‘An páiste nach bhfuil cead aige é féin a chur in iúl ina chéad teanga, tá sé faoi mhíbhuntáiste breise’

Ceistíodh an tAire Oideachais Paul Givan maidir leis na seirbhísí atá ar fáil do pháistí a bhfuil an Ghaeilge mar chéad teanga acu agus a bhfuil tástálacha ADHD nó uathachais á n-éileamh acu 

‘An páiste nach bhfuil cead aige é féin a chur in iúl ina chéad teanga, tá sé faoi mhíbhuntáiste breise’

Pléadh i Stormont an tseachtain seo an freastal atá á dhéanamh ar pháistí atá á dtógáil le Gaeilge agus a bhfuil tástálacha ADHD [Neamhord Hipirghníomhaíochta an Easnaimh Airde] nó uathachais de dhíth orthu.

An t-iar-aire cultúir de chuid Shinn Féin, Carál Ní Chuilín, a cheistigh an tAire Oideachais Paul Givan maidir leis na seirbhísí atá ar fáil do pháistí a bhfuil Gaeilge ina céad teanga acu agus a bhfuil tástálacha ADHD nó uathachais de dhíth orthu.

Cé go ndúirt an tAire Paul Givan ar dtús nach raibh aon bhaint ag a roinn féin leis na tástálacha sin, a bhíonn á riaradh ag an Roinne Sláinte, ghéill sé nuair a ceistíodh arís é gur ceist dá roinn a bhí ann fosta.

Dúirt Ní Chuilín go raibh cur chuige “ildisciplíneach” de dhíth le freastal mar is cóir ar pháistí sa chóras oideachais ag a bhfuil riachtanais speisialta, agus go raibh gá le seirbhís oiriúnach a chur ar fáil do pháistí atá á dtógáil le Gaeilge.

“An páiste nach bhfuil cead aige é féin a chur in iúl ina chéad teanga, tá sé faoi mhíbhuntáiste breise. Iarraim ort do mhachnamh a dhéanamh arís ar an ábhar seo,” a dúirt sí.

Dúirt Givan go raibh ceist “suntasach” ardaithe ag Ní Chuilín, agus go raibh sé “tábhachtach” go ndéileálfadh an Roinn Oideachais agus an Roinn Sláinte leis an ábhar.

Dúirt Givan go ndéantar “iarrachtaí, nuair is féidir” síceolaithe oideachais a bhfuil Gaeilge acu agus “taithí acu ar an dátheangachas” a chur ar fáil do pháistí in earnáil an Ghaeloideachais.

Thug Givan le fios chomh maith go raibh a Roinn ag obair le Comhairle na Gaelscolaíochta ar athbhreithniú ar an soláthar do riachtanais speisialta in earnáil an Ghaeloideachais ó thuaidh.

Ar ábhar eile a bhaineann leis an Ghaeloideachas, dúirt Givan go raibh an plean scoil nua a thógáil do Ghaelscoil Uí Néill, in Oileán an Ghuail i dTír Eoghain “réidh le tógáil” ach maoiniú caipitil a chinntiú do 2024-2025.

Dúirt Givan nach bhféadfadh sé “geallúint iomlán” a thabhairt faoi cén uair go gcuirfí tús leis an tógáil mar gheall ar cheist an mhaoinithe ach go raibh an plean do scoil nua Ghaelscoil Uí Néill, ag na ‘céimeanna deiridh’.

Tá Gaelscoil Uí Néill, a bunaíodh i 1994, agus a bhfuil 130 páiste ag freastal uirthi, ag feidhmiú i mbotháin le 30 bliain.

Fág freagra ar '‘An páiste nach bhfuil cead aige é féin a chur in iúl ina chéad teanga, tá sé faoi mhíbhuntáiste breise’'