Paiste cainte ag Helen Ní Shé le…Cormac Ó Gráda: ‘Ag deireadh an lae an gnáthdhuine a bhíonn thíos le cogadh, cosúil liomsa is leatsa’

Tá an staraí aitheanta Cormac Ó Gráda i dteannta Helen ar an eagrán is déanaí de ‘Paiste cainte le Helen Ní Shé…’ chun plé a dhéanamh ar chás an tsibhialtaigh in aimsir chogaidh

Paiste cainte ag Helen Ní Shé le…Cormac Ó Gráda: ‘Ag deireadh an lae an gnáthdhuine a bhíonn thíos le cogadh, cosúil liomsa is leatsa’

 

Agus gan aon stad le hainnise na cogaíochta ar fud an domhain, tá an staraí aitheanta Cormac Ó Gráda i dteannta Helen ar an eagrán is déanaí de ‘Paiste cainte le Helen Ní Shé…’ Labhraíonn sé faoina mhórshaothar is déanaí Hidden Victims: Civilian Casualties of the Two World Wars, ina n-áitíonn sé gur sibhialtaigh ab ea 65 milliún den 100 milliún duine a maraíodh sa dá chogadh domhanda.

An gorta, agus an t-ocras agus na galair a leanann é ba thrúig bháis do 30 milliún de na sibhialtaigh sin, a deir sé.

Tráchtann Cormac chomh maith ar an athrú a tháinig ar mhodhanna cogaíochta agus teaicticí míleata agus ar an athrú a tháinig ar ár dtuiscint ar mharú pobail dá bharr, ón mbuamáil ón aer go dtí an cinedhíothú. Pléann sé cás mhuintir na Palaistíne. ‘Nuair a fheiceann tú an scrios atá déanta ar Gaza…chaithfeá a rá gur d’aon ghnó a deineadh é sin,’ a deir sé. Tráchtann sé chomh maith ar an gcogadh san Úcráin, ar mhímhoráltacht na cogaíochta agus ar uafás an Uileloiscthe.

Ar deireadh pléitear ceist an dóchais agus an éadochais i bhfianaise na rudaí uafásacha a tharlaíonn le linn cogaidh.

Fág freagra ar 'Paiste cainte ag Helen Ní Shé le…Cormac Ó Gráda: ‘Ag deireadh an lae an gnáthdhuine a bhíonn thíos le cogadh, cosúil liomsa is leatsa’'