Tá ár gcomhfhreagraí sa Tuaisceart Póilín Ní Chiaráin in éineacht le Bridget, Pádraic agus Seán Tadhg ar eagrán na seachtaine seo de An Pod Gaeilge chun plé a dhéanamh ar thaighde nua atá foilsithe ag Conradh na Gaeilge faoi áit na teanga sa díospóireacht faoi ‘Éire Aontaithe’.
Pléitear chomh maith an chonspóid a bhain le deireadh a bheith curtha tionscadal na logainmneacha ó thuaidh. £90,000 a bhí i gceist ansin, an méid céanna airgid a chaith comhairle áitiúil ag cur i gcoinne comhartha dátheangach in Ard Mhacha.
Agus ar deireadh pléitear fógra an Aire Oideachais nach mbeidh aon scoil lán-Ghaeilge nua á tógáil as seo go ceann cúig bliana.
Fág freagra ar 'AN POD GAEILGE: An cuma le muintir na Gaeltachta agus aontachtaithe an Tuaiscirt faoi áit na Gaeilge sa phlé faoi ‘Éire Aontaithe’?'