Imní ar cheannasaí Fhoras na Gaeilge go bhfágfaidh sáinn Stormont an eagraíocht ar an trá fholamh

Tá imní léirithe ag Príomhfheidhmeannach an Fhorais, Seán Ó Coinn, faoin tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an tsáinn pholaitiúil ar bhuiséad na heagraíochta tráth a bhfuil maoiniú breise fógartha do na mór-eagraíochtaí stáit Gaeilge eile

Imní ar cheannasaí Fhoras na Gaeilge go bhfágfaidh sáinn Stormont an eagraíocht ar an trá fholamh

Ábhar buartha d’Fhoras na Gaeilge na deacrachtaí atá á gcruthú ag an tsáinn pholaitíochta ó thuaidh don eagraíocht trasteorann.

Fógraíodh inné go raibh Rialtas na Breataine le síneadh ama go dtí mí Eanáir seo chugainn a thabhairt do na páirtithe polaitíochta ó thuaidh le teacht ar réiteach chun Feidhmeannas Stormont a thabhairt ar ais.

Tá sé ina imní dá bharr go mbeidh srianta ar Fhoras na Gaeilge go ceann bliana eile ar a laghad agus go bhféadfadh nach mbeidh aon ardú ar mhaoiniú na heagraíochta arís tar éis an chéad Bhuiséid eile.

Tá imní léirithe ag Príomhfheidhmeannach an Fhorais, Seán Ó Coinn, faoin tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an tsáinn ar bhuiséad na heagraíochta agus é buartha go bhféadfadh Foras na Gaeilge a bheith fágtha ar an trá fholamh maidir le maoiniú stáit.

“Tá méaduithe móra déanta ar bhuiséid na mór-eagraíochtaí stáit Gaeilge uilig, Údarás na Gaeltachta, an Coimisinéir Teanga, agus TG4, ach ní féidir sin a dhéanamh i dtaca le Foras na Gaeilge de, gan comhaontú ó Rialtas Stormont agus an CATT [an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas],” a dúirt Ó Coinn le Tuairisc.

Thug Aire Stáit na Gaeltachta Patrick O’Donovan le fios le gairid go bhfuil €700,000 breise ceadaithe ag a Roinn don Chomhoibriú Thuaidh-Theas, maoiniú a bhféadfadh Foras na Gaeilge leas a bhaint as.  Ach dúirt an tAire Stáit O’Donovan nach féidir an t-airgead sin a dháileadh toisc nach féidir an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas a thabhairt le chéile ceal Feidhmeannais ó thuaidh.

Deir Seán Ó Coinn go bhfuil an Foras “go mór i dtuilleamaí” dhea-eagrú na struchtúr thuaidh theas chun go bhfeidhmeoidh an eagraíocht i gceart. A fhad is nach bhfuil na struchtúir sin ag obair, is deacra atá sé ag an bhForas a dhualgais a chomhlíonadh, a deir sé.

Dúirt sé, mar shampla, go raibh ainmniúchán triúir ar Bhord an Fhorais curtha ar athló toisc nach raibh CATT ag feidhmiú.

Mhaígh Ó Coinn go bhfágann cúrsaí mar atá nach féidir le Foras na Gaeilge mórán pleanála a dhéanamh don todhchaí.

“Faoi láthair, tá maoiniú breise curtha ar fáil ag an rialtas ó dheas d’Fhoras na Gaeilge, agus do chuid de na Ceanneagraíochtaí a gcuireann Foras na Gaeilge maoiniú bliantúil ar fáil dóibh, ach caithfidh an maoiniú sin a bheith caite taobh istigh den bhliain agus ní féidir, dá réir sin, pleananna meántéarmacha a bhunú air.

“Má bhíonn buiséad eile ó dheas roimh athbhunú na struchtúr ó thuaidh, gach seans go leanfar leis an chur chuige sin, mura ndéantar socrú ar leith idir an rialtas ó dheas agus Rialtas na Breataine. Ní féidir a rá go cinnte go mbeadh rialtas ó thuaidh ag iarraidh cur le maoiniú Fhoras na Gaeilge, go háirithe sa chomhthéacs reatha eacnamaíochta.

“Is ábhar buartha é sin d’Fhoras na Gaeilge go mbíonn níos lú le caitheamh bliain i ndiaidh bliana ar chur chun cinn na Gaeilge i measc an phobail, nuair atá méadú an-mhór déanta ar na buiséid atá ag plé le gnéithe eile de shochaí an stáit, mar shampla na healaíona agus an spórt,” arsa Ó Coinn.

Léirigh staitisticí ó Chonradh na Gaeilge go bhfuil buiséad an Fhorais íslithe ó €17.18 milliún go €16.265 milliún ó 2003, tréimhse inar ardaíodh buiséad na Comhairle Ealaíon ó dheas ó €44.1 milliún go €130 milliún.

 

 

 

Fág freagra ar 'Imní ar cheannasaí Fhoras na Gaeilge go bhfágfaidh sáinn Stormont an eagraíocht ar an trá fholamh'