Beidh bainisteoir na hIarmhí, Mark McHugh i bhfad óna phaiste dúchais an deire seachtaine seo agus cuid againn ag triall ar Chill Chartha do Chomórtas Peile na Gaeltachta.
Beidh an cluiche idir an Ghaeltacht agus Naomh Abán ar tí tosnú sa Tamhnaigh agus tráth an ama céanna sa Mhuileann gCearr beidh a fhios ag an Iarmhí go bhfuilid síos go gunaill agus iad ag teannadh le leath am ina gcluiche siúd leis an gCabhán.
Deirim an méid sin bunaithe ar fhianaise chluichí an deire seachtaine seo caite ag na curaithe cúige, Ciarraí agus Ros Comáin. Bhí tuairimíocht le fada go raibh buntáiste ag an té a bhí ag feitheamh is as faire is ag foghlaim an chúrsa sa bhféar fada tiubh i gcomparáid leo siúd a bhí ag teacht amach as fheachtaisí maithe cúige.
Ní dóigh liom go raibh aon bhaint ag iarsma na mbuanna cúige le taispeántas leacht Chiarraí sa dara leath Dé Sathairn seo caite agus go deimhin, d’fhéadfaí treascairt Ros Comáin a lua le scamhadh agus le fonn Thír Eoghain seachas le haon dríodar salach i gcuisle Ros Comáin.
Tráthnóna inniu, áfach, i bPáirc Chíosóig sa Mhuileann gCearr, beidh an áit truncálta, beidh muintir na háite ag súil le breis agus caithfidh foireann na hIarmhí féin bheith ana aireach ar fad d’fhonn is ná caillfeadh an cearrbhach. Is deacair na nótaí céanna a bhualadh nuair nach tú atá ag fiach a thuilleadh.
Thar aon fhoireann eile sa chraobh, n’fheadar an raibh oiread feithimh le déanamh ag aon fhoireann is a bhí ag an gCabhán tar éis do Mhuineachán iad a chloí cúig seachtaine ó shoin ar an 19ú Aibreán i gCluain Eois. Is fada an aga é a bheith ag feitheamh agus cé nach ar chosa laga a bhíodar ag feitheamh, isé an dúshlán a bheidh roimis an Chabháin tráthnóna ná dul guaille ar ghuaille agus buille ar bhuille le líne leath cúil na hIarmhí- an captaen Ronan Wallace, Shane Allen agus Matthew Whittaker a d’aimsigh naoi bpointe eatharthu i gcoinne Átha Cliath i gcluiche ceannais Laighean. Ní beag san nuair a smaoinítear nár aimsigh líne leath tosaigh an Chabháin, Emmanuel Shehu, Oisin Brady agus Ciarán Brady ach cúig phointe in aghaidh Mhuineacháin.
Má tá aon bhuntáiste beag amháin ag bainisteoir an Chabháin, Dermot McCabe, tá go bhfuair sé éachtaint ana mhaith ag chumas agus ar mhianach imreoirí na hIarmhí agus é ina bhainisteoir i lár tíre anuraidh. Sa mholadh ar fad a fuair Mark McHugh as Tír Tairngre a shroichint leis an Iarmhí coicíos ó shoin, deineadh faillí ar iarrachtaí McCabe a thug tréimhse fhada bliana ag saighdiúireacht agus ag iarraidh dul chun cinn a dhéanamh leis an mbuíon chéanna imreoirí. Bhí McCabe mí-ámharach níos minicí ná a mhalairt ach ins an mholadh a tugadh d’imreoirí na hIarmhí tar éis a mbua i gcraobh Laighean, bhí cáineadh fé cheilt do McCabe agus an tuiscint ann ná raibh cuid acu aclaí a ndóthain chun an cúram a dhéanamh i 2025. Cur san anuas ar bhearnaí teaicticiúla a luadh níos mó ná babhta amháin agus chífir go bhfuil spreagadh ann d’fhoireann an Chabháin ach ní dóigh liom gur leor é chun sodar na hIarmhí a stop.
Tógfaidh sé iarracht mhíorúilteach ó Dhoire chun Ard Mhacha a chur dá mbuille i bPáirc an Lúthchleasaíochta tráthnóna. Bhí oiread in imirt Ard Mhacha sa tréimhse ama breise i gcluiche ceannais Uladh coicíos ó shoin go mbeifeá tógtha leis. Ní lú ina measc sin, a gcumas an fuinneamh agus an ghaoth a bhaint amach as sheolta Mhuineacháin sa tréimhse sin. Bhí smacht iomlán ag Ard Mhacha ar an imirt san am breise, iad ag aimsiú 1-7 le pointe suarach amháin ag Muineachán. Baineann an greim sin a bhí ag Ard Mhacha ar rithim agus éirim na himeartha leis an dtaithí atá acu- taithí a fhágann seasmhach, socair iad in am an ghátair. Cabhraíonn sé, chomh maith, gan dabht, go bhfuil ionadaithe ar nós Rory Grugan, Oisín O’Neill agus Ross McQuillan, go háirithe acu chun an stiúir agus an cúrsa a choimeád i bhfarraigí suaite.
Raghaidh Doire ag fiach ar chic amach Blaine Hughes ach ní bheinn ag súil go mbeidh rith an ráis leo mar a bhí le Muineachán sa tréimhse ceithre nóimeat sin idir 56 agus 60 nóimeat inar éirigh leo seacht bpointe a aimsiú ó chúig chic. Níl an speach ná an inniúlacht san i nDoire fé láthair- nó ar a laghad, níl aon fhianaise againn go dtí seo i mbliana go bhfuil.
Sa chaint ar fad fé chiceanna éachtacha Rory Beggan agus Jack McCarron i dtús na míosa, tá dearmad glan déanta ar an dteip tubaisteach a bhí ar mhisneach Dhoire sa dara leath tar éis dóibh bheith 10 bpointe chun cinn ag leath am agus aríst isteach sa dara. Ní tharlódh san d’fhoireann atá istigh leo féin agus ainneoin dícheall Conor Glass, Niall Loughlin, Shane McGuigan agus Lochlann Murray, ní haon áit é Páirc na Lúthchleasaíochta tráthnóna Sathairn d’fhoireann ná fuil istigh leo féin
Fág freagra ar 'Tógfaidh sé iarracht mhíorúilteach ó Dhoire chun Ard Mhacha a chur dá mbuille'