‘Tá sé déanta cheana, bhí sé ar fad déanta ag Mary O’Hara’

Labhair an cruitire Cormac de Barra agus Lauren Ní Néill ó Chruit Éireann le Tuairisc faoi albam nua atá déanta ag de Barra le Moya Brennan mar cheiliúradh ar an gceannródaí Mary O’Hara

‘Tá sé déanta cheana, bhí sé ar fad déanta ag Mary O’Hara’

Cruitire agus soprán aitheanta as Sligeach ó dhúchas í Mary O’Hara a tharraing clú agus cáil ar fud an domhain sna 1950idí agus 1960idí as an stíl cheoil a bhí aici agus an athbheochan a rinne sí ar an amhránaíocht le tionlacan na cruite.

Tugann Voices & Harps IV, le Moya Brennan agus Cormac de Barra aitheantas do cheol Mary O’Hara le foinn agus amhráin ar nós ‘An Maidrín Rua’ agus ‘The Spinning Wheel’.

“Ba chruitire inspioráideach agus ceannródaí inár dtraidisiúin í Mary, agus is mó duine a raibh tionchar aici ar a gcuid ceoil, Moya Brennan agus Cormac de Barra san áireamh.” a deir Lauren Ní Néill, Príomhfheidhmeannach na heagraíochta Cruit Eireann.

Tá Cruit Éireann ag tacú ag tacú leis an ócáid speisialta ag a seolfar an t-albam nua i dTaibhdhearc na Gaillimhe ar bhreithlá Mary O’Hara.

Chuaigh na taifeadtaí a rinne O’Hara i bhfeidhm go mór ar an nglúin amhránaithe a tháinig ina diaidh, go leor acu a deir go raibh tionchar acu ar a stíl amhránaíochta féin. Moya Brennan ina measc.

Seo é an ceathrú halbam atá déanta ag Moya Brennan agus Cormac de Barra in éindí mar chuid de Voices and Harps, comhpháirtíocht a thosaigh siad thart ar an mbliain 2011. Nuair a thosaigh siad ag caint ar an albam is deireanaí leo ní raibh sé i bhfad nó go bhfuair siad amach go raibh ceangal pearsanta ag an mbeirt acu le O’Hara.

“Luaigh Moya liom, b’fhéidir bliain ó shin, gur mhaith léi rud éigin a dhéanamh in ómós do Mhary O’Hara mar gheall ar an gceangal atá aici féin léi,” a deir Cormac de Barra.

“Chuir a muintir ise go Sligeach go dtí Coláiste Ursuline, scoil chónaithe a bhí ansin, chun a bheith cosúil le Mary O’Hara,”

I ngan fhios don bheirt acu, bhí ceangal ag an dá chlann le scéal Mary O’Hara.

“Tá gach rud tagtha timpeall, tá an roth casta go hiomlán arís. Nuair a d’inis Moya an scéal sin domsa, dúras léi, nuair a bhog Mary O’Hara go Baile Átha Cliath is iad mo mhamó agus mo sheanaintín, Máirín agus Róisín Ní Shéaghdha, a mhúin an chruit di i gColáiste Chnoc Síon. Is nuair a d’fhág Mary O’Hara an scoil sin, ba é Seán Óg Ó Tuama, seanuncail liom, as Ros Cairbre, a mhúin amhráin Ghaeilge di.

“Gach maidin Domhnaigh bhíodh ranganna amhránaíochta aigesean san Acadamh Ríoga agus bhí Mary O’Hara, Kathleen Watkins agus Deirdre Ní Laighean ann mar thriúr a bhí ag foghlaim amhrán gach seachtain.”

Ní raibh deireadh fós le lámh na cinniúna san albam seo, mar go raibh Cormac agus Moya ar stáitse in Albain leis an albam 70 bliain sa lá ó rinne Mary O’Hara agus mamó agus seanaintín Chormaic a gcéad chamchuairt ansin.

“I 1954 chuaigh sí féin agus Máirín agus Róisín [Ní Shéaghdha] ar camchuairt timpeall na Breataine agus mar a tharla, bhíomarna ag seinnt i nGlaschú Lá Fhéile Pádraig in 2024.

“Bhí an chéad ghig riamh ag Mary O’Hara ag taisteal le mo Mhamó agus le Máirín Lá Fhéile Pádraig 1954 i nGlaschú.

“Dáta a bhí socraithe ag Moya sula raibh an t-albam réidh againn agus ní raibh a fhios againn an mbeadh an t-albam críochnaithe in am. Mar a tharla bhíomar ann, 70 bliain glan níos deireanaí.”

Níor coinníodh Mary O’Hara i gcuimhne na ndaoine mar a rinneadh leis na Clancy Brothers agus ceoltóirí eile ó thréimhse na hathbheochana ar cheol traidisiúnta na hÉireann, a deir Cormac de Barra.

“Bhí sí chomh cáiliúil leosan i Meiriceá, san Astráil agus sa Bhreatain. Bhí clár teilifíse aici ar an BBC sna caogaidí chomh maith. Mar sin theastaigh uainn ómós a thabhairt di sa tslí sin chomh maith.”

Bhí Mary O’Hara ar stáitse ar fud an domhain, i Carnegie Hall, an Sydney Opera House, Royal Albert Hall agus í ag canadh na n-amhrán i nGaeilge leis an gcruit agus í léi féin ar stáitse. Is stíl cheoil í a bhfuil dlúthbhaint aici le traidisiún na hÉireann, a deir Cormac ach gur ligeadh i ndearmad í.

Máirín Ní Shéaghdha, Róisín Ní Shéaghdha (mo mhamó agus mo mhúinteoir cruite), Mary O’Hara in aois 20 bliain. A céad chamchuairt riamh mar chruitire. Sasana agus Alba Márta 1954

“Is dóigh nuair a d’imigh an chantaireacht le ceol na cruite as faisean sna 80idí is 90idí, chailleamar an ceangal. Bhí sé i gcónaí ann, bhí sé ann fadó leis na cruitirí, na filí is na hamhránaithe. Ach mar rud comhaimseartha, nasc sise le chéile arís iad. Só nuair a bhíomarna ag féachaint siar ar an méid atá déanta againne, bhíomar ag rá ‘tá sé déanta cheana, bhí sé ar fad déanta ag Mary’.”

Beidh Mary O’Hara ag ceiliúradh a 89ú breithlá tráthnóna an tseolta, an Domhnach beag seo, an 12 Bealtaine, agus tá Cúirt Éireann ag súil go dtabharfaidh an ócáid agus an t-albam nua ceol O’Hara chuig lucht éisteachta nua.

“An rud atá fíorthábhachtach dúinn ná go bhfuil muid ag tacú leis an gceol nua seo chomh maith leis na seanamhráin a bhí ag Mary agus an cóiriú atá déanta ag Cormac agus Moya orthu. Beidh an ghlúin óg ábalta éisteacht leis an albam agus beidh nasc acu leis an gceol a rinne Mary agus beidh na hamhráin mar chuid den traidisiún beo anseo in Éirinn,” a deir Lauren Ní Néill ó Chruit Éireann.

Measann Cormac de Barra go mbeidh tóir ar leith ar an albam seo, idir daoine nua agus daoine gur cuimhin leo ceol Mary is atá ag filleadh arís air. Aon traic déag atá ar ann san iomlán agus é eisithe ar dhlúthdhiosca agus fadcheirnín. Seo é an chéad uair ag Moya Brennan agus Cormac de Barra albam a eisiúint mar fhadcheirnín le chéile.

Bhí sé deacair acu na roghanna a dhéanamh agus chaith siad tráthnóna ar dtús agus iad ag éisteacht siar leis na taifeadtaí a rinne Mary féin.

“Sheinneamar na ceirníní go léir agus chuireamar liosta le chéile agus bhí suas le 25 amhrán againn. Astu san dúramar cad iad na cinn is mó a bhí aitheanta le Mary, na cinn a bhfuil cáil orthu toisc Mary, nó na cinn a raibh scéal nó dáimh againne leis an amhrán féin. B’in iad na slata tomhais a bhí againn.”

Tá go leor scéalta pearsanta taobh thiar de na roghanna a rinne an bheirt cheoltóirí don albam. Ceann de na hamhráin a chasann Moya Brennan ar an albam ná ‘Kitty of Coleraine’, amhrán i mBéarla é ach tá scéal ag Moya a bhaineann leis an amhrán.

“B’in an chéad amhrán riamh a chan Clannad i mBéarla. 1970 Letterkenny Folk Festival, bhí ocht nóiméad le déanamh ar stáitse acu. Ní raibh aon amhrán i mBéarla ar eolas ag Clannad, seachas na Joni Mitchell covers agus a leithéid. Só, cúlstáitse am lóin an lá úd mhúin duine éigin ‘Kitty of Coleraine’ do Mhoya. Nuair a chonaic Moya an t-amhrán sin i dtaifeadtaí Mary O’Hara chuir sé iontas mór uirthi, mar go raibh scéal chomh pearsanta aici a bhain leis an amhrán.”

Ceann de na hamhráin a chasann Cormac ar an albam ná ‘Eibhlín a Rún’.

“Bhí sé ag mo mháthair, bhí sé ag mo sheanmháthair agus tá an leagan nach mór céanna ag Mary O’Hara só ní foláir nó fuair sise é ó mo mhamó é nó ó mo sheanaintín.”

Tá sé ag súil go mór leis an gceolchoirm sa Taibhdhearc.

“Bhí sé tábhachtach dúinne na hamhráin a thabhairt thar n-ais agus blaiseadh beag den chóiriú a dhéanaimidne a chur orthu ach a bheith dílis don rud a bhí déanta ag Mary agus na hamhráin a cheiliúradh. Ceiliúradh atá ann i ndáiríre.”

  • Seolfar albam nua Moya Brennan agus Cormac de Barra, Voices and Harps IV, ar bhreithlá Mary O’Hara Dé Domhnaigh 12 Bealtaine 7pm ag ócáid speisialta le Cruit Éireann i dTaibhdhearc na Gaillimhe.

Fág freagra ar '‘Tá sé déanta cheana, bhí sé ar fad déanta ag Mary O’Hara’'

  • Niall Gòrdan (Niall na Naoi bPionta)

    An-mhaith! Sílim go bhfuil lámh na cinniúna sa gcúis dom féin freisin mar gur saolaíodh mo mháthair ar 13 mí Bealtaine! :-)