Útamáil agus údarás –léiriú ar an dá thaobh den pholaitíocht i dTeach Laighean

Tá brú á chur ar an rialtas faoi cheist na dtáillí tríú leibhéal ach bhí díospóireacht shuimiúil, thomhaiste faoin Bhille um Chlúmhilleadh ann i rith na seachtaine chomh maith

Útamáil agus údarás –léiriú ar an dá thaobh den pholaitíocht i dTeach Laighean

Bhain páirtithe an rialtais slat a sciúr iad féin arís agus arís eile i rith na seachtaine. Léirigh a ráitis éiginnte faoi tháillí tríú leibhéal droch-cheannaireacht i bhFianna Fáil agus i bhFine Gael a thug deis laethúil don fhreasúra ceist réasúnta a chur nár freagraíodh fós.

Níl cúlú fógartha fós ó admháil an Aire Ardoideachais James Lawless go mb’fhéidir go mbeadh ar roinnt mac léinn táillí níos airde a íoc. Níl míniú intuigthe ar fáil ach oiread ar an gcontrárthacht idir an chiall réasúnta a baineadh as a ndúirt an tAire seachtain ó shin le linn agallaimh ar This Week agus an gealltanas a tugadh sa chlár rialtais go laghdófaí táillí.

Ní hé sin le rá nach bhfuil míniú ar bith tugtha. Thug Micheál Martin, Simon Harris, James Lawless agus airí eile le fios go raibh buanchóras táillí á mheá faoi láthair agus go gcuirfí an gealltanas i bhfeidhm le linn ré an rialtais in oifig.

Ní raibh freagra díreach áfach in aon ráiteas rialtais ar an gceist dhíreach i nGaeilge a chuir ceannaire Shinn Féin ar an Aire Jack Chambers a labhair thar ceann an Taoisigh (toisc an Tánaiste a bheith as baile) sa Dáil Dé Céadaoin:

“Caithfidh an rialtas a bheith ionraic le mic léinn agus lena dteaghlaigh,” a dúirt Mary Lou McDonald. “Cad a bheidh mar tháille coláiste acu i mí Mheán Fómhair? An mbeidh costas €2,000 nó €3,000 air?”

Freagra ní bhfuair sí ar ndóigh. Is é sin le rá freagra a d’fhreagair an cheist seachas cur síos a thabhairt ar an mbuansocrú atá beartaithe ag an rialtas. Socrú a bhéarfadh cinnteacht do mhic léinn agus dá dtuismitheoirí in ionad na ndeontas aon-uaire a fógraíodh anuraidh agus arú anuraidh chun costais mhaireachtála a ísliú.

Bheadh freagraí uile an rialtais ar an gceist a dhúisigh James Lawless sásúil dá mbeadh airí ag labhairt go príobháideach lena chéile ag cruinniú rialtais. Nó ag labhairt le coiste státseirbhíse agus leagan amach an bhuiséid á phlé.

Mar is eol do chúlbhinseoirí an rialtais faoin am seo áfach, tá caint phoiblí an rialtais ag cur imní ar mhic léinn agus ar thuismitheoirí ar fud na tíre. Ní mholfaidís Mary Lou go poiblí, ach teastaíonn freagra gan mhoill ar a ceist uathu go léir.

Bheadh cuid de fhreagraí an rialtais sásúil fiú amháin dá mbeadh dúshlán Shinn Féin á thabhairt maidir leis an ngeallúint a thug an páirtí sin roimh an olltoghchán. Bheadh an táille €3,000 curtha ar ceal go hiomlán faoi cheann trí bliana, a dúradh i bhforógra Shinn Féin, dá mbeadh an páirtí i mbun rialtais. Rud amháin geallúint chomh costasach a thabhairt. Rud eile é a chomhlíonadh agus Donald Trump ag bagairt taraifí.

Má fhágtar an chiall pholaitiúil i leataobh, is follas an brú a chuirfear ar an rialtas go bhfógrófar cúlú nó ‘soiléiriú’ ar a seasamh reatha.

Níl cás an rialtais abhus chomh dona fós le cruachás rialtas an Lucht Oibre sa Bhreatain. Is léir áfach an brú céanna á chur ar cheannairí an rialtais i mBaile Átha Cliath cúlú ó bheartas a chothóidh míshásamh go forleathan go n-athrófar é ar a laghad.

Is binn agus údarásach gach béal rialtais a fhanann ina thost agus cinneadh nach ndearnadh fós á mheá. Ní haon iontas é go bhfuil útamáil curtha ina leith toisc an iomarca a bheith ráite sular féidir aon rud cinnte a rá.

Idir an dá linn, cuireadh deireadh Dé Céadaoin le díospóireacht sa Dáil ar leasú tábhachtach ar an dlí a bhaineann le clúmhilleadh. Ní tharraingíonn an chéim dheireanach den chur is cúiteamh ar shonraí reachtaíochta aird de ghnáth.

Cé nach mbíonn nó toisc nach mbíonn ach scata beag Teachtaí i mbun díospóireacht dá leithéid, léirítear tuiscint thomhaiste ar ábhar lena linn – fiú agus iad ag easaontú.

Ba léir díograis ar chaon taobh agus forálacha an Bhille um Chlúmhilleadh (Leasú) á bplé ag an Aire Dlí agus Cirt Jim O’Callaghan le Matt Carthy ó Shinn Féin agus le Gary Gannon ó na Daonlathaithe Sóisialta.

Tabharfaidh an reachtaíocht cumhacht do bhreithiúna damáistí a dhámhachtain do dhaoine ar baineadh mí-úsáid as an dlí ina gcoinne. Meastar go laghdóidh an beartas toil chomhlachtaí agus daoine saibhre an dlí a bhagairt ar iriseoirí gan aon cheart-ábhar dlí a bheith acu i bhfírinne.

Tugtar cás straitéiseach dlí in aghaidh rannpháirtíocht an phobail nó Slaaps* i mBéarla ar chásanna dá leithéid toisc gur léir nach bhfuil aon údar leo dáiríre ach brú a chur ar iriseoirí nó ar chraoltóirí nó ar fhoilsitheoirí gan scéal a chur os comhair an phobail.

Cuirfear leasú tábhachtach eile ar an dlí i bhfeidhm de bharr na reachtaíochta agus cásanna clúmhillte á n-éisteacht ag breithiúna seachas ag giúiréithe feasta. Tá an t-athrú seo á mholadh ag foilsitheoirí agus ag craoltóirí d’fhonn fad cásanna cúirte a chiorrú agus costais dlí a laghdú dá réir.

Chuir Matt Carthy agus Gary Gannon in aghaidh an leasaithe agus chuireadar i gcuimhne do Jim O’Callaghan gur labhair sé ina aghaidh sular ceapadh ina aire é. Dúirt Jim O’Callaghan leo gur toradh é a dhearcadh nua ar ghiúiréithe ar choinníoll a bhaineann le ballraíocht i bpáirtí polaitiúil: a bheith toilteanach comhréiteach a dhéanamh.

Neartóidh an bille an chosaint a bheidh ar fáil do chraoltóirí agus d’fhoilsitheoirí feasta ar éilimh gurb ionann agus clúmhilleadh tuairisc atá míchruinn nó bréagach. Glacfar le cosaint gur bhain foilsiú nó craoladh ráitis dá leithéid le leas an phobail, go ndearnadh é le dea-rún agus go ndearnadh fiosrú agus seiceáil réasúnta roimh ré.

Dá fheabhas iad forálacha an bhille áfach, is beag tionchar a bheidh acu ar na meáin shóisialta – na meáin ar a ndéantar clúmhilleadh níos minice ná ar mheán ar bith eile. Tabharfaidh foráil ceart do shaoránach ordú cúirte a iarraidh go neosfaí ainm duine a bheidh freagrach as clúmhilleadh.

An ngéillfidh Facebook/Meta, Tiktok agus mórchomhlachtaí eile na meán sóisialta d’orduithe dá leithéid? Sin scéal eile.

* Slaaps: Strategic Lawsuit Against Public Participation. Nó i nGaeilge b’fhéidir, CASAOID: Cásanna achrannacha dlí a oireann d’ísliú dlí-rannpháirtíochta. Fáilte roimh leaganacha Gaeilge níos cruinne, agus níos deise.

Fág freagra ar 'Útamáil agus údarás –léiriú ar an dá thaobh den pholaitíocht i dTeach Laighean'