‘Níor cheart sprioc faoin nGaeilge á úsáid le hinimircigh a choinneáil amach as an státchóras’ – Ceannasaí Roinn na Gaeltachta

Tá sé i gceist cur le líon na ndaoine sa státchóras atá in ann seirbhís trí Ghaeilge a chur ar fáil don phobal, ach deirtear go mbeidh deacrachtaí ar leith ann dóthain a fháil do leithéidí an HSE

‘Níor cheart sprioc faoin nGaeilge á úsáid le hinimircigh a choinneáil amach as an státchóras’ – Ceannasaí Roinn na Gaeltachta

Tá ráite ag an státseirbhíseach a bheidh freagrach as an bPlean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge a chur i bhfeidhm nach bhfuil sé ag iarraidh go mbainfí úsáid as an bplean ná as an teanga chun inimircigh a choinneáil ó phostanna sa státchóras.

Tá sé i gceist faoin bplean seo cur le líon na ndaoine sa státchóras atá in ann seirbhís trí Ghaeilge a chur ar fáil don phobal ach tá sé aitheanta cheana féin go mbeidh deacrachtaí ar leith ann dóthain cainteoirí Gaeilge a fháil i gcomhlachtaí stáit áirithe, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ina measc.

Dúradh sa bPlean Náisiúnta nuair a foilsíodh é mí Dheireadh Fómhair anuraidh gur “ceist ar leith” a bheadh i gcur i bhfeidhm an phlean i gcás FSS toisc go bhfuil an oiread sin daoine atá ag obair sa tseirbhís a thagann ón iasacht.

Is í Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte an fostóir aonair is mó san earnáil phoiblí sa Stát agus breis is 160,000 duine fostaithe aici i láthair na huaire. Faoin reachtaíocht teanga, beidh dualgas uirthi seirbhís i nGaeilge a chur ar fáil don phobal agus freisin beidh ar 20% de na hearcaigh chuig FSS a bheith ina gcainteoirí Gaeilge faoi 2030.

De réir na bhfigiúirí a leagadh amach sa bPlean Náisiúnta, tagann 36% de na dochtúirí atá ag obair le FSS ó thíortha lasmuigh d’Éirinn agus tagann beagnach 23% dá cuid altraí ón iasacht.

Agus é ag labhairt os comhair choiste Gaeilge an Oireachtais an tseachtain seo, áfach, dúirt an Dr Aodhán Mac Cormaic, atá ina chathaoirleach ar an gcoiste a d’ullmhaigh an Plean Náisiúnta, gur “dúshlán ar leith” a bheadh ann i gcás FSS ach go gcruthaíonn an scéal deis chomh maith. Dúirt Mac Cormaic gur minic go mbíonn daoine ó thagann go hÉirinn ó thíortha iasachta báúil do theanga nua a fhoghlaim agus  aige go bhféadfadh an Ghaeilge cabhrú le daoine imeascadh

“Rud amháin faoi na daoine a thagann isteach ó thar lear le bheith ag obair sa státchóras anseo agus sa HSE, tá dúshlán ann ach feictear domsa go mbíonn na daoine sin an-oscailte do theangacha nua a fhoghlaim. Go leor acu, tagann siad isteach sa tír seo agus b’fhéidir go bhfuil péire nó trí cinn [de theangacha] acu cheana féin. Tá’s againn uile má tá dhá nó trí theanga agat, bíonn sé níos éasca arís ceann eile a fhoghlaim,” a dúirt Mac Cormaic.

“Níor mhaith linn go mbeadh an togra seo úsáidte mar uirlis le daoine le dathanna craicinn difriúla ná mar atá againn féin a choinneáil amach as an státchóras. Sílim go bhfuil sé de dhualgas orainn a bheith ag obair leis na pobail sin agus leis na daoine sin chun iad a tharraingt isteach agus deiseanna a chruthú dóibh.”

Tá coiste faoi stiúir Mhic Chormaic ag obair ar phlean gníomhaíochta a ullmhú chun spriocanna an Phlean Náisiúnta a bhaint amach agus dúirt sé go mbeidh straitéisí ann chun “dul i ngleic leis an deis” daoine ón iasacht atá ag obair sa státchóras a spreagadh chun an Ghaeilge a fhoghlaim agus a úsáid.

Sa bhfómhar i bheidh an chéad phlean gníomhaíochta á fhoilsiú, a dúirt Mac Cormaic.

De réir taighde a rinneadh mar chuid den réiteach ar an Phlean Náisiúnta, léiríodh gurb iad oibrithe sna seirbhísí sláinte ba lú a bhí ar an eolas faoin sprioc earcaíochta 20% faoi 2030. De réir an taighde, ní raibh a fhios ach ag 15% d’oibrithe san earnáil sláinte gurbh ann don sprioc earcaíochta sin.

Deirtear sa bPlean Náisiúnta go leanfaidh FSS ag glacadh “páirt ghníomhach” sa gCoiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge, a réitigh an Plean Náisiúnta, chun bealaí a fháil le líon agus caighdeán na seirbhísí a chuireann siad ar fáil trí Ghaeilge a mhéadú agus a fheabhsú.

Níor aontaigh FSS scéim teanga riamh faoi chóras na scéimeanna teanga a bhfuil deireadh le cur leis faoin reachtaíocht nua teanga.

Fág freagra ar '‘Níor cheart sprioc faoin nGaeilge á úsáid le hinimircigh a choinneáil amach as an státchóras’ – Ceannasaí Roinn na Gaeltachta'