Na céadta milliún breise don Ghaeilge á lorg ag Conradh na Gaeilge i bplean infheistíochta nua

Tá Conradh na Gaeilge ag moladh go dtiocfadh a 2.5 oiread d’ardú ar an maoiniú a chuirtear ar fáil do chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta faoi dheireadh 2026

Na céadta milliún breise don Ghaeilge á lorg ag Conradh na Gaeilge i bplean infheistíochta nua

Tá Conradh na Gaeilge ag iarraidh go gcaithfeadh an stát os cionn €460 milliún breise ar chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta taobh istigh de cheithre bliana.

Tá an eagraíocht teanga i mbun oibre ar phlean infheistíochta don Ghaeilge agus don Ghaeltacht idir 2024-2026 i láthair na huaire agus iad ag moladh go n-ardófaí an maoiniú a chuirtear ar fáil do chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta faoi 2.5 faoi dheireadh 2026.

Deir an Conradh go bhfuil beartaithe ag an Rialtas infheistíocht €162,697,000 a dhéanamh sa teanga an bhliain seo chugainn, idir mhaoiniú Roinn na Gaeltachta, Údarás na Gaeltachta, TG4 agus Foras na Gaeilge.

Is ionann an nach mór €163 milliún sin agus 0.19% de chaiteachas an stáit agus táthar ag iarraidh go n-ardófaí an caiteachas sin go dtí 0.5% faoi dheireadh 2026.

Maoiniú os cionn €430 milliún a bheadh á chur ar fáil ag an stát don Ghaeilge agus don Ghaeltacht in 2026 dá nglacfaí leis na moltaí atá déanta sa dréachtphlean infheistíochta 2024-2026.

Tá an Conradh ag obair ar an bplean le tamall anuas agus na dréachtmholtaí pléite acu le cuid mhaith grúpaí, ina measc Údarás na Gaeltachta, Foras na Gaeilge, TG4, Oifigigh Pleanála Teanga, comharchumainn Gaeltachta agus na ceanneagraíochtaí eile Gaeilge.

Tá an Conradh ag lorg moltaí ó phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta idir seo agus deireadh na bliana agus tá sé i gceist an plean a sheoladh go hoifigiúil in earrach 2023.

Baineann cuid den ábhar is suntasaí sa dréachtphlean le feidhmiú Foras na Gaeilge agus é ráite ag an gConradh go bhfágann an easpa maoinithe atá curtha ar fáil don eagraíocht “nach bhfuil ag éirí leis an struchtúr trasteorann cothrom na Féinne a bhaint amach i maoiniú na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht”.

Déantar comparáid idir athruithe ar bhuiséad na Comhairle Ealaíon ó dheas agus Foras na Gaeilge sa dréachtphlean agus deirtear gur léir “nár tháinig aon ardú suntasach ar bhuiséad an Fhorais le 20 bliain anuas”. Luaitear go bhfuil buiséad an Fhorais íslithe ó €17.18 milliúin go €16.265 milliúin ó 2003, tréimhse inar ardaíodh buiséad na Comhairle Ealaíon ó dheas ó €44.1 milliúin go €130 milliúin.

Deirtear freisin go bhfuil ceisteanna ann “maidir le tosaíochtaí an Fhorais” agus go bhfuil ceist bhailí ann faoinar chóir go mbeadh comhaltaí an bhoird freagrach don phobal.

D’fhéadfaí, a deirtear, fáil réidh leis an bhForas agus áisíneachtaí stáit nua a chur ar bun, Údaráis na Gaeilge, thuaidh agus theas, “le boird tofa nó struchtúr eile a chinntíonn fíor-ionadaíocht ón bpobal.”

Bheadh na háisíneachtaí seo le maoiniú go díreach ag na rialtais agus buiséid shuntasacha curtha ar fáil dóibh, a deirtear. Chuirfeadh sin deireadh, a deirtear, leis an mbac atá ar Fhoras na Gaeilge maidir leis an aontas atá ag teastáil ar aon ardú buiséid idir an dá Rialtas.

Socrú eile a d’fhéadfaí a úsáid, a deirtear, ná leasófaí an meamram airgeadais idir Rialtas na hÉireann agus Rialtas na Breataine le ligean do cheachtar de na Rialtais ó dheas nó ó thuaidh maoiniú suntasach sa bhreis a thabhairt do Foras na Gaeilge gan aon airgead sa bhreis a bheith ag teacht ón Rialtas eile.

Maidir le hÚdarás na Gaeltachta, deirtear sa dréachtphlean go bhfuil buiséad caipitil na heagraíochta infheistíochta íslithe 43% ó 2008 go dtí 2021, tráth ar ardaíodh buiséad an IDA 66% agus buiséad Fhiontraíocht Éireann 30%.

“Tá srian ar chumas an Údaráis fostaíocht nua a chruthú agus infheistíocht a dhéanamh i mbonneagar gnó,” a deir Conradh na Gaeilge.

I measc na moltaí d’infheistíocht bhreise a chur ar fáil don Údarás, moltar go gcuirfí €10 milliún sa bhliain ar fáil faoi 2026 don chiste caipitil chun uasghrádú agus athchóiriú a dhéanamh ar na foirgnimh atá ann faoi láthair.  Moltar go gcuirfí €10.5 milliún eile sa bhliain ar fáil chun fostaíocht nua a chruthú sa Ghaeltacht.

Moltar freisin do Roinn na Gaeltachta ciste infreastruchtúr Gaeltachta a bhunú arbh fhiú €50 milliúin sa bhliain é faoi 2026. Deirtear gur minic go mbíonn sé deacair ag bailte agus ceantair Ghaeltachta maoiniú a fháil ó chistí caipitil toisc go bhfuil daonra níos ísle sna ceantair sin.

Ó thaobh cúrsaí tithíochta, moltar airgead a chur ar fáil chun plean daonra agus tithíochta a dhéanamh do gach limistéar pleanála agus scéim tithíochta ar fiú €5 milliún sa bhliain a bhunú do dhaoine le Gaeilge ar mhian leo cónaí sa Ghaeltacht.

Moltar freisin lánscoláireachtaí, leathscoláireachtaí agus gearrchúrsaí a chur ar fáil do dhaltaí chun freastal ar choláistí samhraidh. Ar na moltaí eile tá maoiniú do lárionaid Ghaeilge ó dheas agus airgead breise don Taibhdhearc i nGaillimh.

I dtaobh na meán Gaeilge, iarrtar ar an Rialtas €45 milliún breise a chur ar fáil do TG4 faoi dheireadh 2026 chun go mbeadh an stáisiún ar comhchéim ó thaobh maoinithe de le S4C sa Bhreatain Bheag. Moltar ciste €1 milliúin breise a chur ar fáil do Raidió na Life, Raidió Fáilte, Tuairisc agus Comhar.

D’fhoilsigh Conradh na Gaeilge Plean Infheistíochta 2016-2022 roimhe seo. €18 milliún breise a bhí á lorg ach mhéadaigh sin go €47 milliúin faoi dheireadh an phlean. Deir an Conradh go bhfuil thart ar €31 milliún den infheistíocht sin bainte amach – 67%.

Tá fáilte á cur ag Conradh na Gaeilge roimh mholtaí an phobail faoin bplean infheistíochta nua. Is féidir na moltaí sin a sheoladh chuig plean@cnag.ie.

Fág freagra ar 'Na céadta milliún breise don Ghaeilge á lorg ag Conradh na Gaeilge i bplean infheistíochta nua'