Táthar ag súil go gcabhróidh cúrsa atá á reáchtáil in Ollscoil Luimnigh leis an “drogall” a bhíonn ar státseirbhísigh an Ghaeilge a labhairt san ionad oibre a mhaolú.
Cuireadh tús le cúrsa micreachreidiúna sa Chóitseáil Teanga san Ionad Oibre in Ollscoil Luimnigh ag tús na bliana seo caite.
Dúirt ceannasaí Roinn na Gaeltachta, Aodhán Mac Cormaic, ag cruinniú de chuid Choiste na Gaeilge, na Gaeltachta, agus Phobal Labhartha na Gaeilge i dTithe an Oireachtais gur “minic” a bhíonn “drogall” ar dhaoine atá tosaithe ar “aistear” foghlama Gaeilge an teanga a labhairt san ionad oibre.
“Go minic nuair a thosaíonn daoine ar an aistear seo, nuair a thagann siad ar ais ó na cúrsaí [teanga], bíonn drogall orthu an Ghaeilge a labhairt san ionad oibre. Bíonn daoine neirbhíseach faoi sin.
“Tá clár forbartha ag Ollscoil Luimnigh, clár cóitseálaithe teanga, agus is ceann spéisiúil é mar thabharfadh sé tacaíocht do dhaoine nua atá ag foghlaim na teanga,” a dúirt sé.
Is í an Dr Deirdre Ní Loingsigh, atá i gceannas ar Aonad na Gaeilge in Ollscoil Luimnigh, a dhear an cúrsa. Tá taighde sochtheangeolaíoch á dhéanamh ag Ní Loingsigh le cúig bliana déag ar an “mbuairt teanga” a bhíonn ar dhaoine a bhíonn ag obair tríd an dara teanga atá acu.
Tá an dara grúpa mac léinn tar éis an cúrsa dhá sheachtain déag, a reáchtáiltear ar líne, a chríochnú agus súil ag Ní Loingsigh go dtiocfadh fás ar líon na ndaoine a thabharfaidh faoin gcúrsa sna blianta amach romhainn.
“Bhí naonúr ann i mbliana, agus trí dhuine dhéag anuraidh. Tá beirt is fiche curtha tríd [an gcúrsa] anois, tá sé go maith go bhfuil grúpaí beaga ann agus bonn á chur leis an gcleachtas féin.
“Tá níos mó ná oiliúint i gceist, tá muid i ndiaidh an dá ghrúpa a thabhairt le chéile an tseachtain seo caite le go gcuirfidís aithne ar a chéile agus na féidearthachtaí faoin gcleachtas a phlé,” a dúirt sí le Tuairisc.
Thug sí le fios go bhfuil “cuid mhaith” de na hoifigigh pleanála teanga tar éis an cúrsa a dhéanamh agus an chóitseáil teanga i measc an phobail, seachas san ionad oibre, á staidéar acu.
“Bheinnse ag súil go mbeimis in ann tús a chur le pobal de chleachtóirí coisteálaithe teanga agus in ann an tionchar a bhíonn ag scéimeanna cóitseála teanga ar an duine go pearsanta agus ar an gcomhlacht nó ar an eagraíocht a mheas.
“Tá muid ag tosú go mall, tá na daoine a chuaigh tríd an gcúrsa tar éis scéimeanna píolótacha a thriail ina bpobal nó ina n-ionad oibre. Is ag iarraidh athruithe a chur i bhfeidhm ar an gcleachtas úsáide teanga san ionad oibre atá siad,” a mhínigh Ní Loingsigh.
Mhaígh sí gurb í “ceist na muiníne” an cheist is mó a bhíonn ann agus drogall ar dhaoine an dara teanga a labhairt i gcomhthéacs oibre. Bíonn “buairt” ar dhaoine a bheith ag plé le ceisteanna teicniúla i nGaeilge.
Dúirt sí go gcabhraíonn an cúrsa sa chóitseáil teanga leis na mic léinn ceisteanna síceolaíochta teanga san ionad oibre a thuiscint agus dul i ngleic leo.
“Is dóigh liom go bhfuil siad i ndiaidh a bheith ag plé den chéad uair le ceisteanna síceolaíochta teanga. Ní phléitear an ghné dhearfach de na polasaithe teanga [san ionad oibre] agus is minic a bhítear ag gearán faoi na dualgais agus faoin reachtaíocht. Is dóigh go mbeidh siad in ann [an cúrsa] a úsáid le dul i bhfeidhm ar na ceannairí,” a dúirt sí.
Dúirt sí go leagtar béim ar an gcúrsa ar an “gconair foghlama” agus go bhfuil na mic léinn tar éis dul i ngleic le “go leor teoiricí” a bheadh ina mbuntáiste dóibh agus iad ag filleadh ar an ionad oibre.
Mhaígh Ní Loingsigh go bhféadfadh an cúrsa a bheith ina chabhair maidir leis na spriocanna a leagadh ar an státseirbhís in 2021 cur le líon na gcainteoirí Gaeilge atá ag obair inti.
“Níl aon cheist ach go bhfuil féidearthachtaí ann. Tá an bhéim ar fad againn ar an bhfoghlaim éifeachtach, stíleanna straitéise, agus ar an bhfoghlaim chomhoibríoch,” a dúirt sí.
Deirtear i réamheolaire na hollscoile go ndéanann an chóitseáil teanga an fhoghlaim teanga “níos praiticiúla agus níos inbhuanaithe” agus go gcuirfidh sé leis an bhfeasacht teanga i gcultúr an ionaid oibre.
Tá an cúrsa dírithe ar “dhuine ar bith a bhfuil spéis aige tacaíocht a thabhairt don fhoghlaim teanga agus don úsáid teanga” san ionad oibre nó i gcomhthéacsanna eile agus go mbeadh an duine a thabharfadh faoin gcúrsa in ann pleananna foghlama agus forbartha teanga a réiteach don ionad oibre.
I measc na n-ábhar a phléitear ar an gcúrsa tá an chomhairleoireacht teanga, an machnamh, timpeallachtaí dearfacha foghlama, an cheannaireacht, agus an abhcóideacht teanga. Is féidir leis na mic léinn díriú ar an nGaeilge, ar an mBéarla nó ar theanga eile a d’fheilfeadh dóibh.
Dúirt Ní Loingsigh le Tuairisc gur i mBéarla atá na léachtaí “leagtha amach” ach go mbíonn rogha teanga ann sna grúpaí plé agus gur féidir leis na mic léinn na tascanna measúnaithe a dhéanamh i mBéarla nó i nGaeilge.
Thosaigh Ní Loingsigh ag déanamh taighde ar an ábhar seo in 2010 agus tá obair déanta aici le taighdeoirí eile ar fud an domhain ar na ceisteanna síceolaíochta teanga seo.
“Dheineas an tráchtas dochtúireachta ar an imní theanga a bhíonn ann agus na bacanna ar sheirbhísí a sholáthar i gcomhthéacs Acht na dTeangacha Oifigiúla. Tá mé i ndiaidh a bheith ag plé go mór le tograí Eorpacha agus le taighdeoirí i gCeanada ar na ceisteanna síceolaíochta agus na bacanna síceolaíochta i gcomhthéacs na hoibre.
“Táimid i ndiaidh dul leis an téarma ‘cóitseáil’ le dul i bhfeidhm ar eagraíochtaí agus ar chomhlachtaí, ach tá an téarma ‘comhairleoireacht teanga’ níos coitianta in áiteanna eile – go mór mór san Áise. Bheadh sé sin coitianta i gcás fhoghlaim an Bhéarla sa Áise.
“Níl ach aon chúrsa amháin don chomhairleoireacht teanga ar fáil ar domhan, tá sé sin in ollscoil sa tSeapáin,” a dúirt sí.
Fág freagra ar 'Súil ann go gcabhróidh ‘cóitseálaithe teanga’ le daoine a mbíonn imní orthu Gaeilge a labhairt'