I saol oibre an lae inniu, tá an strus chomh coitianta sin nach ndéantar suntas dhe go minic nó go dtosaíonn an corp ag cogarnaíl, nó ag béicíl féin scaití, ag iarraidh airde.
Is leor na huaireanta fada, an t-ualach intinne, agus an brú a chuirtear ar dhaoine a bheith ‘air’ an t-am ar fad, le strus a chur ar an intinn agus ar an gcorp. Bíonn go leor daoine gairmiúla ag streachailt leo go ciúin. Tagann siad isteach ag an obair, feidhmíonn siad, agus leanann siad ar aghaidh agus go minic a sláinte féin a bhíonn thíos leis.
Tá bealach eile ann. Céard a tharlódh mura mbeadh strus ard ag baint leis an ardfheidhmíocht? Céard a tharlódh dá bhféadfaimis oibriú go maith, ceannaireacht a léiriú agus fós a bheith ag mothú go maith? Uaireanta níl de dhíth orainn ach nóiméad le sos a ghlacadh, le hanálú agus le theacht ar ais chugainn féin.
Ní san intinn amháin atá an strus, maireann sé sa chorp freisin. Cúngaíonn sé d’anáil, teannann sé do ghiall, righníonn sé do ghuaillí agus coinníonn sé ‘faoi ghlas’ thú i mód éigeandála. Fós féin, is í an anáil, rud atá an-simplí ach cumhachtach, an uirlis is fearr atá agat le filleadh ar an suaimhneas.
Trí análú comhfhiosach, d’aon ghnó, is féidir leat teannas fisiciúil a scaoileadh. Rialaíonn an anáil an néarchóras agus díríonn sí d’aird ar an am i láthair. Meabhraíonn sí do do chorp go bhfuil sé sábháilte dó moilliú síos.
Arís agus arís eile, feicim go gcuidíonn obair anála le daoine bogadh amach as a n-intinn agus isteach ina gcorp. Cuireann sí soiléireacht agus suaimhneas intinne ar fáil, rud atá de dhíth ar go leor daoine.
Ceann de na bronntanais is mó gur féidir linn a thabhairt dúinn féin ar mhaithe lenár sláinte ná spás a fhágáil le machnamh a dhéanamh.
Fiafraigh díot féin:
Céard atá ag tarlú domsa, i ndáiríre, faoi láthair? Cá bhfuilim ag brú róchrua?
Is minic a bhraitheann an saol cosúil le rás agus gan aon am againn don mhachnamh. Ach tá an machnamh riachtanach dúinn, ní don só amháin atá sé. Mura dtógann muid am don mhachnamh bíonn an baol ann go mairimid ar an uathphíolóta, scoite amach ónár luachanna, ár riachtanais agus uainn féin.
Ní fhaightear soiléireacht lasmuigh dínn féin. Faightear í nuair a stopann muid agus nuair a éisteann muid leis an nglór istigh. Má tá tú i gceannas ar fhoireann, tuigeann tú cé mhéid fuinnimh a thógann sé sin. Tá cleachtadh agat ar spás a choinneáil do d’fhoireann, do do chliaint, nó do do theaghlach, ach cé a choinníonn spás duitse?
Tuigeann ceannairí maithe cén uair le brú ar aghaidh agus cén uair le moilliú. Tugann siad treoir le féinfhios, láithreacht agus cluas éisteachta. Níl muid in ainm is gach rud a dhéanamh inár n-aonar. Ní gá d’anáil a choinneáil istigh agus súil a bheith agat go bhfeabhsóidh rudaí.
Má tá tú ag coinneáil d’anáil go rialta, go litriúil nó go meafarach, bíodh a fhios agat nach bhfuil tú i d’aonar.
Tá bealach níos éasca ann le dul chun cinn a dhéanamh, ceann a thugann ardú croí duit agus misneach. Bealach é a ligeann duit a bheith i láthair go hiomlán gan tú féin a chailleadh sa phróiseas.
Tóg cúig nóiméad inniu. Téigh go dtí áit chiúin éigin, cuir an fón ina thost agus fiafraigh díot féin:
Céard atá mo chorp ag iarraidh a insint dom faoi láthair?
Lig do d’anáil thú a threorú. Éist go cúramach leis an bhfreagra a gheobhaidh tú ó do chorp nuair a chuireann tú an cheist seo. B’fhéidir go mbeadh iontas ort faoin méid atá ar eolas aige cheana féin.
– Is as Leitir Móir na Coille i gCamas i gConamara í Marian Ní Chonghaile. Cóitseálaí saoil agus saineolaí ar an obair anála í agus déanann sí ceardlanna anála i nGaeilge agus i mBéarla. Tá tuilleadh eolais: www.thrivewithmarian.com .
Fág freagra ar 'Tuigeann ceannairí maithe cén uair le brú ar aghaidh agus cén uair le moilliú'