Paiste cainte ag Helen Ní Shé le…Dáithí Ó Sé: ‘Beidh mé leathchéad an tseachtain seo chugainn, níor thuigeas cad a bhí agam go dtí go bhfágas an Ghaeltacht’'