Ba iad na scéalta faoin Daonáireamh i 1926 a chuir ag smaoineamh mé. Cén chaoi ar tharla sé gur éirigh go maith le cuid de na daoine ina dhiaidh sin, ach go mb’éigean do na céadta míle eile dul ar imirce?
Le coicís anuas tá mé ag athléamh leabhar iontach Dhónaill Mhic Amhlaigh – Dialann Deoraí. Cé gur léigh mé cheana é nuair a bhí mé ar scoil, ní dheachaigh sé i bhfeidhm orm chomh mór is a chuaigh le gairid.
Cur síos atá ann ar a shaol mar ‘náibhí’ i Sasana sna 1950idí. Ní haon áibhéil a rá go raibh an saol sin thar a bheith crua. Ach bhí an t-airgead go maith agus bhíodh sé in ann cúpla punt a chur abhaile chuig a mhuintir in Éirinn.
Tá sé deacair a chreidiúint, ag féachaint ar thorthaí an Daonáirimh ón bhliain 1926 – go mbeadh an saol chomh crua sin tríocha bliain ina dhiaidh sin in Éirinn.
Cad a thug an líon mór sin daoine ar bhóthar na himirce sna 1950idí?
Cad a thug cuid díobh ar bhóthar a leasa – ar shaol i bhfad níb fhearr ach iad fós fanta sa mbaile?
Ba léir go ndearna Dónall Mac Amhlaigh a mhíle dícheall. Bhí sé go maith ag an scoil agus chaith sé tréimhse san Arm ar An Rinn Mhór i nGaillimh. Ach nuair a d’fhág sé an t-arm ní raibh aon obair ar fáil. Obair de chineál ar bith. B’éigean dó dul anonn go Sasana ar an mbád bán. Mar a rinne an chlann uilig.
Thuig mé, nuair a bhí mé ní b’óige, go mb’éigean do dhaoine go leor dul ar imirce. Agus thuig mé go raibh an obair crua.
Ag an am bhí an obair sa mbaile crua freisin – go háirithe ar an bhfeirm in iarthar na tíre.
Ar nós Mhic Amhlaigh ar an suíomh bildeála, dhéantaí chuile shórt ar an bhfeirm de láimh – plé le beithígh, baint an fhéir, baint mhóna, plé le cearca, déanamh ime, bleán na bó agus mar sin de.
Mar sin, nuair a scrúdaigh mé torthaí an Daonáirimh do 1926, ní dhearna mé aon iontas go raibh an oiread sin daoine sa chlann ag ‘cabhrú ar an bhfeirm’.
Ach céard a bhí á dhéanamh ag clann buachaillí ar fheirm 13 acra? Níl mé in ann a rá ach tá a fhios agam i gclann m’athar, go rabhadar ar fad thar cionn ag seilg.
An duine ba shine sa chlann, bean óg 23 bliain agus í fós sa mbaile, ba ag plé le ‘Home Duties’ a bhí sí. Cén chaoi ar chaith sise an lá?
Agus thug mé faoi deara go raibh ainm amháin ar iarraidh – an lead a chuaigh isteach sna gardaí agus nár fhill riamh ar Ros Comáin. Ba i mBaile Átha Cliath a chaith sé an chuid eile dá shaol.
Cé go raibh m’athair nótáilte ag an Daonáireamh sa mbaile ag 17 bliain d’aois, tá cáipéis eile agam ón bhliain chéanna sa Spidéal – cáipéis a thug a chuid torthaí sna scrúduithe Gaeilge i gColáiste Chonnacht sa Spidéal sa bliain 1926. Bheadh sé feasta cáilithe le bheith ina mhúinteoir Gaeilge.
D’fhéadfá a rá is dócha, gurb í an Ghaeilge a shábháil é ón saol a bheadh i ndán dó ar na 13 acra.
Tríocha bliain ina dhiaidh sin ní raibh an Ghaeilge in ann Dónall Mac Amhlaigh a shábháil – in Éirinn.
Níl a fhios cén cruatan a d’fhulaing sé ar na suímh bhildeála sa mBreatain. Ach ag an am céanna ba é an tionscal tógála agus an méid oibre a bhí le fáil sna cathracha agus sna bailte, a thug saol nua dó agus deis aige cúpla punt a shaothrú agus cuid a chur abhaile chuig a mhuintir.
Go minic ní bhíodh greim le n-ithe aige.
D’iarradh sé déirc ar dhuine a bhí i mbun ceaintín nó caifé agus dá mbeadh an t-ádh leis thabharfaidís pláta le dhá shlis aráin agus muigín tae in aisce dhó.
D’imíodh sé ó shuíomh go suíomh ag iarraidh jab tógála agus b’fhéidir coinníollacha níb fhearr, ach tríd is tríd, ba mar a chéile iad uilig – obair fhíorchrua, agus drochlóistín le ‘spam’ agus tae lag.
Tá sé an-spéisiúil nuair a fhéachann duine go grinn ar an Daonáireamh – go háirithe i gcás gnó nó siopa mór.
Cé go raibh an tír beo bocht sa mbliain 1926, bhí gnóthaí agus siopaí sna bailte móra a choinnigh cuid de na daoine ón mbád bán.
Tharraing suíomh Facebook mo bhaile dúchais féin, Bealach a’Doirín, m’aird ar an iontráil a bhí i siopa mór Duff’s oíche an Daonáirimh.
Ba léir gur duine sinsearach sa siopa a líon an fhoirm do gach duine a bhí faoin díon an oíche sin.
Agus liosta an-suimiúil atá ann. Bhíodh sé de nós an t-am sin agus go ceann i bhfad ina dhiaidh, ag foireann an tsiopa, fanacht thar oíche ann. Ar aon nós, nuair a bhreathnaítear ar an liosta, is féidir a dhéanamh amach gur éirigh le cuid acu a gcuid ‘dintiúirí’ a bhaint amach sa ghnó, agus gur éirigh leo a gcuid siopaí féin a oscailt ar an mbaile ina dhiaidh sin. D’éirigh go han-mhaith le cuid acu.
Bhí Dónall Mac Amhlaigh ina fhear oibre nó ‘náibhí’ i gcaitheamh a shaoil. Ní raibh aon deis aige briseadh amach as nó ní raibh na hacmhainní aige a thabharfadh deis dó a ghnó féin a thosú, mar a bhí ag na fir a d’oibrigh Tigh Duff’s i mBealach a’Doirín.
Ach bhí rud aige nach raibh ag go leor dá chomrádaithe. Bhí léamh agus scríobh thar cionn aige. Luann sé go minic na leabhair a bhíodh a léamh aige – GK Chesterton nó GB Shaw, nó a leithéidí, chomh maith le leabhair Ghaeilge. Bhí suim thar na bearta aige sa méid a bhí ar siúl thart air.
Blianta ina dhiaidh sin, thosaigh sé ag déanamh píosaí iriseoireachta i nGaeilge – is cuimhneach liom a léamh sna páipéir Ghaeilge agus bhíodh sé ar RTÉ Raidió na Gaeltachta go minic mar comhfhreagraí as an mBreatain. Thuairisc sé cás ‘Seisear Birmingham’ mar shampla.
B’in í an uair go gcaithfeadh a chuid tuairimí féin a bheith ag duine – seachas a bheith á bpiocadh suas ón idirlíon mar a dhéanann go leor iriseoirí sa lá inniu.
Bheadh sé deacair é a mhíniú do dhaoine óga an lae inniu cén sórt roghanna a bhí ag daoine sna 1920idí nó fiú sna 1950idí. Chaitheadh duine a bheith go maith ag sluaisteáil ar aon nós. Ní raibh sé ach 62 bliain d’aois nuair a bhásaigh sé i Northampton Shasana.
Rugadh Dónall Mac Amhlaigh céad bliain ó shin i mí na Nollag 1926, bliain an Daonáirimh.
Fág freagra ar '100 bliain ó shin a rugadh Dónall Mac Amhlaigh, i mbliain an daonáirimh…'