Dealbh in ómós don ‘Greatest’ i mbaile tuaithe iargúlta

Nochtadh dealbh in ómós do Muhammad Ali i mbaile i Stát Maine ar imeall thuaidh na Stát Aontaithe

Dealbh in ómós don ‘Greatest’ i mbaile tuaithe iargúlta

Is cuma cé a thiocfaidh ina dhiaidh, coinneoidh Muhammad Ali an teideal sin go brách. Mairg a déarfadh go bhfuil áibhéil ag baint leis, cé gurbh é féin a thug an teideal ‘The Greatest’ dó féin.

Oct dtroithe ar airde atá an dealbh, agus go fóill ar chuma ar bith, sé an dealbh is suntasaí é in ómós do rí na dornálaíochta.

Ach tuige gur i Lewiston atá sé agus cá bhfuil an baile seo?

Istigh i lár Maine atá Lewiston, baile mór a bhfuil tuairim is 40,000 duine ann.  Ar na saolta seo, tá Lewiston comhairithe ar cheann de na háiteacha is fearr agus is sonasaí sna Stáit Aontaithe le d’ancaire a chaitheamh ann.   Chuir eachtraí lámhaigh inar maraíodh trí dhuine dhéag arú anuraidh scamall ar Lewiston ach tugtar síos dó sin gur cás fíor-neamhghnách a bhí ann.  Bhí gortuithe inchinne ag goilliúnt ar an dúnmharfóir, Robert Card.

Ar an bpríomhshráid i Lewiston atá an dealbh do Muhammad Ali feistithe agus socraithe.  Anseo a thug sé leis Craobh an Domhain den dara huair. Seans sa míle, nó sa milliún, a bhí ann gur mar sin a tharlódh.

Ar an 25 Meitheamh, 1965, a troideadh – más é sin an téarmaíocht cheart – babhta de Chraobh Throm-Mheáchain an Domhain idir Muhammad Ali agus Sonny Liston.  B’in í an chéad uair a throid Ali faoin ainm sin; Cassius Clay a bhí air ó baisteadh é.  Bhí a cháil ag dul i bhfad agus i ngearr sna blianta sin, fear óg ard, leathan agus dea-dhéanta as Louisville i Kentucky agus é dathúil lena chois.  Mar sméar mhullaigh ar a cháil, bhí a theanga ar a chomhairle féin aige, é deisbhéalach, tráthúil agus gaisciúil.  Ach ba é dearcadh thromlach na ndaoine eolgaiseacha go gcniogfadh Liston é.  Bhítí ag rá go raibh Sonny Liston ar an seaimpín ba fíochmhaire a bhí ar an rannóg throm-mheáchan ariamh.

Bhí caint ar chuid mhaith ionad le haghaidh na troda idir Clay (Muhammad Ali) agus Liston, Boston Garden ar cheann acu.  Ach bhí margáintíocht agus anonn agus anall ag baint leis na socruithe; bhí conspóid ag baint le Liston mar go raibh an dlí sáraithe aige ar bhealaí go leor agus bhí Ali imithe leis an gcreideamh Moslamach.  Sa deireadh ní raibh áit ar bith ar fáil nó gur thairg dream i Lewiston an St Dominic’s Arena (halla spóirt) mar ionad.  Glacadh leis.   Bhí an lá ba mhó ariamh i ndán don bhaile mór.

Ba é a theanga an chéad armlón a bhí ag Muhammad Ali.  Thosaigh sé ag spochadh as Liston.  Bhí ‘Old Stoneface’ ar cheann de na leasainmneacha a bhaist sé air.  Níor mhair an troid féin ach cúpla nóiméad.  Chuaigh Liston síos.  Bhí ráflaí ann go tréan gur chaith é féin síos ar an urlár in aon turas, ach déarfadh daoine eile go raibh teannadh leis an iarraidh a bhuail Muhammad air.  Maireann an chonspóid fós.

Fuair mé féin eolas ar Lewiston mar gur ansin a bhí bean as mo phobal féin ina polaiteoir i Stát Maine ar feadh scór blianta.  B’in í an Seanadóir Margaret Craven nó Mairéad Mhattie Sheáinín (Ní Chonghaile) as Leitir Ard.  Bhí ardmheas uirthi sa bPáirtí Daonlathach agus sí a cuireadh i gceannas ar léirsiú mór na mban i Washington nuair a bhí iarrachtaí ar bun le scéim sláinte an Uachtaráin Obama a chur de dhroim seoil. Ach, ba anseo i Lewiston a sheas sí go daingean le pobal na háite – nó gur éirigh sí as an bpolaitíocht anuraidh.  Is cuimhneach liom a bheith ina hionad vótála ar cheann de na hócáidí ar toghadh í, 4 Samhain 2008.

Ba ansin a mhínigh John Delahunty, dlíodóir na nDaonlathach dom go raibh muid i bhfoisceacht cúpla céad méadar don ionad ina raibh an troid ghiortach, a críochnaíodh le hiarraidh ghiortach i 1965. “Ach bhí troideanna eile sa gcathair seo,” a deir Delahunty liom. “Na hÉireannaigh agus na Francaigh!”  D’inis sé don go raibh a gceantar féin ag na hÉireannaigh sa gcathair sin ón tréimhse idir 1880 go tús an fichiú haois.  “Bhíodar tréan anseo,’’ a deir John Delahunty “agus daoine as Conamara ina measc.”  Ach tháinig comhluadar eile isteach, dream de shliocht na bhFrancach as Ceanada. Thosaíodar a mbunáit féin ann, thógadar séipéal da gcuid féin agus chuireadar a mbratach féin ar foluain. Bhí an sop séidte.  Níorbh fhada  go rabhadar siúd agus na hÉireannaigh in árach a chéile.

“Chuadar amach agus throideadar a chéile i lár na sráide,” a deir John Delahunty “agus rachaidh mise i mbannaí nár chaith aon duine acu é féin anuas ar an tsráid gan údar!’’

Bhí súile an domhain ar Mheiriceá an oíche údaí in 2008.  Bhíomar ag fanacht.

Toghadh an Seanadóir Margaret Craven níos deireanaí agus ag a 11.00, am oirthear Mheiriceá, toghadh Barak Obama ina Uachtarán ar Stáit Aontaithe Mheiriceá.  Ba é an chéad fhear dubh ariamh é ina Uachtarán ar an tír sin.

Chuaigh muid thar ionad na troda móire ar an mbealach abhaile ón vótáil.  Deamhan aithne a bhí air an áit go raibh súile an domhain ar an áit chéanna os cionn dhá scór blianta roimhe sin.

Ach is dual do Mohammad Ali go bhfuil dealbh in ómós dó i Lewiston anois – ‘The Greatest’.

Fág freagra ar 'Dealbh in ómós don ‘Greatest’ i mbaile tuaithe iargúlta'