GAILEARAÍ: Amhráin, ceol agus cuimhní cinn ag Féile Joe Éinniú agus iad ag ceiliúradh 40 bliain

Bhailigh idir shean agus óg le chéile i gCarna ag tús na míosa d'Fhéile Joe Éinniú agus iad ag ceiliúradh 40 bliain ar an bhfód. Bunaíodh an fhéile i 1986 i gcuimhne ar an amhránaí sean-nóis mór le rá, Joe Éinniú, le comóradh a dhéanamh ar a oidhreacht agus le traidisiún na hamhránaíochta ar an sean-nós a cheiliúradh agus a thabhairt ar aghaidh go dtí an chéad ghlúin eile. Pictiúir: Cathal Ó Cuaig

GAILEARAÍ: Amhráin, ceol agus cuimhní cinn ag Féile Joe Éinniú agus iad ag ceiliúradh 40 bliain
Micheál Ó Cuaig, Pádraic Mac Donnacha agus Sarah Ghriallais ag Comórtas na nÓg le linn Fhéile Joe Éinniú i gCarna. Bhuaigh Pádraic an chéad áit faoi 18 bliain d’aois agus thug sé leis Corn Shiobhán Uí Neachtain

 

Micheál Ó Cuaig ag bronnadh Corn Shiobhán Uí Neachtain ar Phádraic Mac Donnacha ag Comórtas na nÓg le linn Fhéile Joe Éinniú i gCarna. Bhuaigh Pádraic an chéad áit faoi 18 bliain d’aois

 

Breanndán Ó Beaglaíoch ag tabhairt cuairt ar an Taispeántas Pictiúir ag ceiliúradh dhá scór bliain de Fhéile Joe Éinniú i gCarna. Bhí an taispeántas ar siúl i siopa Tigh Mhóráin ar feadh na deireadh seachtaine

 

Julia Mary Ní Dhubháin i mbun Ceardlann Damhsa ar an Sean Nós le linn Fhéile Joe Éinniú i gCarna ar an Satharn 2ú Bealtaine

 

Micheál Ó Cuaig agus Bairbre bn. Uí Mhaoilchiaráin ag Oscailt Oifigiúil Fhéile Joe Éinniú i gCarna ar an 1ú Bealtaine

 

Bairbre bn. Uí Mhaoilchiaráin (neacht le Joe Éinniú) agus Dr. Róisín Nic Dhonncha ag Oscailt Oifigiúil Fhéile Joe Éinniú i gCarna ar an 1ú Bealtaine

 

Dr. Lilis Ó Laoire agus Micheál Ó Conghaile ag Oscailt Oifigiúil Fhéile Joe Éinniú i gCarna ar an 1ú Bealtaine

 

Johnny Mháirtín Learaí Mac Donnacha agus Breanndán Ó Beaglaíoch ag Oscailt Oifigiúil Fhéile Joe Éinniú i gCarna ar an 1ú Bealtaine

 

Frank Spiers, Thomas McCarthy agus Micheál Ó Gionnáin ag Oscailt Oifigiúil Fhéile Joe Éinniú i gCarna ar an 1ú Bealtaine

 

Bríd Ní Mhaoilchiaráin (garneacht le Joe Éinniú) ag déanamh bronnadh ar Mhicheál Ó Cuaig mar aitheantas ar a shaothar dhá scór bliain ag reachtáil na Féile mar chuid de Oscailt Oifigiúil Fhéile Joe Éinniú i gCarna ar an 1ú Bealtaine

 

Ag baint taitneamh as an taispeántas físe agus fuaime ag ceiliúradh dhá scór bliain den fhéile ag Féile Joe Éinniú i gCarna ar an 1ú Bealtaine

 

Ag baint taitneamh as an taispeántas físe agus fuaime ag ceiliúradh dhá scór bliain den fhéile ag Féile Joe Éinniú i gCarna ar an 1ú Bealtaine

 

Na hamhránaithe Màiri Callan agus Thomas McCarthy in éindí le hÁine Ní Chuaig ag Ceolchoirm Mhór na Féile ag Féile Joe Éinniú i gCarna ar an 2ú Bealtaine. Pictiúr: Micheál Ó Gionnáin

 

Na ceoltóirí Cillian Boyd agus Paddy Glackin ag baint sult as an aimsir bhreá le linn Fhéile Joe Éinniú i gCarna. Pictiúr: Áine Ní Chuaig

 

Christina Lowry, Lynn Hill agus Emer O’Regan ag tabhairt cuairt ar an Taispeántas Pictiúir ag ceiliúradh dhá scór bliain de Fhéile Joe Éinniú i gCarna. Bhí an taispeántas ar siúl i Siopa Tigh Mhóráin. Pictiúr: Áine Ní Chuaig

 

Cuairt ar uaigh Joe Éinniú i Reilig Mhaírois le linn Fhéile Joe Éinniú i gCarna. Ó chlé – Kevin Breathnach, Micheál Breathnach, Tommy Breathnach, Seán Breathnach, Stephen Breathnach, Néillidh Ó Maolagáin. Chun tosaigh – Dr. Róisín Nic Dhonncha, Bríd Ní Mhaoilchiaráin, Eileanóir Bhreathnach. Pictiúr: Áine Ní Chuaig

 

Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Amhráin, ceol agus cuimhní cinn ag Féile Joe Éinniú agus iad ag ceiliúradh 40 bliain'