Ba bhrónach an tsamhail í. Dhá bhriseadh croí ar maidin. Fear óg a bhí ag dul ar imirce i bhfad ó bhaile go Oregon in iarthar na Stát Aontaithe.
Ag fágáil slán a bhí sé ag a mháthair den chéad uair ó rugadh é. Ach den uair dheiridh go brách sa saol seo, bhféidir. Tráth dá raibh.
Ansin, an dara hiarraidh mhór agus é ag siúl an chosáin go dtí an bóthar; ní raibh cuimhnithe aige air seo. Lean an gadhar é, a chara ar chnoc agus ar shliabh ó bhí sé ina sheanghasúr.
Brón na himirce.
Insíodh an scéal seo ag ócáid ómóis in Ionad na nImirceach i gCarna i gConamara an tseachtain seo caite d’fhir Chonamara a chuaigh go Oregon agus go Idaho ag déanamh aoireachta ar chaoirigh idir 1870 agus 1950. An fear óg a d’imigh as Dúiche Sheoigheach an mhaidin sin fadó a d’inis an scéal don fhear a labhair faoi an lá cheana. Bhí brón na maidine sin fanta ina chroí agus an liathachan ina cheann.
Duine de na mílte agus na milliúin a bhí ann a thagann faoi scáth bhratach an diaspóra.
Rinne Coimisiún Forbartha an Iarthair staidéar ar an diaspóra le tamall anuas agus tá a dtuarascáil foilsithe acu. Is mithid dúinn uilig tuiscint a bheith againn ar chúlra an diaspóra agus na mílte agus na milliúin – macasamhail an fhir óig a chuaigh go Oregon – a chroch seolta as tír a bhí ar bheagán caoi.
Bhain staidéar Choimisiúin Forbartha an Iarthair le contaetha Chúige Chonnacht chomh maith le contaetha Dhún na nGall agus an Chláir. Ar bhun céatadáin, bhí sé ar an réigiún is measa a fuair buillí ón imirce. Chuir an síol sin fás faoin diaspóra i bhfad agus i ngearr.
Cén dearcadh atá againn ar na gaolta uilig atá againn ar fud an domhain?
De réir na tuarascála, tá caidreamh ag 47% de phobal an iarthair agus an iarthuaiscirt leis an diaspóra, agus abraíonn 35% gur mhaith leo ceangal níos dlúithe a bheith acu leis an bpobal thar lear, agus lena sliocht siúd. Ceangal daonna agus cairdis is mó is cúis leis an an gcaidreamh seo; cuireadh an nádúr chun cinn ar bhuntáistí airgid sa suirbhé.
Tugtar samplaí i dtuarascáil Choimisiún Forbartha an Iarthair ar áiteacha agus ar ghníomhaíochtaí ina gcothaítear ceangal leis an diaspóra; tá Oileán Inis Toirc amach ó chósta Mhaigh Eo, Féile Mháire an Chlocháin Léith agus an Fhéile Idirnáisiúnta Ealaíon i gContae Dhún na nGall ina measc. Dúradh go bhfuil Slí Chuimhneacháin an Ghorta Mhóir i gContae Ros Comáin, agus gníomhaíocht a bhaineann leis an oidhreacht i gCill Rois i gContae an Chláir ar dhá áit eile a dhíríonn aird na Meiriceánach ar Éirinn. Foilsítear ráiteas ó Údarás na Gaeltachta san tuarascáil freisin.
Ach níl, a deirtear, acmhainní dóthanach ar fáil.
Cén chaoi ar cheart dúinn ceangail a chothú leis an Diaspóra ar bhealaí a ‘speánadh ómós, agus a chothódh nascanna a bheadh tairbheach ar bhealaí éagsúla? Is deacair aon bheart ar leith a aithneachtáil san tuarascáil seo.
Scríobhtar cáipéisí mar atá foilsithe ag Coimisiún Forbartha an Iarthair ar bhealaí acadúla scaití ach ní hí an ceann seo is measa ar an gcaoi sin. Moltar inti go gcuirfí acmhainní agus tuilleadh airgid ar fáil ar mhaithe leis an gceangal leis an diaspóra.
Cé as a dtiocfadh an t-airgead sin agus céard a dhéanfaí leis?
Airgead Rialtais – chaithfeadh sé – a bheadh i gceist ach níl aon mholtaí ar leith sa tuarascáil faoin leas a bhainfí as. Nach bhféadfaí beartais a thriail faoina dtabharfaí grúpaí, daoine óga den chuid is mó, go hÉirinn chuile bhliain agus iad a chur ag obair le comhlachtaí agus eagraíochtaí éagsúla? Theastódh tréimhsí roinnt míonna, an oiread agus go gcothófaí tuiscint chuimsitheach ar an tír seo. De réir a chéile, mhúnlófaí díormaí daoine a mbeadh nasc daingean cruthaithe acu leis an tír seo.
Múnla na nIosraelach a bheadh ann ar bhealach faoina dtabharfaí tuiscint ar nádúr agus stair na tíre
Níor mhiste dá mbeadh cuid acu i gCarna an lá cheana nuair a tugadh cuntas truamhéalach ar dhá bhriseadh croí maidin imirce.
Fág freagra ar 'Bhí brón na maidine sin fanta ina chroí agus an liathachan ina cheann'