Arsa Colm Cille: ‘Má tá sé tinn go mbeidh sé slán agus mura bhfuil sé tinn nár bheidh sé slán’

Inniu lá pátrúin Cholm Cille, tá cuid den seanchas faoi Cholm ina chontae dúchais againn, 1428 bliain ó bhásaigh sé

Arsa Colm Cille: ‘Má tá sé tinn go mbeidh sé slán agus mura bhfuil sé tinn nár bheidh sé slán’

San mbaile a dtugann siad Leac na Cumha air, sin an áit a rugadh Colm Cille. Agus tá an leac le feiceáil ansin go dtí an lá atá inniu ann agus tá lorg chosa an naoimh le feiceáil inti go fóill. An fear arbh leis an talamh a bhfuil an leac sin air, dúirt an Mháistreás Adare leis go dtabharfadh sí ceithre acra de thalamh maith dó mar mhalairt ar leithead na leice.

Shíl an fear go raibh sé ag fáil conradh iontach maith agus rinne sé an mhalairt. Chuir sise balla thart ar an leic agus chuir sí suas crois ag barr na leice agus tá geafta ar an bhalla agus thig le duine ar bith a thiocfas a dhul isteach agus amharc ar an leic.

Ach an fear a rinne an mhalairt talaimh, bhí trí nó ceathair de bheathaigh mhaithe aige agus a sháith stoic fosta. Ach deir an fear seo liom nach raibh an margadh déanta i gceart aige gur thosaigh sé ag cailleadh a chuid stoic agus go bhfuair a chuid beathach uilig bás agus in am gairid go raibh sé ina fhear bocht agus obair mhór aige a bheatha a bhaint amach.

Bhí Colm Cille ina chónaí thoir ar an Bhearnais agus ghníodh sé an turas i gcónaí ar an leic. Comhráití mór a bhí ann agus scairteadh sé isteach ins na tithe ar a bhealach anoir agus dála an scéil, tuirseach go leor a bhí siad dó nó bhí sé ag cur cuid mhór ama amú orthu agus a gcuid oibre le déanamh acu.

Bhí teach amháin go háirid ar ghnách leis scairteadh isteach go minic ann agus nuair a thigeadh sé i dtólamh chuireadh sé an t-asal isteach i gcró beag a bhí ag taobh an tí agus chaitheadh sé cuid mhór den lá istigh ag comhrá le bunadh an tí.

Uair amháin is cosúil go raibh fear an tí seo ar deireadh ina chuid oibre amuigh sna cuibhrinn agus i ndiaidh an dinnéir an lá seo bhí a bhean ina seasamh sa doras agus chonaic sí Colm agus an t-asal ag tarraingt orthu anoir an bealach mór. Rith sí isteach agus ar sise lena fear: ‘Seo Colm ag teacht agus cuirfidh sé an lá amú orainn. Gabh tusa síos an tseomra agus lig ort féin go bhfuil tú tinn agus b’fhéidir go n-imeodh sé leis ar ais.’

Chuaigh an fear an tseomra. Nuair a tháinig Colm ‘na sráide chonaic sé doras chró an asail druidte ina éadan. Bhí leac ag taobh an tí agus chuaigh Colm síos ar a leathghlúin agus sháigh sé a mhéar síos sa leic agus rinne sé poll inti. Chuir sé bacán se pholl ansin agus cheangail sé adhastar an asail dó. Chuaigh sé go dtí doras na cisteanaí ansin agus d’fhiafraigh den bhean cá raibh fear an tí inniu nuair nach raibh sé le feiceáil aige faoin áit.

‘Ó,’ arsa bean an tí ‘tá sé thíos údaí agus é go beag de mhaith.’

Arsa Colm Cille: ‘Má tá sé tinn go mbeidh sé slán agus mura bhfuil sé tinn nár bheidh sé slán.’

Chár éirigh an fear óna leaba go bhfuair sé bás. Tá an teach sin le feiceáil go fóill agus an leac a ndearna Colm an poll inti. Tá an poll agus lorg na dtrí alt eile le feiceáil inti go fóill.

Bhí Colm oíche amháin ag teacht fríd Lag na hÚraí [baile in aice le Leitir Ceanainn] agus mhothaigh sé callán ag teacht ina dhiaidh.

D’amharc sé thart agus tchí sé fear ag teacht ina dhiaidh ar mhuin beathach bán. Fear a bhí ar shiúl ag ragaireacht i ndiaidh ban a bhí ann. Chuir Colm de mhallacht ar Lag na hÚraí nach mbeadh sé choíche gan beathach bán agus tá sin amhlaidh go fóill.

Tuairim is cúig bliana is fiche ó shin bhí Albanach ar an bhaile [Protastúnach] agus ní raibh aon bheathach bán ar an bhaile ach capall a bhí aigesean. Dúirt sé go bhfaigheadh seisean Colm Cille bréagach anocht agus chuaigh sé go hAonach an tSean-Bhaile agus dhíol sé an beathach. Nuair a d’éirigh sé ar maidin lá arna mhárach bhí searrach geal bán ag ceann de na capaill gidh nach raibh aon duine ag dréim go mbeadh searrach de dhath ar bith aici go fóill. Deir siad liom nach bán a bhíos searrach nuair a thig sé ar an tsaol ar chor ar bith ach sórt de ghorm agus go n-éirí sé bán de réir mar a théid sé in aois. Níl fhios agam fán rud eile agus níor fhiafraigh mé.

Úir Ghartáin: Fear de chloinn Uí Fhríghil a gheibheas í. Ní dhófar an teach a mbíonn sí ann agus ní bháfar an bád a mbeidh sí inti agus an bhean a mbeidh sí ina cuideachta ní bhfaighidh sí bás le tinneas clainne. In aimsir Choilm Cille é féin bhí na hAlbanaigh á tabhairt ar shiúl agus ag déanamh úsáid di in áit aoil. Dá bharr sin chuaigh sí as amharc agus bhí sí caillte ar feadh seacht mbliana. Oíche amháin rinne an Taibhreoir Ó Fríghil brionglóid go bhfaca sé í in Ailt an Chnoic Bháin. Maidin lá arna mhárach d’éirigh sé agus chuaigh sé go dtí Ailt an Chnoic Bháin agus léigh sé a oifig os cionn an áit a bhfaca sé í ina bhrionglóid.

D’oscail an talamh agus thaispeáin an chré nó an úir í féin dó agus dhruid an talamh isteach arís. Dúirt sé ansin go bhfágfadh sé ag a dhream féin í go deireadh an tsaoil agus ní bhfaighidh aon duine eile í ach iad. Téann siad go dtí an áit agus cromann siad a gceann agus abraíonn siad urnaí agus fosclaíonn an talamh agus tógann siad í agus druideann an talamh ar ais. Má bhíonn duine ar bith leofa go dtí an áit ní bhíonn siad ábalta í a fháil. Ní thig le bean ar bith den teaghlach seo de chlann Uí Fhríghil í a fháil agus ní inseoidh siad caidé an urnaí a deir siad.

Ón bpríomhbhailiúchán ar dúchas.ie. Scríofa ag Pádraig Mac Déid, Ráith, Co Dhún na nGall, 18 Eanáir 1934

Fág freagra ar 'Arsa Colm Cille: ‘Má tá sé tinn go mbeidh sé slán agus mura bhfuil sé tinn nár bheidh sé slán’'