Tá Edel Ní Churraoin, duine de bhunaitheoirí Fhéile na Gealaí agus Gearóid Ó Murchú, ón mbanna Na Fíréin, in éindí le criú An Pod Gaeilge an tseachtain seo le ceiliúradh a dhéanamh ar an bhféile cheoil Ghaelach i Ráth Chairn.
Pléann siad stair na féile agus conas mar a d’fhás sí 10 mbliana ó shin as teip ‘Ravelóid’, iarracht mórfhéile cheoil a chur ar bun i nGaeilge do chomóradh 100 bliain Éirí Amach na Cásca. Cuimhníonn Edel ar na laethanta luatha sin nuair ba leoraí páirceáilte le fána agus dréimire suas chuig an stáitse a bhí acu.
Pléitear an tábhacht a bhaineann le tearmann teanga amhail Féile na Gealaí do dhaoine óga go háirithe agus cén fáth go mothaíonn tú gur ‘ag dul isteach ar oileán’ atá tú nuair a leaindeálann tú ag an bhféile.
Cuimhníonn Gearóid siar ar an gcéad ghig ag Na Fíréin ag an bhféile Rac a hAon a reáchtáladh i Ráth Chairn agus ar fhilleadh ar Ghaeltacht na Mí 30 bliain níos déanaí chun seinm ag Féile na Gealaí.
Cuimhnítear chomh maith ar dhuine de laochra mór an cheoil agus na nGael, Rónán Mac Aodha Bhuí, a thug an-spreagadh do lucht bunaithe Fhéile na Gealaí. Bhí Rónán i láthair ag Rac a hAon i 1984 agus gan é ach 14 bliain d’aois. Deireadh sé i gcónaí gur “athraigh sé a shaol”.
Beidh Féile na Gealaí 2026 ar siúl ar an 5-6 Meitheamh i Ráth Chairn i gcontae na Mí.
Fág freagra ar 'AN POD GAEILGE: ‘Plean teanga? Sí an fhéile an plean teanga!’ – 10 mbliana d’Fhéile Na Gealaí'