Ní foláir d’Fhine Gael iarrthóirí le Gaeilge a mhealladh – Kyne

Deir an Seanadóir agus iar-aire Stáit Gaeltachta nach mbeidh ach corrdhuine le Gaeilge ag seasamh d’Fhine Gael sa chéad olltoghchán eile agus gur ceist í ar chóir don pháirtí díriú uirthi

Ní foláir d’Fhine Gael iarrthóirí le Gaeilge a mhealladh – Kyne

Deir Seanadóir agus iar-aire stáit de chuid Fhine Gael go léiríonn na deacrachtaí a bhí ann Teachta Dála ón bpáirtí a fháil le bheith ina aire stáit Gaeltachta go dteastaíonn tuilleadh cainteoirí Gaeilge sa pháirtí.

Dúirt an Seanadóir Seán Kyne, iar-aire stáit na Gaeltachta, nach mbeidh ach “corrdhuine” le Gaeilge ag seasamh d’Fhine Gael sa chéad olltoghchán eile agus gur ceist í sin ar chóir don pháirtí díriú uirthi.

“Teastaíonn níos mó daoine a bhfuil Gaeilge acu sa pháirtí. Faoi láthair, tá mé féin agus Barry Ward ann, tá Fergus O’Dowd ag imeacht, tá Naoise Muirí i mBaile Átha Cliath ag seasamh sa chéad olltoghchán eile agus tá Gaeilge aige. Tá cúpla duine trasna na tíre ach níl a fhios agam mórán eile.

“Caithfidh muid é seo a thabhairt san áireamh, tá cuóta inscne 40% i gceist, beidh sé sin á thabhairt san áireamh ach ba chóir go mbeadh daoine le Gaeilge san áireamh agus seans acu a bheith tofa.”

Dúirt Kyne go mbeidh dúshlán roimh an pháirtí daoine le Gaeilge a mhealladh le seasamh sa toghchán.

“Tá sé tábhachtach go bhfuil cainteoirí Gaeilge laistigh den pháirtí. Ceist í ar chóir díriú uirthi roimh an gcéad toghchán eile.

“Tá sé deacair iarrthóirí a fháil agus níos deacra ansin iarrthóirí le Gaeilge a fháil agus feiceann muid sna páirtithe eile nach bhfuil an líon céanna cainteoirí Gaeilge acu,” a dúirt sé.

De réir suirbhé a rinne Tuairisc aimsir an toghcháin dheireanaigh, seachtar Teachtaí Dála de chuid Fhine Gael a thug le fios go raibh Gaeilge acu. Duine acu sin Patrick O’Donovan agus duine eile réamhtheachtaí Harris in oifig an Taoisigh, Leo Varadkar.

Tá sé fógartha ag ceathrar den chúigear eile Teachtaí Dála de chuid Fhine Gael a bhfuil Gaeilge acu – Fergus O’Dowd, Brendan Griffin, Michael Creed agus an t-iar-aire Gaeltachta, Joe McHugh – nach mbeidh siad ag seasamh sa chéad toghchán eile.

Is í Hildegarde Naughton, an t-aon Teachta Dála eile de chuid Fhine Gael a deir go bhfuil dóthain Gaeilge aici chun agallamh beo a dhéanamh ar na meáin chraolta.

Deir Seán Martyn, ball de Choiste Gaeilge Ógra Fhine Gael, go bhfuil gá leis an Ghaeilge a fhorbairt i bhFine Gael ach go bhfuil dóchas air go mbeidh níos mó iarrthóirí óga le Gaeilge ag teacht chun cinn.

“In Ógra Fhine Gael, tá go leor ball a bhfuil Gaeilge acu agus go leor eile a bhaineann úsáid as an’ cúpla focal’.

“Tá coiste Gaeilge againn in Órga Fhine Gael agus déanann muid iarracht an Ghaeilge a chur chun cinn sna cáipéisí a fhoilsíonn muid ach sa pháirtí sinsearach, ní chuirtear an bhéim chéanna ar na hiarrachtaí sin. Cinnte is ceist í don pháirtí.

“Tá sé iontach tábhachtach go mbeadh daoine tofa sa pháirtí atá in ann meon an pháirtí a léiriú agus dul ar TG4, ar Raidió na Gaeltachta agus ar na meáin eile.

Fág freagra ar 'Ní foláir d’Fhine Gael iarrthóirí le Gaeilge a mhealladh – Kyne'

  • Siún De Barra

    Seán Kyne a chara,
    Seo dhá moladh dhuit.
    1. Mar atá á dhéanamh ar fud an domhain bíodh “pop up Gaeltacht” ag Fine Gael agus feicfidh sibh ansin cé mhéid Gaeilgeoirí atá sa pháirtí. Seans go bhfuil daoine le Gaeilge sa pháirtí ag fanacht ar an leithscéal an chéad teanga.
    2. Labhair Gaeilge níos minicí sa Dáil mar is fíorbheagán den teanga náisiúnta atá á labhairt sa phairlimint náisiúnta agus seans go spreagfadh tú polaiteoirí agus gnáth daoine a bhíonn ag féachaint ar Oireachtas TV.