‘Chomh luath is a aimsíonn na Béarlóirí Oireachtas na Samhna, beidh deireadh linn!’

Beidh fear Rann na Feirste, Hugh Carr, ar camchuairt ag féilte ar fud na tíre sa tsraith nua Croí na Féile ar TG4. Labhair sé le Tuairisc faoin ngreann, faoin nGaeilge agus faoin ngrá a théann isteach sna féilte…

‘Chomh luath is a aimsíonn na Béarlóirí Oireachtas na Samhna, beidh deireadh linn!’

“Thar a bheith Rossa, iontach iarthar Dhún na nGall,” an cur síos a dhéanann Hugh Carr air féin.

Tógadh i Rann na Feirste é, mar a tógadh a mháthair roimhe agus is as An Clochán Liath a athair. Rugadh i Londain é, áfach, cé nach fada ina dhiaidh sin gur thug a mhuintir a n-aghaidh siar abhaile go Dún na nGall.

“Ní raibh mé ann ach trí mhí. Mar a deirimse i gcónaí, fuair Diane bás agus d’fhág muidinne – agus an dá rud sin, níl siad nasctha ar chor ar bith!”

Bhí a fhios aige ó bhí sé ina bhuachaill óg go raibh sé ag iarraidh a bheith ag obair leis an ngreann. Tháinig a mháthair trasna ar cheistneoir le deireanas, a líon sé amach agus é sa mbunscoil agus san áit a raibh an cheist – ‘Céard atá tú ag iarraidh a dhéanamh nuair a bheidh tú mór?’ Scríobh sé ‘stand-up comedian’.

“Tógadh mé le Gaeilge agus nuair a bhí mé i mo dhéagóir bhí mé tógtha leis an aisteoireacht agus drámaíocht – na rudaí d’aon duine nach raibh sporty! Ba bhreá liom aithris a dhéanamh ar dhaoine.

“An bronntanas a cheannófaí dom faoi Nollaig nó mo bhreithlá ná dlúthdhioscaí Gift Grub agus bhí mé ag déanamh aithris de na haithrisí sin. Sin é an tús agus an áit gur aimsigh mé an grá don ghreann.”

Lean an grá sin leis ar feadh a shaoil, is léir, bíonn sé ar stáitse go rialta le Gael-Gáirí, oícheanta grinn as Gaeilge atá beagnach cúig bliana déag ar an bhfód anois. Bíonn sé le cloisteáil ar 2FM chomh maith agus beidh sraith nua teilifíse, Croí na Féile, á cur i láthair aige ar TG4 go luath. Ach céard é croí na féile?

“Nach í sin an cheist mhór atá ag gach duine! An dearcadh a bhí againne agus muid ag déanamh an chláir – nuair a amharcann tú ar fhéile agus an méid oibre a théann isteach cúl stáitse agus an t-eagrú ar fad atá ann lena dhéanamh. Na rudaí beaga, na daoine atá ag déanamh tae, na daoine atá ag seiceáil ticéad, oibrithe deonacha agus daoine atá fostaithe.”

I rith na sraithe tugann Hugh cuairt ar fhéilte ar fud na tíre, Oireachtas na Samhna i mBéal Feirste, agus Féile Ealaíon na Gaillimhe ina measc. Buaileann sé leis na daoine atá ag réiteach, feictear blaiseadh de na himeachtaí agus ó ham go céile cuirtear ag obair é. Ní fhágfar éinne díomhaoin.

Chuaigh scéal Chruinniú na mBád i gCinn Mhara i bhfeidhm go mór air.

“Na leaids a thosaigh an fhéile sin, tógadh iad san am nuair a bhíodh na báid ag tabhairt móna go hÁrainn. Bhí earnáil mhór dó seo ann agus chomh luath is a tháinig an gás agus na leoraithe, scriosadh é.

“Seo an dóigh a bhí ann leis an traidisiún a choinneáil beo agus sin é an fáth a thosaigh siad an fhéile. Tá sé dochreidte an méid oibre a théann isteach ann saor in aisce agus tá an fhéile ar siúl ó na seachtóidí.”

Bhí tuiscint aige ar an obair a théann isteach i bhféilte beaga áitiúla, a deir sé, ach tá ómós nua aige anois don obair ar fad i ndiaidh dó a bheith ag obair ar an tsraith seo.

“San áit a tógadh mise, in aice linn sa Chlochán Liath, tá an fhéile Mary of Dungloe – sórt Rós Thrá Lí gan aon airgead! Bhí saghas eolas agam ar an gcraic a bhaineann le féilte áitiúla agus rachainn ag na féilte móra ar nós Electric Picnic, mothaíonn sé ar nós fógra ollmhór.”

Chonaic sé an tionchar mór a bhíonn ag féilte áitiúla ar na daoine atá páirteach iontu, agus luann sé an díograis agus dúthracht a bhaineann le féile a choinneáil ag imeacht bliain i ndiaidh bliana.

“Bhí sé deas a fheiceáil an tionchar a bhí ag na féilte ar na daoine a bhí ann. Ceann acu, Féile na Laoch, níl sé ann ach gach seacht mbliana agus tá an uimhir a seacht iontach tábhachtach dóibh.

“Ní raibh ach trí nó ceithre cinn acu go dtí seo. An dóigh a dtógann sé an áit agus an méid grá a labhraíonn na heagraithe air, ní hamháin leis an bhféile sin ach leis na féilte uile.”

Is mór an spraoi achar beag a chaitheamh ag caint le Hugh. Tá sé lán le fuinneamh agus diabhlaíocht, agus ní iontas ar bith é go luann sé Rónán Mac Aodha Bhuí ar dhuine de na laochra atá aige.

Agus é i mbéal an phobail go bhfuil daoine óga ag cur suim sa nGaeilge, agus an chaint ar fad ar ‘móimint’ na teanga, cuimhníonn Hugh siar ar an obair a rinne Rónán ar feadh na mblianta.

“Bímse i gcónaí ag labhairt faoi Rónán Mac Aodha Bhuí, nuair a bhím ag labhairt faoi dhaoine a bhí ag déanamh rudaí ‘cool’ sa Ghaeilge, roimh gach duine eile.

“An sprioc a bhí aige ná an spás sin a chruthú do dhaoine óga agus an spás sin a bhí saghas ‘cheeky’ agus dána agus rudaí mar sin a chur le chéile.

“Gan é, ní bheadh a leithéid de Kneecap nó an amharc seo atá ag daoine ar chultúr na hÉireann. Eisean an bhunchloch agus tógann muidinne ar bharr ar an obair a bhí déanta aige.”

Tá moladh mór aige d’Oireachtas na Samhna agus na daoine ar fad a oibríonn leis an bhféile a chur ar bun. Ní haon dochar é go bhfuil sé ina rún i gcónaí ag na Gaeil, a deir sé idir mhagadh agus dáiríre.

“Sílim go bhfuil achan duine ag feiceáil anois cé chomh spraíúil is atá an Ghaeilge. Deirimse i gcónaí chomh luath is a aimsíonn na Béarlóirí Oireachtas na Samhna, beidh deireadh linn! Céard?

“Tá cóisir mhór agaibh agus achan duine ag labhairt Gaeilge? Tá na réalta ar fad ann? Tá sé go fóill mar rún beag s’againne go dtí sin!”

Is anois atá pobal níos leithne ag tuiscint go bhfuil saol na Gaeilge ann, a deir Hugh.

“Fiú leis na meáin shóisialta, bíonn daoine ag rá, Oh my God, tá GaelTok massive, an méid sin daoine atá ag úsáid Gaeilge ar-líne anois díreach, like díreach anois! Is bíonn mise ag smaoineamh, bhuel, tá aithne agamsa ar dhaoine atá ag déanamh rudaí greannmhara ar-líne ó 2015, só deich mbliana ó shin. Is léir go raibh an spás sin ann, ach sílim go bhfuil an t-aitheantas i bhfad níos láidre anois, rud atá iontach.”

Fág freagra ar '‘Chomh luath is a aimsíonn na Béarlóirí Oireachtas na Samhna, beidh deireadh linn!’'