‘Easpa acmhainní, stádais, seirbhísí agus tuisceana’ – cás an oifigigh pleanála teanga sa Ghaeltacht

Dúirt oifigigh pleanála teanga Gaeltachta go neamhbhalbh ag cruinniú de choiste Oireachtais tráthnóna nach bhfuil an córas pleanála teanga ag obair mar gheall ar easpa acmhainní agus tacaíochta ón stát

‘Easpa acmhainní, stádais, seirbhísí agus tuisceana’ – cás an oifigigh pleanála teanga sa Ghaeltacht

Níl a chuid den féin “mhargadh” á chomhlíonadh ag an stát ó thaobh na pleanála teanga sa Ghaeltacht de, a dúradh ag cruinniú i dTeach Laighean tráthnóna.

Ag cruinniú de Choiste Oireachtais na Gaeilge, labhair oifigigh pleanála teanga faoi na fadhbanna a bhíonn acu de dheasca easpa acmhainní, foirne, stádais, seirbhísí agus tacaíochta.

Dúirt siad gur fadhb mhór eile í an éiginnteacht a bhaineann lena gcuid oibre agus faoina bhfuil i ndán dóibh féin agus don chóras nuair a thiocfaidh deireadh leis na pleananna teanga atá á gcur i bhfeidhm acu.

Dúirt formhór na n-oifigeach pleanála teanga go neamhbhalbh nach n-éireodh leo na spriocanna go léir sna pleananna teanga sin a bhaint amach.

Cé go raibh siad ar fad den tuairim go bhfuil obair fhiúntach ar siúl mar chuid den chóras pleanála teanga, mhaígh a bhformhór nach bhfuil an córas mar atá ag obair agus go bhfuil ródhualgas leagtha orthu féin agus ar dhaoine sa phobal a bhíonn ag tacú go deonach leo seachas ar an stát féin.

Luaigh go leor de na hoifigigh pleanála teanga an iomarca cúraimí éagsúla a bheith orthu agus doiléire a bheith ann faoina ról.

Victor Bayda, Ciarraí Theas

“An tslí a bhfuil post an oifigigh pleanála teanga leagtha amach, is eagrú imeachtaí den chuid is mó atá i gceist seachas comhordnú a dhéanamh idir na heagraíochtaí agus na hacmhainní atá ann,” arsa Victor Bayda, Oifigeach Pleanála Teanga Chiarraí Theas.

“Níl struchtúr comhtháite pleanála teanga ann, níl coinníoll curtha i gconarthaí

maoinithe na n-eagraíochtaí stáit agus pobail go bhfuil dualgas orthu comhoibriú leis na hoifigigh pleanála teanga. Níl aon riachtanais fiú a bheith i dteagmháil leis an oifigeach pleanála teanga má eagraítear rudaí a mbeadh tionchar acu ar chúrsaí teanga.”

Toisc nach bhfuil ról an oifigigh pleanála teanga “scríte isteach sa chóras” ní ann don chomhoibriú atá riachtanach, dar le Victor Bayda.

“Dá bharr sin, cé go bhfuil sé i bplean teanga Chiarraí Theas, atá faofa ag an Aire, go bhfostófaí Oifigeach Óige le maoiniú ón mBord Oideachais, a bheadh ag teacht ón Roinn Leanaí, diúltaíonn an Roinn Leanaí dó sin.

“Ansin deir ionadaí an Údaráis [Údarás na Gaeltachta] liom gur cheart dom tosnú ar an mbeart sin trí staidéar a dhéanamh ar an éileamh a bheadh ar a leithéid de ról.

“Agus an chéad rud eile tagann Foróige isteach sa cheantar agus faigheann maoiniú do bheirt fostaithe go lánaimseartha trí scéim dec huid an Roinn Leanaí agus é seo i mBéarla.”

Dúirt Victor Bayda gur “sampla soiléir” a bhí ansin den phleanáil teanga nach bhfuil “áit daingnithe” aici i gcóras pleanála agus riaracháin an stáit.

“Cén fáth nach bhfuil an phleanáil teanga mar chuid de phlean, straitéis agus polasaithe gach eagraíocht atá maoinithe ag an stát?” a d’fhiafraigh Victor Bayda Oifigeach Pleanála Teanga Ghaeltacht Chiarraí Theas.

Dúirt Stiofán Seoighe, Oifigeach Pleanála Teanga Dhúiche Sheoigheach agus Thuar Mhic Éadaigh, gur “iomaí caipín” a bhíonn á chaitheamh ag an oifigeach pleanála teanga.

“Ní mór duit a bheith i do bhainisteoir, cuntasóir, áisitheoir, aistritheoir, pointe teagmhála, teagascóir, oifigeach forbartha pobail, oifigeach margaíochta agus poiblíochta, teangeolaí, sochtheangeolaí, síceolaí – níl aon srian le hilghnéitheacht na hoibre.

Stiofán Seoighe, Dúiche Sheoigheach agus Thuar Mhic Éadaigh

“Ach, faraor, ní féidir linne ná leis na coistí deonacha lena mbíonn muid ag comhoibriú an obair ar fad a dhéanamh. Duine amháin, nó beirt ar a mhéid, atá fostaithe chun an obair seo a dhéanamh in LPTanna [Limistéir Pleanála Teanga] na tíre.

“Ní leor é sin chun aidhmeanna uaillmhianacha na bpleananna teanga a bhaint amach.”

Dúirt Stiofán Seoighe gur faoin stát a bhí sé tacú leis an gcóras pleanála teanga sa Ghaeltacht i réimse na tithíochta, an oideachais, na fiontraíochta agus na seirbhísí poiblí.

“Gan pobal, ní bheidh ann don teanga agus mar sin ní mór don stát seasamh lena fhocal agus a chuid féin den mhargadh a dhéanamh.”

Tomás Ó hÓgáin, Gaeltacht na nDéise

Dúirt Tomás Ó hÓgáin, Oifigeach Pleanála Ghaeltacht Phort Láirge nach raibh dóthain foirne ann “chun na réimsí ar fad” dá bplean teanga “a chur i bhfeidhm mar ba mhaith linn”.

Dúirt sé gurb é an “dúshlán is mó” atá ann ná easpa infheistíochta an Stáit sna seirbhísí i nGaeilge atá riachtanach do phobal na Gaeltachta.

Ó dhún Oifig an Phoist na Rinne an mhí seo caite, ní raibh aon mhórsheirbhís stáit fágtha sa Ghaeltacht, a dúirt sé.

Cé go raibh a ndícheall á dhéanamh ag lucht pleanála teanga bhí go leor sa phlean teanga nárbh acmhainn dóibh tabhairt faoi “ceal ama agus acmhainní́ daonna”.

D’fhág an easpa maoinithe sin go bhfágann oifigigh pleanála teanga a gcuid postanna go minic, a dúirt Tomás Ó hÓgáin.

“Níl an maoiniú cuí á chur ar fáil do chur i bhfeidhm na pleanála teanga sa Ghaeltacht. Is bocht an scéal é go bhfuil breis is scór Oifigeach Pleanála Teanga tar éis a gcuid postanna a fhágáil le blianta beaga anuas agus is dúshlán mór é an síorathrú foirne seo do na coistí deonacha.”

Dúirt Oifigeach Pleanála Teanga Ghaeltacht na nDéise chomh maith go bhfágann an “éiginnteacht” a bhaineann le “téarmaí agus coinníollacha” an phoist agus an “ualach oibre atá ar dhuine amháin” nach mbíonn post an oifigigh pleanála teanga chomh tarraingteach sin.

Dúirt Ó hÓgáin gurb amhlaidh go mbíonn ar an oifigeach pleanála teanga an iomarca ama a chaitheamh ar chúrsaí riaracháin agus ar an ‘maorlathas’ in áit a bheith “ag díriú ar eagrú na mbearta féin”.

Dúirt sé go gcuireann an córas pleanála teanga mar atá “brú thar na bearta” ar dhaoine deonacha a bheith ag gníomhú ar son an phobail.

“Tá méid áirithe d’fhreagracht an Stáit i leith na teanga agus na Gaeltachta iompaithe anonn ar na coistí deonacha seo agus gan na hacmhainní tacaíochta cuí tugtha dóibh chuige, agus áirím níos mó ná airgead amháin leis seo.

“Anuas air seo, tá an Stát ag cúlú siar óna dhualgais maidir le seirbhísí Stáit a sholáthar trí mheán na Gaeilge sna ceantair Ghaeltachta, rud a chuireann a thuilleadh brú ar na ceanneagraíochtaí pleanála teanga agus iad ag iarraidh pleananna teanga a chur i bhfeidhm trasna gach gné de shochaí na Gaeltachta.

“Ar na cúiseanna san, ní éireoidh leis an gcóras Pleanála Teanga seo sa mheán- agus sa bhfadtéarma, dar linn.

“Má tá an Stát dáiríre maidir leis an nGaeilge a thabhairt slán mar theanga labhartha laethúil sna Gaeltachtaí, ní mór an infheistíocht chuí a chur ar fáil.”

Dúirt Ursula Ní Shionnáin, Oifigeach Pleanála Teanga Ghaeltacht na Mí, chomh maith go raibh an Stát féin ag cúlú óna chuid dualgas i leith na Gaeltachta.

“Ní bhraitheann muid mar phobal go bhfuil pleanáil teanga ar bith ar siúl ó thaobh seirbhísí poiblí maidir le cúrsaí leighis agus sláinte, na Gardaí nó seirbhís ar bith eile.

“Caithfidh an Stát caitheamh leis an nGaeltacht, ó thaobh na Gaeilge de, faoi mar a chaitheann sé le Limistéar faoi Chaomhnú Speisialta ó thaobh na timpeallachta de agus rialacha soiléire leagtha síos a bheidh le cur i bhfeidhm ag gach seirbhíseach poiblí ab híonn ag plé le ceantar nó le pobal Gaeltachta.”

Dúirt oifigeach pleanála teanga Ghaeltacht na Mí gur léir ó fhigiúirí an daonáirimh nach mbainfí amach an sprioc atá i bplean teanga Ghaeltacht na Mí méadú 10% a chur ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge.

“Faraor, ní bhainfear an sprioc seo amach. Léiríonn na staitisticí daonáirimh is déanaí go raibh laghdú i líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge i nGaeltacht na Mí ó 15.93% in 2016 go 13.87% in 2022.”

Ag an stát cuid mhór seachas ag an bpobal a bhí smacht ar na cúrsaí ba chúis leis an laghdú sin, ach ní raibh aon ní ag athrú, a dúirt Ursula Ní Shionnain,

“Fós féin, níl aon athrú tagtha ar chúrsaí pleanála sa Ghaeltacht sa chaoi is nach bhfuil an Ghaeilge aitheanta mar riachtanas áitiúil chun teach a thógáil sa Ghaeltacht. Chun todhchaí na Gaeltachta a chinntiú, tuigeann muid ar fad go bhfuil innealtóireacht shóisialta de shaghas éigin ag teastáil chun an Ghaeilge a choinneáil i réim mar theanga an phobail.”

Micheál Mac Aodha, Gaeltacht Oirthear Chathair na Gaillimhe

Dúirt Micheál Mac Aodha, Oifigeach Pleanála Teanga Ghaeltacht Oirthear chathair na Gaillimhe go n-éireodh “go geal” leis an bpróiseas pleanála teanga dá gcuirfí “an tacaíocht cheart” ar fáil.

“Ach, airím go bhfuil muid imeallach agus nach n-áirítear an phleanáil teanga mar réimse tábhachtach de shaol na Gaeilge. Airím nach bhfuil céim nó stádas cuí ag na hoifigigh phleanála teanga agus nach dtugtar ár ndóthain tacaíochta dúinn ná don phróiseas féin.

“Uaireanta, airím nach bhfuil tuiscint cheart ag go leor daoine in earnáil na Gaeilge ar an bpleanáil teanga. Mar sin, caithfear an cheist a chur. An bhfuil nó nach bhfuil muid dáiríre faoin phleanáil teanga? Is ábhar machnaimh dúinn uile é an cheist sin.”

Ach oiread lena chomhghleacaithe, dúirt Ciarán Ó Tiarnaigh, Oifigeach Pleanála Teanga an Eachréidh, go bhfuil obair thábhachtach ar siúl ag na hoifigigh pleanála teanga ach go bhraith sé nach mbíonn an “struchtúr ná tacaíocht” atá taobh thiar de “iontach”.

“Uaireanta, bíonn frustrachas ollmhór orm sa phost. Tagann an leagan cainte ‘ag snámh in aghaidh easa’ go minic chun cuimhne.

“Is beag dul chun cinn atá déanta agam ó thaobh an Ghaeilge a threisiú sna clubanna spóirt áitiúla go fóill, mar shampla, nó ag obair le tuismitheoirí atá ag iarraidh a bpáistí a thógáil ‘as Gaeilge’.

“Uaireanta, ní bhíonn a fhios agam cén áit le dul chun tacaíocht a fháil, cé cur chabhraigh an líonran eamhfhoirmiúil d’oifigigh Pleanála Teanga timpeall chathair na Gaillimhe go mór liom.”

Tá sraith cruinnithe faoi chúrsaí pleanála teanga á reáchtáil ag Coiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta faoi láthair

An tseachtain seo caite bhí toscaireachtaí ó bhailte ar fud na tíre a bhfuil aitheantas mar Líonraí Gaeilge acu i láthair ag an cruinniú den Choiste Oireachtais.

Fág freagra ar '‘Easpa acmhainní, stádais, seirbhísí agus tuisceana’ – cás an oifigigh pleanála teanga sa Ghaeltacht'

  • Colette

    Is daoine deonacha áitiúla ar fad iad na Coistí Stiúrtha Pleanála Teanga a dhéanann maoirsiú ar fheidhmiú na Pleananna Teanga sna limsteir Pleanála Teanga. Bíonn oifgeach pleanála teanga amháin (nó beirt uaireannta) fostaithe ag an coiste Stiúrtha chun an Plean Teanga a chur i gcrích. Ní leor sin in aon chor.
    Tá ceist thar a bheith tábhachtach curtha ag an oifigeach pleanála teanga Victor ó Bhaile an Sceilg
    “Cén fáth nach bhfuil an phleanáil teanga mar chuid de phlean, straitéis agus polasaithe gach eagraíocht atá maoinithe ag an stát?”

    Ba chóír dos na coistí stiúrtha ar fud na Gaeltachta seasamh a thógaint agus a rá de bharr an easpa tacaíochta comhtháite ón Státchórais go bhfuil siad chun dul ar stailc. Ní bheadh an Stát in ann aon rud ar bith a dhéanamh faoi sin toisc go bhfuil an córas Pleanála Teanga bunaithe ar daoine deonacha sna pobail éagsúla.

  • Fergus na Foghraiochta

    Díospóireacht an-shuimiúil. Tar éis éisteacht leis na pleanálaithe teanga seo bhí sé ríshoiléir domsa nach bhfuil an Stát dáiríre faoi todhchaí na Gaeltachta. Sop in áit na scuaibe maidir le Pleanáil Teanga..
    Bhuail Joe Mc Hugh bob ar mhuintir na Gaeltachta nuair a chuir sé an freagarthacht ar an bpobal as slánú nó athbheochaint na Gaeilge sna Gaeltachtaí.
    Is féidir éisteacht leis an chaint go léir i “Coiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge ag
    https://www.oireachtas.ie/ga/oireachtas-tv/video-archive/committees/

  • Hanna Ní Lochnáin

    Dar liomsa, is maith an rud é go bhfuil an pobal lárnach i bpleanáil todhchaí na Gaeltachta ACH tá tacaíocht láidir, leanúnach, tuisceanach, comhtháite ag teastáil ón rialtas leis – go háitiúil agus go náisiúnta. Ní amháin nach bhfuil sé sin ann ach uaireanta bíonn an rialtas ag obair i gcoinne an bpleanáil teanga mar a léiríodh sa phlé inné. Náireach.

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Caithfear an ghaeilg a chuir chun cinn ar fud na tíre diomaite de bheith ag díriú ar an ‘ghaeltacht’ amháin. Gaeilg i siopaí, gaeilg ar tháirgí agus gaeilg in EARNÁIL NA TURASÓIREACHTA. Tá earnáil na turasóireachta ag déanamh ceap magaidh den ghaeilg agus ag tabhairt an dá mhéar dí.

    Mar a dúirt mé roimhe, cha dtig leis an ghaeilg maireachtáil sa ‘ghaeltacht’ amháin. Maoiniú ar bith a thagann ón stáit, is cuma cén fhaighteoir, ba cheart coinníoll gaeilge bheith leis.

    Agus caidé’n rud ‘gaeltacht’?? Caidé’n sainmhíniú air?? An bhfuil scríobh agus léamh na gaeilge, comharthaíocht agus fógraíocht gaeilge, fostaíocht agus fiontraíocht gaeilge, saol sóisialta agus siamsaíocht gaeilge, go bunúsach, achan rud trí mheán na gaeilge, sa ghaeltacht? CÁ BHFUIL AN SAINMHÍNIÚ??!!

    Is ar éigean go gcluintear an ghaeilg sa ‘ghaeltacht’ anois, agus níl muintir na ‘gaeltachta’ ábalta an ghaeilg a léamh!!

    An bhfuil brúghrúpa láidir ar bith ann nó cha dtig brath ar an phleanáil teanga amháin.