An dlí teanga sáraithe ag An Post agus Comhairle Chontae na Gaillimhe

Deir an Coimisinéir Teanga gur léirigh imscrúduithe a rinne a oifig anuraidh gur gá dul i ngleic leis na ‘bearnaí ollmhóra’ i soláthar Gaeilge na seirbhísí teicneolaíochta agus idirghníomhacha ar líne

An dlí teanga sáraithe ag An Post agus Comhairle Chontae na Gaillimhe

Sháraigh An Post agus Comhairle Chontae na Gaillimhe an reachtaíocht teanga nuair nár chuir siad seirbhísí ar líne ar fáil i nGaeilge mar ba chóir, de réir imscrúduithe a rinne Oifig an Choimisinéara Teanga anuraidh.

Ina thuarascáil bhliantúil do 2023 a foilsíodh inniu, deir an Coimisinéir gur léirigh na himscrúduithe “na bearnaí reatha maidir le seirbhísí teicneolaíochta agus idirghníomhacha ar líne trí Ghaeilge”.

Bhain cuid de na gearáin ba chúis leis an imscrúdú faoi An Post lena suíomh idirlín a bheith i mBéarla amháin.

Rinne triúr gearán le hoifig an Choimisinéara gur i mBéarla amháin a bhí fáil ar sheirbhís leictreonach nua a bhí curtha i bhfearas ag An

Post le go bhféadfaí táille imréitigh chustam a íoc ar líne.

Bhain gearán eile le comharthaíocht de chuid An Post a bheith i mBéarla amháin i bhfuinneog Oifig an Phoist Chaisleán an Bharraigh.

Moladh go gcuirfeadh An Post plean feidhmithe faoi bhráid Oifig an Choimisinéara Teanga a rachadh i ngleic leis na cúiseanna gur sáraíodh an dlí teanga.

Léirigh an t-imscrúdú eile gur sháraigh Comhairle Chontae na Gaillimhe an dlí teanga trí fhreagra i mBéarla a thabhairt ar ríomhphost i nGaeilge agus trí bhac a chur ar dhuine cumarsáid a dhéanamh ina rogha teanga oifigiúil. Rinneadh iarracht sa chás sin iallach a chur ar dhuine úsáid a bhaint as córas seirbhíse idirghníomhach ar líne a bhí ar fáil i mBéarla amháin agus gan rogha aige a ghnó a dhéanamh leis an gComhairle i nGaeilge.

Mhaígh an Chomhairle gur trí dhearmad a cuireadh ríomhphoist i mBéarla amháin “ar thrí dháta éagsúla” chuig an té a rinne an gearán. Dúradh gur meabhraíodh d’fhoireann na Comhairle gur “den riachtanas é comhfhreagras a fhaightear i nGaeilge a fhreagairt i nGaeilge”.

Deir an Coimisinéir Teanga ina thuarascáil bhliantúil “gur bocht an teist” ar aon chomhlacht poiblí é go mbeadh pobal na Gaeilge “faoi mhíbhuntáiste” mar nach mbeadh fáil ach ar leagan Béarla den chóras.

Deir an Coimisinéir Teanga, Séamas Ó Concheanainn, gur léirigh an dá imscrúdú an géarghá le córas nua na gcaighdeán teanga a thabhairt isteach le dul i ngleic leis an “easnamh tromchúiseach” ar sheirbhísí idirghníomhacha ar líne.

Dúirt sé gurb é cuspóir na straitéise Cónascadh Rialtais 2030: Straitéis Dhigiteach agus TFC do Sheirbhís Phoiblí na hÉireann go mbeadh 90% de sheirbhísí áirithe poiblí á soláthar ar líne faoi 2030.

“Dá réir, ní mór do chomhlachtaí poiblí aghaidh a thabhairt ar sheirbhísí idirghníomhacha Gaeilge a sholáthar láithreach bonn.

“Is ábhar suntais freisin é go maítear sa straitéis chéanna go mbeidh 80% de shaoránaigh ag úsáid na tairsí MyGovID chun teacht ar sheirbhísí poiblí faoi 2030. Cuireann an pobal gearáin faoi bhráid m’Oifige ar bhonn leanúnach maidir le cuid de na croísheirbhísí idirghníomhacha atá á dtairiscint ag an tairseach MyGovID.

“De cheal dualgais reachtúil is deacair réiteach sásúil a fháil ar ghearáin na saoránach seo.

“Dá bhrí sin, molaim go ndíreoidh na caighdeáin teanga tosaigh a thabharfar i bhfeidhm ar na bearnaí ollmhóra reatha i seirbhísí teicneolaíochta agus idirghníomhacha Gaeilge ar líne.”

Fág freagra ar 'An dlí teanga sáraithe ag An Post agus Comhairle Chontae na Gaillimhe'

  • ColmÓT

    Comhairle Chondae na Gaillimhe ina náire shaolta idir bánú na tuaithe agus díothú ar an nGaeilge. Munach Oifig an Choimisinéara Teanga, ag tarraingt aird orthu agus ag tabhairt a ndúshlán, is mó dochair a dhéanfaidís.