‘Dúirt mé leis nach raibh a fhios agam conas seinnt, bhí mé ag seinnt ag a shochraid mí níos déanaí’

Labhair an ceoltóir Peadar Ó Riada le Tuairisc faoina shaol leis an gceol, oidhreacht Cheoltóirí Chualann agus a mhian go mbeadh taifead ceart déanta ar scéal an bhanna a bhunaigh a athair

‘Dúirt mé leis nach raibh a fhios agam conas seinnt, bhí mé ag seinnt ag a shochraid mí níos déanaí’

Tá leabhar nua Ceoltóirí Chualann: The Band that Changed the Course of Irish Music scríofa ag Peadar Ó Riada faoi scéal an banna cheoil a bhunaigh a athair Seán Ó Riada sna 1960idí.

Is iomaí cáil atá ar Sheán Ó Riada. Ba é an chéad duine a rinne cóiriú ceolfhoirne ar cheol traidisiúnta na hÉireann.  Is é a scríobh an ceol don aifreann Gaelach, ina bhfuil iomainn aitheanta ar nós Ag Críost an Síol agus an Ár nAthair. Scríobh sé an fuaimrian don scannán faisnéise Mise Éire.  Agus d’athraigh a chuid oibre an meon a bhí i leith an cheoil thraidisiúnta in Éirinn.

“In áit éigin ar fud an domhain ar aon uair den lá, d’fhéadfá a bheith deimhin di go bhfuil pobal Gaelach ann agus go bhfuil an Ár nAthairAg Críost an Síol á sheinm acu ag an aifreann nó bainis nó eile,” a deir a mhac Peadar Ó Riada.

Ach an oiread lena athair, is iomaí gaisce atá déanta ina shaol ag Peadar Ó Riada. Is ceoltóir é, cumadóir ceoil, scríbhneoir, stiúrthóir ar Chór Chúil Aodha, agus neart eile.

Ní chloisfidh tú aon ghaisce uaidh, áfach.

“Is cuid de mo shaol é. Tá gach saol cosúil lena chéile sa mhéid is go bhfuil sé phunt gliondair agus sé phunt mí-áidh, sé phunt áidh agus sé phunt áthais agus sé phunt bróin ann. Tá an meascán céanna ag gach aon duine is dóigh ach nach dtugann siad faoi ndeara é.”

Beagnach seacht mbliana déag d’aois a bhí Peadar Ó Riada nuair a cailleadh a athair, i mí Dheireadh Fómhair na bliana 1971. Bhí an chlann ina gcónaí i gceantar Chúil Aodha ag an am. Is ann atá cónaí ar Pheadar go dtí an lá atá inniu ann.

Bhí Cór Chúil Aodha bunaithe ag Seán Ó Riada le roinnt blianta faoin am sin agus é ina stiúrthóir air.

Nuair a fuair sé tinn d’fhág sé an cúram faoina mhac Peadar, an duine is sine sa gclann, agus tá aire tugtha aige don chóir ó shin.

“Chuas ar dualgas mí Lúnasa 1971. Sé déag. Buaileadh breoite m’athair, bhí sé istigh san ospidéal i gCorcaigh agus chuir sé fios orm. Chuas isteach chuige agus dúirt sé, ‘tá tú ag seinnt an Domhnach seo chugainn’. Dé hAoine roimhe a bhí ann.

“Dúirt mise ‘níl a fhios agam conas seinnt’, is dúirt sé ‘beidh tú go breá, díreach bí ag pedalling leat agus comhaireamh suas, cúig is fiche, sé, is ar eile…’ agus d’inis sé dom cá dtosnódh na píosaí difriúla seo a bhí le seinm. Chuas abhaile agus chuireas marc ar na heochracha ar an harmonium agus sin é an tslí a thosnaíos. Bhí mé ag seinnt i gcomhar a shochraide féin ceithre seachtainí níos déanaí.”

Thosaigh Peadar Ó Riada ag scríobh an leabhair nua seo chun go mbeadh cuntas cruinn ar an mbanna ceoil Ceoltóirí Chualann, ar na coincheapanna ceannródaíocha a chuir siad i bhfeidhm ar an gceol traidisiúnta agus mar a d’athraigh siad treo an cheoil thraidisiúnta in Éirinn.

“Bhí athscríobh á dhéanamh ar an stair agus daoine ag rá go ndearna siad rudaí agus ní hiad a rinne é ar chor ar bith. Go minic cuirtear an t-eolas seo isteach sna leabharlanna agus ní dhéanann siad soiléir nár tháinig siad féin aníos leis na smaointe. Beidh daoine in ann na rudaí seo a fheiceáil iad féin ón mbuneolas agus tuiscint cheart a fháil ar an méid a bhain Ceoltóirí Chualann amach,” a deir Peadar.

Scríobh sé an leabhar le tacaíocht ó Éamon de Buitléar, Michael Tubridy agus lucht Uí Riada, chomh maith le scéalta bríomhara ó thaithí phearsanta Sheán Ó Sé – ó bhunú an bhanna ceoil go dtí na cóiriúcháin chasta cheoil a chruthaigh siad. Cuireann an leabhar ar ár súile arís cumas Cheoltóirí Chualann an ceol traidisiúnta a nascadh le hionstraimiú casta.

Tá 400 cóiriúcháin ceoil a rinne Ceoltóirí Chualann san áireamh sa leabhar ag Peadar agus é ag súil go mb’fhéidir go bpiocfaidh ceoltóirí an lae inniu suas ar an gceol sa leabhar is go dtabharfaidh siad na smaointe ar aghaidh píosa eile den chosán. Bhí an ceol a bhí á chur le chéile ag Seán Ó Riada le Ceoltóirí Chualann an-difriúil ón gcineál leagan amach a bhíonn ann go minic ar cheol traidisiúnta sa lá atá inniu ann, a deir Peadar.

“Tá sé difriúil ar fad ón rud atá ar siúl le 50 bliain. Séard atá ag tarlú le 50 bliain ná go bhfuil na tiúineanna á seinnt agus daoine ag cur pianó nó uirlisí leis mar thionlacan. Leis na cóiriúcháin seo tá an ceathrar go léir tábhachtach agus ag déanamh rudaí difriúla agus iad ag seinnt le chéile. Tá sé sin go léir le feiscint sa leabhar.”

Bhí drochmheon in Éirinn i leith an cheoil thraidisiúnta nuair a thosaigh Ceoltóirí Chualann amach, a deir Peadar agus bhí an-tionchar ag an gceol a chas siad ar an meon sin a athrú chun feabhais, dar leis.

“Nuair a thosaigh siad ag casadh ceoil ní raibh aon fháilte roimh cheoltóirí i dtithe tábhairne nó in aon áit mar sin. Chuirfí an ruaig ort agus bhí drochmheas air mar gur measadh gur bhain sé leis an mbochtanas agus an iargúltacht. Bhí níos mó meas ar an rud a bhí ag teacht chugainn isteach ó thíortha eile.”

Chuir Ceoltóirí Chualann an chéad cheolchoirm ar bun in Óstán an Shelbourne i mBaile Átha Cliath. Ní raibh ceolchoirm dá leithéid déanta le ceol traidisiúnta na hÉireann roimhe sin, a deir Peadar.

“Bhí mé ag an gcéad cheolchoirm a rinne siad sa Shelbourne i mBaile Átha Cliath. B’in an chéad cheolchoirm ar íoc daoine isteach ag ceolchoirm do cheol traidisiúnta chun suí síos ag coirm cheoil de cheol Gaelach. Roimhe sin bhíodh blúiríní de rudaí éagsúla measctha le chéile sna ceolchoirmeacha.

“Bhí m’athair ábalta é a dhéanamh mar go ndearna sé an ceol do Mise Éire cúpla bliain roimhe sin agus fuair sé sórt stádas uaidh sin. Thosaigh sé ag caint faoin gceol traidisiúnta ar an raidió. Bhí sé ag obair mar Stiúrthóir Ceoil in Amharclann na Mainistreach is bhí Brian McMahon ann agus bhí dráma aige agus ceoltóirí ann agus is leis an dá bhuíon ceoil sin a thosaigh siad an banna Ceoltóirí Chualann.”

Tá Peadar ag súil go mbeidh taifead cruinn ar an obair a rinne Ceoltóirí Chualann leis an leabhar seo.

“Tá muid go léir ag dul i gcríonnacht agus sin é an chúis a ndearna mé anois é. Bhí mé ag obair le nótaí Éamon de Buitléar agus Seán Ó Sé agu ansin le Seán Keane. Bhí an-bhaint ag na leaids leis nuair a bhí siad beo. Ní raibh mé ach ag iarraidh cuntas fíor a bheith ann agus beidh an t-eolas ag daoine anois.”

*Beidh Ceoltóirí Chualann: The Band that Changed the Course of Irish Music á sheoladh ag an gceoltóir Martin Hayes ar an Aoine, 26 Aibreán i rith Fhéile Leabhar Chorcaí ag 6:30 in i Leabharlann na Cathrach, 61 Sráid an Chapaill Bhuí, Corcaigh.

Fág freagra ar '‘Dúirt mé leis nach raibh a fhios agam conas seinnt, bhí mé ag seinnt ag a shochraid mí níos déanaí’'

  • Niall Gòrdan (Niall na Naoi bPionta)

    Sárscríbhneoireacht mar is nós ó pheann Bhríde 7 ábhar iontach faoin leabhar seo freisin! :-)