Ó DHÚCHAS: An Chincís agus an leigheas ar bhó a bheadh ag cur amach a bundúin

As príomhbhailiúchán lámhscríbhinní Bhéaloideas Éireann - aon phioc a bheirtear faoi Chincís, aon chlann nó searrach, deir siad go bhfuil an marú iontu, go maróidh siad duine éigin

Ó DHÚCHAS: An Chincís agus an leigheas ar bhó a bheadh ag cur amach a bundúin

Ní bhearrtar aon chaora

Aon phioc a bheirtear faoi Chincís, aon chlann nó searrach, deir siad go bhfuil an marú iontu, go maróidh siad duine éigin. Ní mór ortha a chur ar a son.

Níl ach a sé nó a seacht de bhlianta ó bhí mise i dteach agus rugadh clann óg ann faoi Chincís, Luan Cincíse. Chuir mé an ortha di. Chuireas trí phinsín den chré os a cionn in ainm an athar, an mhic agus an spioraid naomh.

Leag muid ar an urlár í agus dhein muid uaigh bheag i mála di agus leag muid isteach san uaigh bheag í. Chuir mise trí phinsín den chré uirthi in ainm an Athar, agus an Mhic agus an Spioraid Naomh.

B’in í an ortha a dhein mé.

Ortha eile is féidir a dhéanamh í seo.

Cearc a mharú agus comhartha na croise a dhéanamh ar an bpáiste leis an bhfuil in ainm an Athar agus an Mhic agus an Spioraid Naomh. 

a bheadh ag cur amach a bundúin:

Sé’n leigheas atá air sin srathair an chapaill a chur ar an mbó contráilte, ceann na srathrach a bheith siar.

Capall na Coise Báine:

Deir siad nach maródh aon chapall a mbeadh cos bhán uirthi aon duine choíchin dá mbeirtí faoi Chincís féin í.

Deargadh Talún

Ní ceart aon deargadh talún a dhéanamh Luan Cincíse ná ní ceart aon uaigh a oscailt ar an lá céanna mura ndéantar fód den uaigh a bhaint an oíche roimhe sin. Bíonn an scéal céanna fíor faoin Nollaig Bheag – Lá Nollag Beag – ní dhéantar aon deargadh talún ar an lá sin ach oiread.

Lámh an Duine Mhairbh:

An té a dhéanadh an chuigeann bheadh sé a’ casadh lámh an duine mhairbh thíos in sa gcuinneog agus an rann seo dhá aithris aige:

‘Bailigh go baileach é

Bailigh go rathúil

Tabhair do chuid féin

Agus cuid na ndaoine eile leat.’

Coisreacan na

[Nuair a bhíonn an bhó tar éis lao a bhreith]

Déanann muid an bhó a choisreacan fós go dtí an lá inniu théis lao a bhreith. Beirt a bhíonn dhá dhéanamh. Bíonn coinneal céarach ina láimh ag duine againn. Seasann sé ar an taobh abhus (ar dheis) don bhó agus seasann an comrádaí ar an taobh thall di.

Lasann sé an choinneal agus síneann sé ag an gcomrádaí í os cionn ruball na bó in ainm an Athar, an Mhic agus an Spioraid Naomh. Beireann a chomrádaí ar an gcoinneal agus síneann sé anall aríst í faoi úth na bó in ainm an Athar, an Mhic agus an Spioraid Naoimh.

Déantar an choinneal a shíneadh anonn is anall ar an nós sin trí huaire agus deirtear in ainm an Athar, an Mhic agus an Spioraid Naoimh in aghaidh gach uaire. An té a lasanns an choinneal sé a mhúchanns í nuair a bhíonns an coisreacan thart. Beidh rath ar an lao agus ar an mbó fhéin ansin.

Méirí Nic Mhathúna a d’inis do Sheán Ó Flannagáin An Fhiacail i gContae an Chláir

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: An Chincís agus an leigheas ar bhó a bheadh ag cur amach a bundúin'