Tacaíocht léirithe ag Sabina Higgins d’fheachtas atá eagraithe ag grúpa Gaeltachta ar son ghasúir Gaza

Tá sé fógartha ag an ngrúpa Gaeil ar son Gaza, atá lonnaithe sa Rinn, go bhfuil Sabina Higgins chun coinneal a lasadh in Áras an Uachtaráin mar chuid den fheachtas ‘Solas do Pháistí Gaza’

Tacaíocht léirithe ag Sabina Higgins d’fheachtas atá eagraithe ag grúpa Gaeltachta ar son ghasúir Gaza

Tá tacaíocht léirithe ag Sabina Higgins, bean chéile an Uachtaráin, d’fheachtas tacaíochta nua do pháistí Gaza atá eagraithe ag grúpa Gaeltachta.

Tá sé fógartha ag an ngrúpa Gaeil ar son Gaza, atá lonnaithe sa Rinn, go bhfuil sé curtha in iúl ag Sabina Higgins go bhfuil sí chun coinneal a lasadh in Áras an Uachtaráin mar chuid den fheachtas ‘Solas do Pháistí Gaza’.

Dúirt urlabhraí de chuid an ghrúpa go bhfuil “ríméad” orthu go bhfuil Sabina Higgins chun tacú leo.

Tá tacaíocht léirithe cheana féin aici d’fheachtais chabhrach do mhuintir Gaza atá ag fulaingt de thoradh an chogaidh le hIosrael.

Táthar ag iarraidh ar dhaoine fud fad na hÉireann coinneal a lasadh ar an gCéadaoin, an chéad lá Bealtaine ar a 9.30in, tar éis luí na gréine, ar son gach páiste atá maraithe ag Iosrael i nGaza.

Tá sé mar sprioc ag Gaeil ar son Gaza breis is €15,000 a chruinniú ar mhaithe leis an Palestine Children’s Relief Fund [Ciste Fóirithinte Leanaí Gaza], eagraíocht charthanachta do pháistí atá lonnaithe sa Phalaistín. Tá beagnach €11,000 bailithe go dtí seo trí leathanach GoFundMe.

Tá Kneecap, The Wolfe Tones agus Mary Coughlan i measc na gceoltóirí, polaiteoirí agus daoine aitheanta a bhfuil físeáin á dtaifeadadh acu ag léiriú tacaíochta don fheachtas ‘Solas do Pháistí Gaza’ atá á scaipeadh ar na meáin shóisialta.

Fág freagra ar 'Tacaíocht léirithe ag Sabina Higgins d’fheachtas atá eagraithe ag grúpa Gaeltachta ar son ghasúir Gaza'