Táillí ollscoile, campaí samhraidh, tonn teasa agus an t-amhrán náisiúnta

Gach seachtain cuireann scríbhneoirí éagsúla ar fáil scéalta beaga agus móra as Dialann Tuairisc…

Táillí ollscoile, campaí samhraidh, tonn teasa agus an t-amhrán náisiúnta

Agus an lánstad deireanach breactha ar pháipéir scrúduithe na hArdteiste an tseachtain seo caite, tá an chaint imithe anonn go táillí ollscoile. Thug an tAire Ardoideachais James Lawless le tuiscint go bhféadfadh na táillí filleadh ar €3,000 i mbliana mar go bhfuil deireadh ag teacht leis na pacáistí costas maireachtála a bhí againn le cúpla bliain anuas.

Rinneadh laghdú de luach €1,000 ar na táillí le cúpla bliain anuas, rud a thug an costas anuas ó €3,000 sa mbliain go €2,000. Is mór an difríocht é sin do theaghlaigh atá ag cruinniú airgid le chéile le mic léinn a chur go dtí an ollscoil. Thart ar €6,000 sa mbliain, gan na táillí san áireamh, a chosnaíonn bliain san ollscoil ar mhac léinn atá ina chónaí sa mbaile agus tá an bille sin níos gaire don €10,000 nó thairis, don té ag a mbeadh cíos le n-íoc.

Níl sé cinnte fós an ngabhfaidh na táillí ar ais go dtí an leibhéal ag a raibh siad in 2022 sular tugadh isteach na beartais le dul i ngleic leis an ardú sciobtha a tháinig ar chostais mhaireachtála de bharr ardú ar an ráta boilscithe i ndiaidh thús an chogaidh san Úcráin. Cé go bhfuil an ráta boilscithe moillithe, ag 1.7% a bhí sé i mí na Bealtaine, níl praghsanna breosla ná táirgí ag filleadh ar an leibhéal ag a raibh siad in 2022, agus ní fhillfidh.

Tá caint éigin ann go bhféadfadh go mbeadh beart éigin sa mbuiséad féin a dhéanfadh laghdú fadtéarmach ar tháillí ollscoile. Ag caint faoin ábhar i rith na seachtaine, dúirt an Tánaiste Simon Harris go mba chóir go bhféachfaí le costais oideachas tríú leibhéal a laghdú mar chuid de phleananna Bhuiséad 2026.  Is deacair a rá an mbeidh an t-airgead ann le sin a dhéanamh i mbliana, agus na chéád nodanna ar fad atá ag teacht amach ó na cainteanna buiséid ag tabhairt le fios go mbeidh an t-airgead gann.

Tiocfaidh roinnt beartas eile atá aontaithe cheana féin i bhfeidhm mí Mheán Fómhair, ceann acu ná an méadú ar an tairseach ioncaim do theaghlaigh a bheadh i dteideal an deontais. Beidh sé á ardú go €115,000 agus tacaíocht airgid éigin ar fáil do na teaghlaigh a thiocfaidh isteach faoin leibhéal ioncaim sin.

***

Is dóigh go mba chóir dom ruainnín pleanála a bheith déanta don samhradh. Tá saoire an tsamhraidh linn agus gan aon phlean beo agam don 9 seachtaine a mbeidh na gasúir saor ón scoil. Tuigim anois agus trí lá den tsaoire curtha dínn againn gur dóigh gur botún a bhí ansin. Mea culpa.

Ní raibh aon neart agam air, dháiríre. Ba mhaith linn cuimhneamh go bhfuil muid i gceannas orainn féin agus go bhfuil muid in ann orduithe a thabhairt dúinn féin agus go leanfaidh an chuid eile sin dínn na horduithe sin. Faraor, ní hin é an chaoi a n-oibríonn intinn an duine. Tá duine ciallmhar istigh ionainn ar fad in áit éigin, creidim é sin, nó caithfidh mé é a chreidiúint nó chaillfinn mo mhisneach ar fad.

Faraor, nó b’fhéidir nach faraor é, tá duine eile istigh ionainn ar fad, an reibiliúnach. An glór beag sin a éiríonn amach in éadan gach smaoineamh ciallmhar a ritheann trasna ar d’intinn. Is é an reibiliúnach sin a fuair an lámh in uachtar i mbliana. Bhí an glóirín sin ag oibriú i m’aghaidh gan staonadh gan tuirse. Uair ar bith ar rith an smaoineamh fánach liom gur dóigh go mba chóir dom breathnú ar champaí samhraidh, nó plean de chineál éigin a dhéanamh, d’éirigh glór eile amach a dúirt, “fág é”.

Agus d’fhág mé é.

Anois atá mé ag cuimhneamh go mb’fhéidir nach ar mhaithe liom a bhí an glór sin. Gur cineál féin-shabaitéireacht a bhí ar bun aige nuair a cheap mé gur ag troid ar son na saoirse a bhí sé.

Ina dhiaidh sin uilig, níl a fhios agam an bhfuil aon aiféala orm dháiríre. Dá dtabharfaí an deis arís dom, dhéanfainn arís é, cé nach bhfuil a fhios agam céard atá amach romhainn. Cén toradh a bheidh ar an triail shóisialta seo? B’fhéidir go dtiocfadh muid tríd.

***

Nuair a deirim nár phleanáil mé aon rud, níl sé sin iomlán fíor. Phleanáil mé an chéad seachtain agus tá na gasúir uilig imithe taobh éigin an tseachtain seo. D’fhág muid an chuid eile i lámha Dé.

Tá an bhliain ar fad caite againn ar sceidil agus chuile lá leagtha amach ón uair a n-éiríonn muid ar maidin go dtí an t-am a dtéann muid a chodladh. Níl mé in ann é a sheasamh níos mó.

Tosaíonn sé amach ag 6:30 r.n. agus na gadhair ag tafann ag iarraidh go scaoilfí amach iad, sin iad coiligh an tí. An coileach nua atá tosaithe le seachtain anuas, cé nach raibh aon éileamh air, ná ar na tochaltóirí agus ‘iad’ tosaithe ag obair ar an mbóthar. Is cosúil go mbeidh siad ann ar feadh na míosa ar fad agus tosaíonn siad ag obair luath, díreach i ndiaidh na ngadhar. Níl aon bhaol go gcodlóidh muid amach, cuirfidh mé an chaoi sin é.

Bhí sé ina bháisteach ar maidin agus buachaillín an tí ag bualadh amach le dul ag an gcampa samhraidh. ‘Buíochas mór le Dia,’ an chéad rud a chuimhnigh mé air. Ní raibh sé féin róshásta mar gurb é an lá ar an trá a bhí pleanáilte agus bhí an tsluasaid ag gobadh aníos as an zip sa mála Cúl Camp ar a dhroim.

Cén dochar braoinín báistí? Ar a laghad níl an bhail orainn is atá ar an gcuid eile den Eoraip agus iad bruite le seachtain ag tonn teasa. Tá trua agam do sheandaoine a chaithfidh an teas mór a sheasamh i dtíortha amhail an Spáinn, an Iodáil agus an Ghréig atá buailte ag an teas mór. Cén bhrí ach aon duine nach bhfuil sé d’acmhainn acu an teach a fhuarú.

Tá sé ag éirí níos measa chuile bhliain agus níl aon chuma air go ndéanfar tada ceart faoi. Is dóigh go bhfuil an t-athrú aeráide é féin fágtha i lámha Dé.

***

Seo libh, canaigí Amhrán na bhFiann

(Pádraic Ó Ciardha)

Cuireadh cluasa ar bior deich mbliana ó shin nuair a d’fhógair Jarlath Burns nach gcuirfeadh sé isteach air féin dá mbainfí bratacha na hÉireann as páirceanna CLG na tíre agus nach seinnfí Amhrán na bhFiann mar chomhartha athmhuintearais d’aontachtóirí i dTuaisceart Éireann. Ina phríomhoide scoile a bhí iarchaptaen Ard Mhacha ag an am ach tuigeadh gurbh fhiú éisteacht lena thuairimí.

Aon uair gur labhair Burns ar an gceist ó shin, tá sé ráite aige cé chomh tábhachtach is atá an t-amhrán náisiúnta dó agus seans go bhfuil lorg an uachtaráin le feiceáil ar fheachtas nua ag Cumann Lúthchleas Gael chun meas a léiriú d’Amhrán na bhFiann.

Sular caitheadh an liathróid isteach sa gcluiche idir Áth Cliath agus Tír Eoghain i bPáirc an Chrócaigh Dé Sathairn, iarradh ar an slua seasamh d’Amhrán na bhFiann mar is gnáth ach rinneadh beagán seanmóireachta chomh maith.

“Nuair a chanann muid ár n-amhrán náisiúnta roimh ár gcluichí náisiúnta, léiríonn muid bród san fhéiniúlacht agus sa chultúr speisialta a cuireadh faoinár gcúram,” a fógraíodh.

“Tá dualgas orainn uilig onóir a thabhairt don traidisiún sin agus sampla a thabhairt do dhaoine eile, agus do na glúnta atá le teacht, leis an ómós cuí a thabhairt dár n-amhrán náisiúnta i gcónaí ag ár gcluichí.”

Ní fios go díreach cén eachtra nó eachtraí a spreag an léacht nua ach ní taobh le duine amháin a dúirt go raibh sé cosúil le bheith ar ais sa seomra ranga.

Is léir go bhfuil leagan nua níos ceolfhoirní den amhrán náisiúnta á sheinm i bPáirc an Chrócaigh i mbliana chomh maith agus iarracht beagán níos mó pizzazz a chur leis chun daoine a mhealladh le meas a léiriú, b’fhéidir. Mar dhuine a bhíonn ag freastal ar na cluichí i bPáirc an Chrócaigh bliain i ndiaidh bliana, bheinn nach mór cinnte go bhfuil an fhuaim ó na cainteoirí ardaithe chomh maith.

Banna píob Naomh Seosamh a bhí i mbun an chúraim ar an Domhnach seo caite agus beidh Banna Ard Aidhin á chur chun páirce arís roimh na cluichí móra i bPáirc an Chrócaigh ach má tá CLG ag lorg moltaí do leaganacha d’Amhrán na bhFiann, bhíodh a draíocht féin ag baint leis an tseantéip a bhí in úsáid le fada i bPáirc Naomh Iarfhlatha i dTuaim agus an micreafón leagtha le taobh an tseinnteora. Chuirfeadh sé deora le do shúil.

Fág freagra ar 'Táillí ollscoile, campaí samhraidh, tonn teasa agus an t-amhrán náisiúnta'