Ba mhaith le breis is leath de thuismitheoirí go bhféadfadh a bpáistí freastal ar scoil lán-Ghaeilge.
B’in a léiríodh i dtaighde a rinneadh mar chuid d’ullmhú an pholasaí nua don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht atá á fhorbairt ag an Roinn Oideachais.
I gcomhairliúchán poiblí a reáchtáladh mar chuid den obair forbartha, léirigh 53% de thuismitheoirí a raibh páiste acu ag freastal ar scoil Bhéarla gur mhaith leo dá bhféadfadh a bpáiste freastal ar scoil/suíomh lán-Ghaeilge. Dúirt 31% nár mhaith leo sin agus 16% a dúirt nach raibh siad cinnte.
Ar na cúiseanna is mó a tugadh maidir le páiste a chur chuig scoil Bhéarla seachas chuig ceann lán-Ghaeilge, dúradh nach raibh suíomh lán-Ghaeilge ina gceantar féin, nach raibh áit ar fáil i suíomh lán-Ghaeilge, nó nach raibh nasc iompair sa gceantar.
“Mhol líon ard freagróirí go mbunófaí breis naíonraí, bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna trí mheán na Gaeilge agus dóthain acmhainní agus foirgnimh chearta a bheith acu. Éilíodh Gaelcholáistí seachas aonaid nó sruthanna,” a deirtear sa tuairisc a d’ullmhaigh SEALBHÚ, ionad taighde DCU um fhoghlaim agus teagasc na Gaeilge, tuairisc atá bunaithe ar na freagraí a tugadh sa cheistneoir.
“An teachtaireacht shoiléir a tháinig chun cinn ná easpa soláthar iar-bhunscoileanna trí Ghaeilge agus deacrachtaí ag daoine rochtain a fháil ar na cinn atá ann.”
Mheas freagróirí freisin gur cheart go gcuirfí scéim saorthaistil ar fáil mura mbíonn scoil lán-Ghaeilge sa cheantar.
Dúirt na taighdeoirí go raibh sé suntasach gur cheap 86% de na freagróirí go mba chóir go gcuirfeadh an polasaí nua atá á fhorbairt “go suntasach leis na deiseanna atá ag scoláirí a gcuid oideachais a fháil trí mheán na Gaeilge”.
Dúradh go raibh ráta freagartha “an-ard” ar an gceistneoir. Fuarthas nach mór 10,500 freagra ar fad ó thuismitheoirí/caomhnóirí, oideachasóirí, scoláirí agus eile, ach chaithfí nach mór leath díobh a chur as an áireamh toisc nach raibh siad críochnaithe.
Bhí taithí éagsúil ag na freagróirí ar an oideachas lán-Ghaeilge agus ar an teanga agus níor dhúirt ach 35% de na tuismitheoirí go raibh siad féin líofa nó go raibh Gaeilge sách maith acu. Tháinig 70% de na freagróirí ó cheantar uirbeach agus 30% ó cheantar tuaithe agus bhí gach ceann de na 26 contae san áireamh.
An príomhdhúshlán a aithníodh maidir le hoideachas lán-Ghaeilge d’ardchaighdeán a chur ar fáil ná an easpa soláthair “múinteoirí cumasacha cáilithe le múineadh go héifeachtach trí Ghaeilge” agus “easpa acmhainní, idir ábhar teagaisc agus foirgnimh oiriúnacha”.
Moladh cúrsaí Gaeilge a chur ar fáil do mhúinteoirí chun a gcumas sa Ghaeilge a fheabhsú agus an liúntas do mhúineadh trí Ghaeilge a íoc le gach oideachasóir san earnáil. Leag oideachasóirí béim ar an ualach breise a bhíonn orthu de bharr easpa acmhainní teagaisc agus foghlama.
Measadh freisin gur chóir feachtas feasachta a chur ar bun lena chur in iúl do thuismitheoirí nach gá go mbeadh Gaeilge acu féin le go mbeadh an t-oideachas lán-Ghaeilge oiriúnach dá bpáistí agus chomh maith leis sin go bhféadfadh feachtas “aghaidh a thabhairt ar an íomhá nach mbaineann an t-oideachas trí Ghaeilge le cách”.
Bhí imní na dtuismitheoirí nach mbeidís in ann cabhrú lena bpáistí dá mbeidís ag fáil a gcuid oideachais trí Ghaeilge ar cheann de na cúiseanna ba mhinice a luadh maidir le hoideachas lán-Bhéarla a roghnú. Measadh gur chóir tacaíocht i bhfoirm ranganna Gaeilge a chur ar fáil do thuismitheoirí.
Maidir le cumas scoileanna lán-Ghaeilge tacaíocht a chur ar fáil do dhaltaí ag a bhfuil riachtanais speisialta oideachais (RSO), dúradh go raibh sé suntasach gur cheap 43% de na daltaí a thug le fios go raibh RSO acu nach raibh ag éirí lena scoil tacú lena gcuid riachtanas, cé gur aithníodh gur líon beag daltaí a d’fhreagair an cheist.
Dúirt na taighdeoirí gur “díol spéise” a bhí ann freisin gur cheap an oiread sin daltaí nach raibh ag éirí le scoileanna lán-Ghaeilge tacú lena gcuid riachtanas breise ach gur céatadáin níos lú tuismitheoirí (31%) agus múinteoirí (24%) a cheap nach raibh ag éirí leis na scoileanna RSO na ndaltaí a aithint.
Sa tuarascáil dheireanach a rinne na taighdeoirí d’fhorbairt an pholasaí don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht, moltar go leagfaí síos go mbeadh sé de cheart de réir dlí ag gach páiste tumoideachas a fháil i nGaeilge. Chaithfí, a deirtear, an tacaíocht agus an infheistíocht a bheadh ag teastáil chun an ceart sin a dhaingniú a chur ar fáil.
Fergus na Foghraíochta
An rud céanna ráite ag saineolaithe ESRI srl slr agus níl an Stát ach ag cur bacannna sa bhealach ar an nGaeloideachas agus cén t-iontas nuair is é an gnáth mantra atá ag an an Establishment ná “As the only English-speaking country in the EU we are are attractive place for doing business in.”
Billy an Ghoirt
Is léir go bhfuil lucht na Gaeilge ag buachaint na díospóireachta i measc an ghnáthphobail na laethanta seo.
Sí an fadhb anois ná státseirbhís atá fíor-dhrogallach an “status quo” a athrú. Cén chaoi a bheith ag tarraingt ar an deathoil an ghnáthphobail go heifeachtach? Chun brú a chur ar an státseirbhís (Roinn Oideachais go háirithe) atá “pósta” leis an “status quo” agus nach bhfuil ag iarraidh obair sa bhreis a dhéanamh.
Sa chás seo, níl ann sna polaiteoirí ach idirghabhálaithe/mediators idir pobal/feachtaiseoirí agus státchóras.
Caithfaidh ceannasaíocht teacht ón bpobal féin.
Dáithí Mac Cárthaigh
Is mór an míbhuntáiste meoin aonteangach na bunaíochta. Níl aon easpa Béarla ar aon tír eile san AE ó thaobh gnó de.
Bhí státseirbhísigh shinsearacha cinnte go dtiocfadh an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach go BÁC ó Londain tar éis Brexit m.sh. Is go hAmstardam a chuaigh sé, cathair ilteangach.
Doh.
Seán Ó hAodha
Ní luaitear an Gaeloideachas sa bPlean Forbartha Náisiúnta 2021-2030 ar cor ar bith.
Cén tíontas mar sin gur saghas aisling bréige é fás an Ghaeloideachais faoi láthair. Faoi mar atá cúrsaí níl a dhóthain múinteoirí ar fáil le Gaeilge líofa agus atá oilte chun múineadh trí Ghaeilge.
Dá mba rud é gur athraigh meon an Státchhórais (a réitigh an Plean Forbartha Náisiúnta 2021-2030) agus na páirtithe polaitíochta agus go raibh fás le teacht ar an nGaeloideachas theastódh coláiste triú leibhéil a reáchtailtear tré mheán na Gaeilge chun múinteoirí bunscoile a oiliúint . Bheadh dúshlán i bhfad níos mó ann ag an dara leibhéal. Faoi láthair tá sruth iarchéime i nGaillimh chun múinteoirí ábhair acadúla a oiliúint don teagasc tré mheán na Gaeilge. Níl a leithéid de chúrsa ann do mhúinteoirí Ealaíne, Foirgneolaíocht, Corpoideachas, Adhmadóireacht, Miotalóireacht. srl.