Fair play don Phápa Leo, b’fhiú do cheannairí rialtais an domhain éisteacht leis faoin AI

Gan dabht is féidir le AI aithris a dhéanamh ar thréithe daonna ach ní bheidh aithris ar comhchéim go deo le fíormhothú ná le fíormhoráltacht 

Fair play don Phápa Leo, b’fhiú do cheannairí rialtais an domhain éisteacht leis faoin AI

Níl aithne ag an bPápa, ag fidléir as Gaoth Dobhair agus ag príomhfheidhmeannach Spotify ar a chéile. Is samhailteach an tsnaidhm eatarthu ach léiríonn sé éirim an cholúin seo.

D’eisigh an Pápa Leo imlitir faoin Intleacht Shaorga nó AI Dé Luain. Tá an phríomhpháirt ag Megan Nic Fhionnghaile sa scannán Trad a chonaic an scríbhneoir seo an lá dár gcionn. D’fhógair Alex Norström ó Spotify an tseachtain seo caite go mbeidh úsáideoirí na seirbhíse ábalta feasta amhráin a athrú agus a athmheascadh mar is mian leo.

Is lena sárfhidléireacht agus lena haisteoireacht láidir a d’fhág Megan Mic Fhionnghaile a lorg dodhearmadta ar Trad. Spreag an scannán machnamh, áfach, ar fhéidearthacht ghránna a d’eascair as léamh imlitir an Phápa.

Abair go n-úsáidfí an Intleacht Shaorga chun leas a bhaint as an ardchumas mar veidhleadóir a léiríonn Megan i Trad i scannán eile. Nó go n-úsáidfí é chun ábhar ceolmhar eile a chur ar an margadh nó ar na meáin shóisialta lena neamhchead. Nó i leagan athraithe nó athmheasctha dá saothar den chineál atá Spotify a chur ar fáil lena seirbhís nua.

Ní foláir a rá gur thug Alex Norström le fios nach gceadódh Spotify úsáid AI chun saothar a athrú gan cead na n-amhránaithe (níor thagair sé do cheoltóirí) a fháil roimh ré. Bí cinnte áfach nach gcuirfidh neamhchead comhlachta amháin bac iomlán ar an mí-úsáid a éascaíonn an teicneolaíocht nua.

Le cúnamh Dé, mar a déarfadh an Pápa Leo, ní dhéanfar bradaíocht ar Megan ná ar na ceoltóirí breátha eile a chloistear ag seinm go binn i Trad. Ach tá contúirt níos leithne agus níos doimhne pléite go tomhaiste ag an bPápa ina imlitir Maginifica Humanitas (An Daonnacht Iontach).

B’fhiú do pholaiteoirí ar fud an domhain a shaothar a léamh, go háirithe toisc í a bheith bunaithe ar admháil thábhachtach. Ní thuigeann duine ar bith go hiomlán, a deir an Pápa Leo, conas a oibríonn ná a oibreoidh córais na hIntleachta Saorga. San áireamh ansin, dar leis, dearthóirí na gcóras.

Tá rialtais ar fud an domhain ag glacadh leis nach féidir stop a chur le leathadh na gcóras nua. Glacann siad leis freisin, mar a dúirt an Taoiseach sa Dáil Dé Máirt, go n-athróidh úsáid na hintleachta saorga saol na hoibre agus go scaoilfear oibrithe chun siúil dá barr.

Bhí an cheist a chuir Ivana Bacik ó Pháirtí an Lucht Oibre air dírithe ar chailliúint jabanna – an t-ábhar is mó a tharraingítear anuas agus AI á phlé sa Dáil.

Ní nach ionadh má bhreathnaítear ar líon na n-oibrithe teicneolaíochta ar dúradh leo le mí anuas go mbeidís as obair: 700 oibrí in ionad Covalen i mBaile Átha Cliath, 350 i Meta agus 150 in Oracle.

Ní hionann sin agus a rá go mbeidh na hoibrithe sin díomhaoin ar feadh i bhfad. Is é bun agus barr an scéil áfach nach eol do rialtas ar bith ar domhan cé mhéad oibrí san earnáil teicneolaíochta a scaoilfear chun siúil mar gheall ar AI, ná cé mhéad a aimseoidh postanna nua.

Tá an oiread teic-oibrithe ardoilte sa tír gur chóir go mbeadh Éire ábalta tairbhe a bhaint as an athrú réabhlóideach atá ar bun, mar a dúirt Micheál Martin sa Dáil. Ach arís ní heol do rialtas i dtír ar bith an sochar níos mó ná dochar a chuirfidh an teic-réabhlóid i gcrích.

Tugann an Pápa ‘an ceathrú réabhlóid thionsclaíoch’ ar an athrú ar chórais oibre atá ar bun agus romhainn. Tá cur síos ina imlitir ar bhuanna na gcóras nua teicneolaíochta: a gcumas mear-aimsiú agus mearmheasúnú faisnéise, mearchomhaireamh agus cíoradh figiúirí, cuardach na meán agus bailiú eolais faoi réiteach fadhbanna.

Tá cur síos soiléir san imlitir freisin ar na tréithe ar cuid bhunúsach d’intleacht an duine iad ach nach mbainfidh ‘intleacht’ shaorga amach go deo. Ní mhothaíonn intleacht shaorga pian, mar shampla. Ná grá, ná cairdeas, ná freagracht. Níl coinsias ag intleacht shaorga ná tuiscint ar mhaith ná ar olc.

D’fhéadfaí a rá gan dabht nach bhfuil sna habairtí thuas ach cur síos ar an bhfírinne atá soiléir do chách. Fágann léirmheas dá leithéid áfach cuid eile den fhírinne as an áireamh: tá go leor den áibhéil, den chur i gcéill agus den mhíthuiscint ag baint leis an bplé ar an Intleacht Shaorga.

Ní foláir cuimhneamh i gcónaí nach intleacht dhaonna atá i gceist is cuma cén cineál áibhéil a chloistear i mbolscaireacht na gcomhlachtaí nó i dtuairisceoireacht gháifeach sna meáin.

Gan dabht is féidir le AI aithris a dhéanamh ar thréithe daonna ach ní bheidh aithris ar comhchéim go deo le fíormhothú ná le fíormhoráltacht.

Deirtear in imlitir an Phápa Leo go bhfuil dualgas ar pholaiteoirí an teicneolaíocht a dhíriú ar an leas coitinn. Ní foláir na córais nua teicneolaíochta a rialáil ar bhonn idirnáisiúnta chun tacú le caighdeáin a thabharfaidh tús áite do dhínit an duine, d’fhorbairt chothrom agus do chaomhnú síochána.

Is treise tábhacht na bprionsabal a mholann an Pápa má chuimhnítear ar neamhthoil an Uachtaráin Trump rialacha ar bith a chur i bhfeidhm maidir le leathadh AI. Rud a dhúisíonn deis agus dualgas araon do rialtas na hÉireann.

Is ar éigean a athróidh Donald Trump a thuairim sara n-éireoidh sé as oifig i mí Eanáir 2029. Mar sin féin b’fhiú don rialtas comhoibriú le rialtais eile chun conradh nua idirnáisiúnta a chuirfeadh úsáid na hIntleachta Saorga a rialáil ar bhonn caighdeán amach anseo.

Dúisíonn an éiginnteacht maidir le húsáid AI in Éirinn ceist níos práinní. D’úsáid ionaid sonraí fiche faoin gcéad d’aschur leictreach an stáit in 2024 de réir áirimh a rinne Eirgrid.

Tá dlús á chur i gcónaí le tógáil ionad sonraí nua. Meastar go mbeidh an tríú cuid dár soláthar leictreachais á alpadh acu faoi cheann deich mbliana.

An fiú an tairbhe an costas agus an brú ar an gcostas leictreachais idir an dá linn?

Fág freagra ar 'Fair play don Phápa Leo, b’fhiú do cheannairí rialtais an domhain éisteacht leis faoin AI'