Easnaimh ‘thromchúiseacha’ ar sheirbhísí stáit i nGaeilge – tuarascáil bhliantúil

Bhain 39% de na gearáin a fuair Oifig an Choimisinéara Teanga in 2023 le scéimeanna teanga eagraíochtaí stáit, léiriú ar an “géarghá” leis an gcóras nua atá le tabhairt isteach ina áit

Easnaimh ‘thromchúiseacha’ ar sheirbhísí stáit i nGaeilge – tuarascáil bhliantúil

Léiríonn líon agus cineál na ngearán a rinneadh le hOifig an Choimisinéara Teanga anuraidh “easnaimh shuntasacha” sa tseirbhís phoiblí a chuireann an stát ar fáil trí Ghaeilge, a deirtear I dtuarascáil bhliantúil nua.

I measc na n-easnamh “is tromchúisí” a luann an Coimisinéir Teanga ina thuarascáil don bhliain 2023, tá “easpa foirne le hinniúlacht chuí sa Ghaeilge le croísheirbhísí poiblí a sholáthar”.

Luaitear chomh maith an “éagothromaíocht as cuimse” atá ann idir na seirbhísí teicneolaíochta ar líne a chuirtear ar fáil don phobal i mBéarla agus “an lagfhreastal bearnach trí Ghaeilge”.

“Ní mór athshamhlú a dhéanamh ag an tráth seo ar sheachadadh seirbhísí poiblí an Stáit trí Ghaeilge. Tá dlús criticiúil foirne le Gaeilge mhaith i gcomhlachtaí poiblí ag teastáil ionas go mbeidh muinín ag an bpobal teanga i seirbhísí poiblí trí Ghaeilge,” a deir an Coimisinéir Teanga, Séamus Ó Concheanainn.

Deirtear sa tuarascáil gur chun leas an phobail go mór a bheadh sé dá mbunófaí i limistéir pleanála teanga, sa Ghaeltacht agus lasmuigh di, ‘molchampais’ a chuirfeadh seirbhísí poiblí ar ardchaighdeán ar fáil i nGaeilge gach lá.

Dúirt Séamas Ó Concheanainn go mbeadh tábhacht ar leith ag baint chomh maith leis an bPlean Náisiúnta do Sheirbhísí Poiblí trí Ghaeilge a fhoilseofar níos deireanaí i mbliana.

“Tá sé riachtanach go leagfaidh an Plean Náisiúnta amach cosán soiléir trína dtiocfaidh feabhas suntasach ar chaighdeán agus ar líon na seirbhísí poiblí trí Ghaeilge.

“Tá cur chuige réadúil, forásach agus céimnithe, i dtreo na sprice 20% d’earcaithe le Gaeilge sa tseirbhís phoiblí faoin mbliain 2030, riachtanach freisin, le go rachfar i ngleic leis na bearnaí suntasacha reatha i seirbhísí poiblí trí Ghaeilge.”

Léiríonn iniúchadh a rinne Tuairisc i mbliana go bhfuiltear anois ag maíomh nach ‘earcaigh nua’ amháin atá i gceist leis an sprioc gur cainteoirí Gaeilge a bheidh in 20% de na daoine a earcófar ‘chuig an tseirbhís phoiblí’ amach anseo, agus ‘earcaithe’  seachas ‘earcaithe nua’ an téarma atá in úsáid i dtuarascáil nua an Choimisinéara Teanga.

Deir an Coimisinéir Teanga sa tuarascáil go bhfuil “toradh dearfach” na reachtaíochta teanga nua [Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021] le tabhairt faoi deara “sa mhéadú suntasach” atá ag teacht ar an bhfógraíocht a dhéanann eagraíochtaí stáit trí Ghaeilge ar na meáin chumarsáide.

Ardú 6% a tháinig ar líon iomlán na ngearán a fuair Oifig an Choimisinéara Teanga anuraidh – 634 gearán i gcomparáid le 600 in 2022.

Bhain 39% den 634 gearán a fuair Oifig an Choimisinéara Teanga in 2023 le gealltanais a bhí tugtha ag eagraíochtaí stáit ina gcuid scéimeanna teanga reachtúla.

Deir an Coimisinéir Teanga gur léirigh an céatadán ard sin “an géarghá” le córas nua na gcaighdeán teanga, atá le teacht in áit chóras na scéimeanna teanga.

Tuairiscíodh ar an suíomh seo le déanaí go bhfuil feidhmiú an chórais nua faoina gcuirfear dualgas ar chomhlachtaí poiblí seirbhísí trí Ghaeilge a chur ar fáil le cur siar ag an Rialtas.

Faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, a leasaíodh ag deireadh 2021, tá córas nua na gcaighdeán le teacht i bhfeidhm roimh dheireadh na bliana seo, ach tá an Rialtas ag iarraidh an reachtaíocht a leasú chun síneadh a chur le córas na scéimeanna teanga.

Tá cinneadh déanta le fada go gcaithfí i dtraipisí córas na scéimeanna teanga, an córas faoina n-aontaíonn comhlachtaí poiblí ina gceann agus ina gceann scéim teanga le Roinn na Gaeltachta, scéimeanna a chuireann ceangal orthu seirbhísí áirithe a chur ar fáil i nGaeilge.

In áit chóras na scéimeanna tá scéim na gcaighdeán le tabhairt isteach, scéim faoina leagfar dualgais chaighdeánacha ar ghrúpaí comhlachtaí poiblí ag brath ar an teagmháil a bhíonn acu leis an bpobal.

Fág freagra ar 'Easnaimh ‘thromchúiseacha’ ar sheirbhísí stáit i nGaeilge – tuarascáil bhliantúil'