Ghlac os cionn 400 duine páirt i rásaí Inis Iron Meáin ar Inis Meáin ag an deireadh seachtaine agus fiche bliain á gceiliúradh ag an rás. Pictiúir: Iain McDonald
Laoch Rugbaí Chonnacht, Tiernan O’Halloran, agus é ag tabhairt bualadh bos do reathaithe Inis Iron Meáin
Reathaithe Inis Iron Meáin, ag cur tús leis na rásaí 12, 10 agus 5 ciliméadar ar Inis Meáin ag an deireadh seachtaine
Mary O’Toole, Ros Muc lena hiníon Treasa Nóinín, a bhí páirteach in Inis Iron Meáin
Eimear O’Leary, Galway City Harriers, agus í ar a bealach le rás an 10 ciliméadar in Inis Iron Meáin, a bhuachan
Marcus Ó Fátharta and Lucas Ó Curraoin, Inis Meáin, ag Inis Iron Meáin
Rodhlann Mossop, a bhuaigh an rás ag Inis Iron Meáin
Colette Mhic an tSaoir, Inis Meáin agus a mac Benín, a ghlac páirt sa rás
Eddie Hoare, Méara na Gaillimhe, Deirdre Jennings, Rós Thrá Lí na Gaillimhe, Mairéad Ní Fhatharta, Príomhoide Choláiste Naomh Eoin, Inis Meáin agus Tiernan O’Halloran, Rugbaí Chonnacht, roimh thús an rása Inis Iron Meáin
Tacaíocht ó phobal an oileáin do reathaithe Inis Iron Meáin
Eoin Lombard agus Gráinne Caulfield, Baile Locha Riach, ag rás Inis Iron Meáin ar Inis Meáin
Is mór an cúnamh ugach na gcomharsan ag rás Inis Iron Meáin
Córa Ní Chonghaile, An Cheathrú Rua, ag rith lena beirt mhac, Jamie agus Macdara, atá ar a chompord sa bpram
Cuid de dhúshlán an Inis Iron Meáin an rith ar an ngaineamh
Reathaithe i rith rásaí an Inis Iron Meáin
Mol an óige agus rithfidh sí! Pic: Iain McDonald.
Mary Boyd, Céila Breathnach, Róisín Clarke, Cathal Scanlan agus Nicole Nic a’ Bhaird, as Inis Meáin, a ghlac páirt i rásaí Inis Iron Man
Colette Blackmore, Inis Meáin, lena cliamhain Gerry Long and a triúr garmhac Oisín, Tomás agus Gearóid Long, a ghlac páirt in Inis Iron Meáin
Gobnait Ní Fhátharta, Inis Meáin lena beirt gharmhac, Conall and Tiarnán, ag an rás
Caroline agus Mark Gilroy, Inis Meáin, lena bpáistí Saoirse and Erinna, ag Inis Iron Meáin
Robert Toher, Béal Átha na Sluaighe lena athair Martin, ag an Inis Iron Meáin
Úsáid Fianáin:
Baineann an suíomh greasáin Tuairisc.ie úsáid theoranta as fianáin chun críche fheidhmiú éifeachtach an fhreastalaí agus chun na críche sin amháin; Mura roghnaíonn tú féin clárú linn, ní dhéantar aon sonraí pearsanta a stóráil, a aisghabháil ná a aistriú chuig tríú páirtí go huathoibríoch. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin agus go nglacann sé/sí leis go bhfuil sé fíor. Chun fanacht ar an suíomh seo brú ar an gcnaipe seo:
Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Fiche Bliain ag rith ag Inis Iron Meáin'