Brú le cur ar Pharlaimint na hEorpa deireadh a chur le cinneadh gan seirbhísí Gaeilge a chinntiú

Dúirt an Feisire Eorpach Chris MacManus ó Shinn Féin go mbeidh sé ina thosaíocht aige deireadh a chur leis an srian ar sheirbhísí Gaeilge sa Pharlaimint

Brú le cur ar Pharlaimint na hEorpa deireadh a chur le cinneadh gan seirbhísí Gaeilge a chinntiú

Deir Sinn Féin go ndéanfaidh siad iarracht deireadh a chur leis an srian atá ar sheirbhísí Gaeilge i bParlaimint na hEorpa.

Vótáil an Pharlaimint i mí an Mhárta síneadh a chur le cinneadh nach mbeidh dualgas ann seirbhísí aistriúcháin agus ateangaireachta iomlána a chur ar fáil i nGaeilge go dtí 2029 ar a thúisce.

Easpa aistritheoirí agus ateangairí Gaeilge is cúis leis an gcinneadh gan seirbhísí uile na Parlaiminte a chur ar fáil i nGaeilge, a deirtear.

Fágann an cinneadh go bhféadfadh nach mbeadh cead ag Feisirí Eorpacha labhairt i nGaeilge sa Pharlaimint ach i gcásanna áirithe.

Deir an Feisire Chris MacManus ó Shinn Féin gur údar “díomá agus náire” a bhí sa chinneadh agus deir sé le Tuairisc go mbeidh sé ina thosaíocht aige deireadh a chur leis an srian sin ar sheirbhísí Gaeilge.

Dúirt urlabhraí dá chuid le Tuairisc go bhfuil sé i gceist ag na hiarrthóirí atá ag seasamh ar son Shinn Féin sna toghcháin Eorpacha an mhí seo chugainn brú a chur sa Pharlaimint vóta nua a bheith ann faoi cheist na seirbhísí Gaeilge, má thoghtar iad.

Dúradh go raibh MacManus i dteagmháil le hArd-Rúnaí na Parlaiminte roimh an vóta i mí an Mhárta chun brú a chur ar na seirbhísí maidir le tuilleadh ateangairí le Gaeilge a fhostú agus go mbeidh sé mar tosaíocht ag aon fheisirí ó Shinn Féin a thoghfar brú a chur ar na seirbhísí sa Pharlaimint chun dóthain ateangairí le Gaeilge a fhostú gan mhoill.

De réir rialacha na Parlaiminte, tá sé de cheart ag gach feisire labhairt sa Pharlaimint sa teanga oifigiúil a roghnaíonn siad féin agus go mbeadh ateangaireacht go dtí na teangacha oifigiúla eile ar fáil.

Ach deir an Biúró, an comhlacht a leagann síos na rialacha don Pharlaimint, nach bhfuil dóthain daoine ar fáil chun na seirbhísí aistriúcháin agus ateangaireachta a chur ar fáil i nGaeilge, agus moladh síneadh ama a chur ar sholáthar na seirbhísí sin go dtí deireadh an chéad téarma eile in 2029.

Cuirtear ateangaireacht ón nGaeilge ar fáil ag seisiúin iomlána de Pharlaimint na hEorpa ach ní chuirtear ateangaireacht go Gaeilge ar fáil iontu. I gcás cruinnithe eile, cuirtear an ateangaireacht ar fáil ach réamhfhógra a bheith faighte.

Dúirt urlabhraí ón AE le Tuairisc go raibh 19 aistritheoir agus seisear cúntóirí fostaithe faoi láthair in Aonad Aistriúcháin na Gaeilge ach go raibh “roinnt” ball foirne breise ag teastáil chun an líon foirne atá sna haonaid aistriúcháin eile a bhaint amach.

Dúradh go raibh iarrachtaí leanúnacha ar bun chun cur le líon na n-aistritheoirí agus ateangairí ach gur margadh “an-teoranta” a bhí ann agus go raibh iomaíocht ghéar ann do dhaoine cáilithe.

Dúradh gur faoi ballstáit féin an AE a bhí sé traenáil a chur ar fáil sna gairmeacha cuí.

Tugann Parlaimint na hEorpa tacaíocht d’Ollscoil na Gaillimhe chun cúrsa ateangaireachta a chur ar bun, an t-aon ollscoil sa stát a chuireann a leithéid de chúrsa ar fáil. Tugadh le fios nach bhfuil aon duine le Gaeilge ag freastal ar an gcúrsa sin i mbliana agus dúradh gurb í an easpa iarrthóirí le Gaeilge ba chúis leis an nganntanas ateangairí.

Fág freagra ar 'Brú le cur ar Pharlaimint na hEorpa deireadh a chur le cinneadh gan seirbhísí Gaeilge a chinntiú'

  • Carraig

    Gach aon stát eile san Eoraip agus bheadh scion sceab ar na postanna sin.
    Ná ní haon eiseamláir formhór de na ‘hard-státseirbhísigh’/’aistritheoirí’ thall a bhfuil saibhreas á dhéanamh as an teanga acu agus a éistíonn leis an leagan Béarla amháin den phlé seachas leis na hateangairí Gaeilge nuair a bhíonn siad ar fáil.
    Sin dílseacht agat!

  • cc

    A Chríost, ní féidir linn ateangaireacht go Gaeilge a fháil sa Dáil i nÉirinn agus táimíd ag tabhairt amach faoi Phairlimint na hEorpa?

    Cuirimis ár dtigh féin i bhfearas like