Brú Theatre
An Taibhdhearc
Tá Neill | Páidín bunaithe ar na gearrscéalta ‘Neill’ agus ‘Páidín Mháire’ ón gcnuasach Scothscéalta, agus athshamhlú ar shaothar Phádraic Uí Chonaire é le James Riordon (stiúrthóir) agus a chomhbhádóir i mBrú Theatre, Emily Reilly. Éiríonn leo plé le scéalta Uí Chonaire go hómósach agus éiríonn leo bealaí a aimsiú le lasair nua a adhaint iontu.
Ní drochdhaoine iad na carachtair Neill agus Páidín. Dá mbeidís i scannán uafáis bheifeá ag béiceadh ar an scáileán ag impí orthu gan a ghabháil síos san íoslach ag fiosrú an torainn aistigh sin.
Tá siad ag iarraidh an rud ceart a dhéanamh.
Is í an streachailt inmheánach, an t-aingeal ar ghualainn amháin is an diabhal ar an ngualainn eile, seachas na tubaistí féin, a tharraingíonn an anachain anuas orthu.
Tréigtear Neill ag an altóir agus mar bharr ar an donas, pósann a grá geal bean eile agus socraíonn siad síos i dteach atá trasna an bhóthair uaithi. Cén t-ionadh go mbeadh díoltas uaithi?
Iascaire óg é Páidín. Níl uaidh ach a bheith amuigh ar an bhfarraige ag ‘Ceann Gólaim ag lorg na mballach’. Ina áit sin tá sé ag obair ar scéim de chuid na n-oibreacha poiblí nuair a tharlaíonn pléascadh agus cailleann sé an t-amharc. Cén t-ionadh go bhfuil sé croíbhriste?
Tá cosán cúng le siúl ag stiúrthóir ar bith atá ag iarraidh saothar a thabhairt ón leathanach go dtí an stáitse. Caithfear spiorad agus anam an bhunsaothair a thabhairt slán, ach gan a bheith sáinnithe aige ach an oiread.
Éiríonn le Brú Theatre agus an fhoireann léirithe an cosán sin a shiúl go muiníneach.
Coinnítear cnámha na scéalta, na móimintí cinniúnacha, agus fágtar an chuid eile ar an leathanach clóite. Tugann míreanna gearra aithriseoireachta le Diarmuid de Faoite, mar scéalaí, comhthéacs do na scéalta gan a bheith ag brú isteach ar an dráma.
Seit simplí ach tarraingteach atá deartha ag Andrew Clancy don dá dhráma, ardán adhmaid bunúsach is ea an struchtúr is mó ar an stáitse.
I ‘Neill’ is ann atá seomra teolaí Neill, é maisithe go galánta i stíl na 1940idí. Baintear úsáid arís as an ardán i Páidín, ach fágtar lom an uair seo é, gan air ach currach aonair, bádóir taibhsiúil agus an ceo ag scairdeadh anuas uaidh.
Maisíonn na cultacha, deartha ag Clíodhna Hallissey, domhan na scéalta go héadrom. Déanann sonraí beaga – scaif shíoda, crios, geansaí Árann – an saol a lonnú i ré Uí Chonaire. Tá an soilsiú le Sarah Jane Shiels agus an ceol le Anna Mullarkey snasta, cuí.
Tugann Caitríona Ní Mhurchú léiriú galánta, grástúil ar charachtar casta Neill agus tá blaisín den réalta matinée ag Eoin Ó Dubhghaill (Micheál Ó Ciarabháin/Páidín Mháire) – cuimhnigh ar Fred Astaire nó Dick Van Dyke, agus é gealgháireach is éadrom ar na cosa. Tugann Maeve McGrath agus Raymond Keane tacaíocht láidir sa dá léiriú.
Tá an dara scéal, Páidín Mháire, níos scaoilte san insint ná mar atá Neill. Is é an radharc is láidre ann ná Raymond Keane ina bhádóir taibhsiúil agus é ag iomramh go ciúin, rithimiúil. Íomhá láidir é a fhógraíonn spiorad an chaillteanais is an uaignis. Tá an íomhá láidir ach goideann sí ruainne ón reacaireacht in áiteanna.
Nascann snáithe láidir an dá dhráma le chéile, daoine atá sáinnithe, ní hamháin ag an tubaiste a tharla dóibh, ach ag an ‘namhaid’ atá iontu féin nach féidir leo éalú uaidh.
Fág freagra ar 'Éiríonn le dráma nua sa Taibhdhearc lasair nua a adhaint i scéalta Uí Chonaire'