Feachtas seolta ag grúpa Gaeltachta do pháistí Gaza

Tá an feachtas ag iarraidh feasacht a ardú faoin ngéarchéim atá ag titim amach in Gaza agus chun airgead a bhailiú don Palestine Children's Relief Fund

Feachtas seolta ag grúpa Gaeltachta do pháistí Gaza

Tá Kneecap, The Wolfe Tones, Mary Coughlan agus Síle Denvir i measc na gceoltóirí, amhránaithe agus daoine aitheanta eile a bhfuil tacaíocht léirithe acu d’fheachtas tacaíochta nua do pháistí Gaza atá eagraithe ag grúpa Gaeltachta.

‘Gaeil ar son Gaza’ a sheol an feachtas ‘Solas do Pháistí Gaza’ agus iad ag iarraidh ar dhaoine fud fad na hÉireann coinneal a lasadh ar an gCéadaoin an chéad lá Bealtaine ar a 9.30in, tar éis luí na gréine, ar son gach páiste atá maraithe ag Iosrael i nGaza.

Tá leathanach GoFundMe cruthaithe ag an ngrúpa chomh maith chun airgead a thiomsú don Palestine Children’s Relief Fund [Ciste Fóirithinte Leanaí Gaza], eagraíocht charthanachta do pháistí atá lonnaithe sa Phalaistín.

Tá ceoltóirí, polaiteoirí agus daoine aitheanta eile le físeáin a thaifeadadh le scaipeadh ar na meáin shóisialta ag léiriú a dtacaíocht don fheachtas.

Deir na húdaráis sláinte i nGaza, a bhfuil Hamas i gceannas orthu, go bhfuil breis is 13,000 páiste maraithe de bharr an chogaidh atá ar bun sa cheantar.

Chomh maith leis sin, deir an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte go bhfuil páiste as gach seisear i nGaza faoi 2 bhliain d’aois míchothaithe anois toisc cosc ar sholáthairtí bia agus uisce agus go bhfuil 17,000 páiste fágtha ina ndílleachtaí.

Deir Áine Uí Fhoghlú, an file Gaeltachta agus duine de bhaill an ghrúpa Gaeil ar son Gaza, gur spreagadh an grúpa chun gnímh tar éis dóibh an t-uafás atá ag tarlú do pháistí Gaza a fheiceáil.

“Cé nach rabhamar ábalta aon rud a dhéanamh chun an t-uafás atá ar pháistí na Palaistíne a chosc, ar a laghad is féidir linn é seo a dhéanamh agus beagán tacaíocht airgid a thabhairt dóibh,” a dúirt Uí Fhoghlú. “Ardaíonn sé feasacht chomh maith, go mbeadh muintir na hÉireann ag cuimhneamh ar pháistí na Palaistíne ar an 1 Bealtaine agus sinne ag tabhairt aghaidh isteach ar an samhradh agus an solas agus mar sin de agus ansin cuimhneamh go bhfuil an dorchadas agus an duairceas fós ag leanúint pháistí na Palaistíne.”

Deir Uí Fhoghlú go bhfuil an t-uafás chomh dona sin gur ar éigean is féidir cur síos a dhéanamh air.

“Rud eile a chur alltacht orainn ná go bhfuil síceolaithe ag rá anois go bhfuil páistí chomh hóg le cúig bliana d’aois i nGaza ag rá go bhfuil fonn orthu lámh a chur ina mbás féin mar gurbh fhearr leo an bás ná an bheatha. Chuirfeadh sé fuarallas ar aon tuismitheoir éisteacht leis sin.”

Deir Gaeil ar son Gaza gur iontach an gníomh dlúthpháirtíochta “le pobal creachta na Palaistíne” a bheidh i lasadh na mílte coinneal in éineacht.

Deir Gaeil ar son Gaza go bhfuil tacaíocht geallta freisin ag an Seanadóir Frances Black, Roz Purcell, Tadhg Hickey, an Feisire Eorpach Mick Wallace, an Teachta Dála Thomas Pringle, Sibéal Davitt, Nell Ní Chróinín, Eoghan Ó Ceannabháin, Róisín Elsafty agus go leor eile.

Fág freagra ar 'Feachtas seolta ag grúpa Gaeltachta do pháistí Gaza'

  • Pádraig Ó Baoill

    Is náireach agus is uafásach an méid atá ag titim amach agus an domhan mór ag breathnú ar chinedhíothú os a gcomhair -Gaeil ar son Gaza abú! Sos cogaidh láithreach! Baghcatt an Teach Bán & táirgí a thacaíonn le rialtas na hIosrael- Tacaigh le cás na hAfraice Theas maidir le cinedhíothú na hIosrael agus tá sé thar am ruaig a chur ar ambassadóir na hIosrael.

  • Pádraig

    I dtuairisc sa Sunday Times ag an deireadh seachtaine, dúradh nach bhfuil aon easpa soláthairtí bia agus leighis ann ach nach bhfuil ag éirí leo na soláthairtí a chur chomh fada le muintir Gaza. Tá cúiseanna éagsúla leis sin – Hamas agus ISISa bheith ag creachadh na leoraithe cúnaimh (tá ISIS fós gníomhach i bhfásach Sinai agus caithfidh cuid mhaith de na leoraithe a mbealach a dhéanamh ón Éigipt tríd an bhfásach céanna), na soláthairtí a bheith á seoladh isteach ón aer (téann cuid mhaith le gaoth isteach san fharraige nó isteach in Iosrael féin), agus moilleanna rófhada (is gá seiceálacha diana a dhéanamh ar na leoraithe toisc go bhfuil eagla ar Iosrael go ndéanfaí airm a smuigleáil isteach). Ar ndóigh, fadhb mhór eile ná go bhfuil an bealach isteach ó Iosrael dúnta faoi láthair mar gheall ar an mbaol smuigleála arm.

    D’fhéadfadh Hamas deireadh a chur leis an slad agus leis an mbaol ocrais trí na gialla a scaoileadh saor agus trína gcuid airm a thabhairt suas. Dá bhrí sin, is iadsan is mó is cúis le fulaingt agus cruatan mhuintir Gaza faoi láthair. Ach tá léirithe acu arís is arís eile gur cuma leo dáiríre faoi phobal Gaza – tá fuath chomh mór sin acu do na Giúdaigh gur fearr leo ár agus scrios a tharraingt ar a bpobal féin seachas ligean do na Giúdaigh maireachtáil faoi shíocháin ina stát féin ar leac a ndorais.

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Is maith sibh. An smaoineamh an coinneal a lasadh ar an 1 Bealtaine.

  • Doireann

    Sé’n trua mór é bolscaireacht Iosraelach a fheiscint sna tráchtanna seo.

    Beidh mise ag lasadh coinneal libh ar an 1ú Bealtaine, agus ag tacú leis an bailiúchán.

    Go raibh míle maith agaibh as é seo a dhéanamh, tá géarghá chun a bheith ann le gach píosa airgid gur féidir leis an domhain a bhailiú le chéile i ndiaidh an slad uafásach seo.

  • Eoin

    Mar fheagra ar Phádraig thuas – Faraor, tá dul amú ort más dóigh leat go gcuirfeadh Iosrael deireadh láithreach lena bhfheachtas cinedhíthú atá ag dul ar aghaidh ó 1948 má scaoileann an Phailistín saor cúpla gialla?!! Is léir go bhfuil do chuid eolais ar stair na háite easnamhach!
    Ag deireadh an lae tá páistí á marú in aghaidh an nóiméid, gan a bheith ag trácht ar siúd atá ag fáil bháis den ocras de bhárr ghorta atá brúite ag Iosrael orthu.
    Tuigtear dom go bhfuil feachtas seo na gcoinneal dírithe ar thrua agus tacaíocht do pháistí; agus gur ar bhonn daonnachta atá sé – go bhfios dom níl aon pháiste i Hamas!!

  • Michéal

    Cinedhíothú ag tarlú faoi láthair. Tá sé iontach daoine a fheiceáil ag déanamh rud éigin faoi. Is féidir Iosrael agus a marú a fheiceáil ag an domhan ar fad. Is mór an náire é nach bhfuil ár rialtas féin ag déanamh níos mó trí sheasamh leis an Afraic Theas agus ambasadóir na nIosraelach a dhíbirt, gan trácht ar dhul go dtí an Teach Bán le lámh a chroitheadh ​​leis na daoine atá ag ligean agus ag cabhrú leis an gcinedhíothú seo tarlú.

  • Michéal

    Cinedhíothú ag tarlú faoi láthair. Tá sé iontach daoine a fheiceáil ag déanamh rud éigin faoi. Is féidir Iosrael agus a marú a fheiceáil ag an domhan ar fad. Is mór an náire é nach bhfuil ár rialtas féin ag déanamh níos mó trí sheasamh leis an Afraic Theas agus ambasadóir na nIosraelach a dhíbirt, gan trácht ar dhul go dtí an Teach Bán le lámh a chroitheadh ​​leis na daoine atá ag ligean agus ag cabhrú leis an gcinedhíothú seo tarlú.

  • Carraig

    Is léir gur urlabhraí de chuid nó ar son Ambasáid Iosraeil is ea an ‘Pádraig’ sin thuas. ‘Baol ocrais’? “Ligean do na Giúdaigh maireachtáil faoi shíocháin”? “An bealach isteach ó Iosrael dúnta”! Bolscaireacht agus scannal!!

  • Cabríní de Barra

    Ní cogadh é seo ach cinedhíothú. Iad ag déanamh ionsaí ar phobal Gaza i ngach aon slí, ag úsáid an ocras agus cosc ar leigheas mar uirlis troda ar bharr na hionsaithe foréigneach, leanúnacha eile. Ní thuigim aon duine atá ábalta leithscéal a dhéanamh do ghníomhaíocht na hIosrael faoi láthair. Níor thosaigh Hamas é seo agus ní féidir leo deireadh a chur leis. Féach siar go 1948 agus gheobhaidh tú freagra ar an dá cheist. Tá na mílte páistí i measc na marbh go dtí seo, agus beidh níos mó, mura sheasann an Domhan le chéile agus labhairt amach ar aon ghuth i gcoinne cad atá ar siúl.

  • jpmorley0@gmail.com

    A Phádraig.
    Chuir Iosrael iachall ar 18 dtrucail déag fanacht 18 lá chun trasnú ón Iordáin isteach go Gaza agus iad lomlán le cabhair dhaonnúil, ní gunnaí ná armlón. Tá caladh maith mór gar d’Ashdod in Iosrael, mar a bhféadfaí an lastas cabhrach a chur i dtír ón gCipir gan a thuilleadh moille dá dtoileodh na hIosraelaigh chuige. Iad san na máistrí. Ach is é fírinne an scéil go dteastaíonn ó Iosrael ocras agus gorta agus galar a úsáid mar arm cogaidh…téadh leanaí, mná, seandaoine nó easláin eile in ainm an diabhail bhuí. Tá spior spear náireach á dhéanamh acu den dlí daonnúil idirnáisiúnta ó Dheireadh Fómhair 7 seo caite. Is é an aidhm atá acu agus é sainráite go neamhbhalbh agus go poiblí GO MINIC ná cinedhíothú a dhéanamh ar na ‘fo-dhaoine’ in Gaza.

  • jpmorley0@gmail.com

    Na tonnaí agus na tonnaí bia agus bunriachtanaisí eile i ngiorracht cúpla míle slí do chréatúirí bochta atá i ngreim an ghátair is an ghorta agus gach bac, gach leithscéal, gach bréag á n-úsáid lena moilliú nó lena stop. Éirigh as in ainm dílis Dé!

  • Áedán Dáire

    Iontach an rud feachtais mar seo ag tarlú!
    Maidir leis an raiméas sin ag Pádraig thuas-bhí ainghníomhartha iosraeil ar siúil a bhfad sula raibh Hamas ar an saol ar chor ar bith. Tá ainghíomhartha iosraeil ag leanúint agus ag méadú i gceantair nach bhfuil Hamas ann. Tá dlíthe idirnáisiúnta á sárú ag iosrael de shíor.
    Duine ar bith atá eolach agus ionraic tuigtear dóibh gur cinedhíothú atá ar siúl, go bhfuil iosrael ag saothrú fuath an domhain leis an bhrúidiúlacht mí-mhorálta, dochosanta atá idir lámha acu. Ach is léir nach bhfuil Pádraig eolach nó ionraic-ach ag cosaint slad agus gorta ar pháistí-mór an náire

  • Pádraig

    Ní luafaidh mé ach cúpla pointe mar fhreagra ar na tráchtanna thuas.

    1. Bhí 1.7 milliún Palaistíneach ann in 1948 – tá 5.5 milliún ann sa Bhruach Thiar agus sa stráice Gaza sa lá atá inniu ann. Ní thuigim cén chaoi gur cinedhíothú é sin.

    2. Ní dúirt mé go réiteofaí an choimhlint ina hiomláine dá scaoilfeadh Hamas saor na gialla agus dá leagfaidís síos a gcuid arm. Ach is iadsan a chuir tús leis an mbabhta cogaíochta is déanaí agus ba cheart cuid mhór den mhilleán a chur orthu as an tubaiste atá ag tarlú anois.
    Thuig siad go mbeadh freagra fíochmhar ann ó Iosrael tar éis an 7ú Deireadh Fómhair agus bhí siad sásta pobal Gaza a íobairt ‘ar son na cúise’. Ba mhian leo ár agus scrios a dhéanamh ar Ghiúdaigh agus cogadh bolscaireachta a fhearadh i gcoinne Iosrael ina dhiaidh sin tríd an milleán ar fad a chur na hIosraelaigh as an tubaiste a lean in Gaza.

    3. Bhí Iosrael sásta glacadh le socrú críochdeighilte an UN in 1948 ach ní raibh na Palaistínigh ná na stáit Arabacha. Fearadh cogadh ar Iosrael an uair úd agus tá Iosrael ag iarraidh é féin a chosaint ó shin i leith. Ní tógtha ar Iosrael é go bhfuil sé in ann é féin a chosaint agus an ceann is fearr a fháil ar na tíortha Arabacha máguaird. Tá sé deacair do na tíortha Moslamacha glacadh le stát Giúdach a bheith ann ar chor ar bith sa Mheánoirthear mar is ‘dhimmithe’ a bhí sna Giúdaigh riamh anall sna críocha Moslamacha (is é sin le rá go raibh stádas an íochataráin acu). Tá náire ar na hArabaigh nár éirigh leo na Giúdaigh a chloí sna cogaí iomadúla a d’fhear siad orthu, agus sin cuid den chúis go bhfuil fearg chomh mór sin ann i leith Iosrael. Nach dream bocht dearóil iad na Giúdaigh nár cheart cumas troda nó féinchosanta a bheith iontu in aon chor?

    4. I bhfeachtas a mhair 9 mí in 2017, mharaigh fórsaí an Iarthair thart ar 11,000 sibhialtach agus iad ag iarraidh fáil réidh le ISIS i Mosul. Ar ndóigh, is tubaiste é an oiread sin sibhialtach bás a fháil ach ar cuireadh i leith thíortha NATO go raibh cinedhíothú á dhéanamh acu ar phobal Mosul? Níor cuireadh – tuigeadh go raibh siad ag iarraidh fáil réidh le grúpa sceimhlitheoireachta a chuireann iad féin faoi cheilt i measc na sibhialtach. Níor damnaíodh fórsaí an Iarthair ó dhubh go dubh as an méid a rinne siad – tuigeadh go raibh misean casta baolach acu agus go mba fhíordheacair dóibh gan sibhialtaigh a mharú. Is ionann ISIS agus Hamas. Tá Hamas ag iarraidh na hIosraelaigh a dhíothú. Tá ráite ag Hamas go leanfaidh siad leis na hionsaithe ar Iosrael go dtí go n-éireoidh leo sin a dhéanamh – is é sin le rá nach nglacann Hamas le Giúdach ar bith a bheith beo ar thalamh na Palaistíne (i.e. tá siad ag iarraidh na Giúdaigh ar fad in Iosrael a mharú agus an talamh ar fad a bheith acu dóibh féin).

    5. Níl aon bhaint agamsa le hAmbasáid Iosrael ach tá bá agam leis an bpobal Giúdach. Nó b’fhéidir nach bhfuil sé inghlactha a thuilleadh bá ar bith bheith ag duine leis an bpobal Giúdach, go háirithe i measc na nGael?

  • Treasa Ní Mhurchú

    Ní maith an fhírinne a chlaonadh as a riocht. Mholfainn go láidir do Phádraig tamall a chaitheamh ag léamh faoi Fhorógra Arthur Balfour (Aire Gnóthaí Eachtracha na Breataine) agus an socrú a rinne sé le Lionel Rothschild, ceannasaí Ghluaiseacht an tSíonachais i 1917, le sceilp mór de thír nárbh leis a bhronnadh ar na Síonaigh chun stát a bhunú do na Giúdaigh. Ag an am seo ní raibh sa phobal Giúdach ach 2% de phobal iomlán na Palaistíne agus iad ag maireachtáil go síochánta lena gcomharsana.

    Mholfainn dó tamall a chaitheamh, le hintinn oscailte, ag léamh faoin slad agus ár a rinne fórsaí Iosraeil ar 530 sráidbhaile i 1948 agus mar a leanadar ag goid talún ón Phalaistín arís i 1967 agus riamh ó shin, ag leagain tithe agus ag adhlacadh daoine ina mbeatha, ag céasadh na bpríosúnach a ghabhadar. Dála an scéil, ní raibh aon rian de Hamas ann an uair úd.

    Is fealsúnacht mídhaonna, forchiníoch í an Síonachas atá bunaithe ar chine eile a dhíothú mar go gcreideann Síonaigh go bhfuil siad níos mó i dteideal na beatha ná éinne eile. Ní féidir é a chur i bhfeidhm gan fóirneart agus cinedheighilt, brúidiúlacht agus barbarthacht mar atá ar siúl inniu.

    Má tá méadú tagtha ar an daonra sa Bhruach Thiar, is toisc go bhfuil siad díbeartha ag Iosrael as a mbailte féin ar fud na Palaistíne agus brúite isteach sa chúinne beag sin acu. Tá 7 milliún Palaistíneach a bhfuil stádas teifigh aitheanta go hidirnáisiúnta acu ina gcónaí ar deoraíocht thar lear, agus ceart dleathach aitheanta go hidirnáisiúnta acu filleadh ar an mbailte, ach é sin á chosc ag bullaíocht agus foréigean stát Iosrael. Tá Iosrael ag tacú le lonnaitheoirí cóilíneacha ag ruaigeadh Palaistínigh as a mbailte sa Bhruach Thiar, sa chaoi is go bhfuil 750,000 lonnaíocht mídhleathach anois ag Iosraelaigh ar thailte goidte ón bpobal Palaistíneach.

    Is ar an bhforéigean agus ar an mbarbarthacht a bunaíodh stát Iosraeil agus is le cinedheighilt, brúidiúlacht, slad agus ár a choimeádann siad greim ar an talamh breise go léir atá goidte acu ó bunaíodh é. Thaithíomar féin a leithéid de stair, ní hionadh go mbeadh bá againn leis na híospartaigh.

  • Áedán Dáire Ó Donghaile

    A Phádraig, ní luafaidh mé ach pointe amháin maidir le do réasúnacht thuas:
    I Rwanda i 1948 bhí 1.89M de dhaonra.
    I Rwanda i 1995 bhí 5.69M de dhaonra.
    Ar tharla cinedhíothú ansin?

  • Gabhánach de Nógla

    Ar an liathróid Áedán, fairplay duit!