Na gearrscéalta Neill agus Páidín Mháire le Pádraic Ó Conaire atá mar bhunús ag an dráma dhá phíosa Neill | Páidín a bheidh le feiceáil sa Taibhdhearc i rith Fhéile Amharclannaíochta na Gaillimhe. Cóiriú stáitse le James Reirdon atá ann agus comhléiriú é idir a chomhlacht léiriúcháin Brú Theatre agus An Taibhdhearc.
Deir James go raibh dáimh aige le gearrscéalta Phádraic Uí Chonaire ó rinne sé staidéar ar Scothscéalta don ardteist.
“D’fhan cuid de na scéalta liom ó shin, go háirithe an chaoi a mbíonn Ó Conaire ag scríobh faoi dhaoine a bhfuil tráma ag baint leo, agus an nádúr atá sa chaoi a scríobhann sé faoi na daoine, d’fhan siad sin liom.”
As Maigh Cuilinn i gCo. na Gaillimhe ó dhúchas, bhunaigh Reirdon Brú Theatre sa mbliain 2018 in éineacht leis an léiritheoir Jill Murray. Oibríonn sé go dátheangach i nGaeilge agus i mBéarla agus cruthaíonn an comhlacht saothar amharclannaíochta ildisciplíneach.
Ghnóthaigh Selvage a léirigh Brú Theatre dhá ainmniúchán sna Irish Times Theatre Awards in 2020, ceann don aisteoir ab fhearr agus ceann do Sarah Jane Sheils don dearadh soilse ab fhearr. Díoladh amach Not a Word ag Féile Ealaíona Idirnáisiúnta na Gaillimhe in 2023 agus bhí James ina stiúrthóir ar pharáid mhór Macnas an bhliain chéanna. Chaith sé bliain mar stiúrthóir cónaitheach le hAmharclann na Mainistreach arú anuraidh.
Tháinig sé ar ais go Gaillimh tar éis dó tréimhse a chaitheamh ag obair agus ag taisteal agus chuimhnigh sé arís ar scéalta Phádraic Uí Chonaire.
“Cúig bliana ó shin nuair a tháinig mé ar ais go Gaillimh bhí suim agam rud éigin a dhéanamh le scríbhneoireacht Phádraic Uí Chonaire. Ní fhaca mé aon rud déanta leis ó thaobh na hamharclannaíochta dhe le suas le cúig bliana déag anuas agus ceapaim gur fiú go mór é a dhéanamh.
“Thosaigh mé ag caint leis an Taibhdhearc faoi. Tá grá mór ann do Phádraic Ó Conaire agus níl go leor déanta i nGaillimh faoi.”
Tá sé 70 bliain i mbliana ó foilsíodh an cnuasach Scothscéalta den chéad uair i 1956, ach tá na hábhair agus na carachtair fós tráthúil do dhaoine sa lá atá inniu ann, a deir sé.
“Scríobhann sé cuid mhaith faoi na daoine atá ar an imeall, na daoine atá ag ól, na daoine atá uaigneach… Agus tá sé sin fós ann anois, chomh tráthúil anois agus a bhí nuair a scríobhadh ar dtús iad.”
Dhá dhráma in aon léiriú amháin atá i gceist le Neill | Páidín agus iad bunaithe ar na gearrscéalta ‘Neill’ agus ‘Páidín Mháire’. Cloíonn na drámaí leis na scéalta féin, cuid mhaith.
“Tá mé ag obair le Emily Riley, bhí muid ag caint faoi cén chaoi a bhfuil tú in ann na scéalta a chur ar stáitse. I Neill, sa mbunscéal, tarlaíonn sé i rith sé mhí nó bliain, bhí orainn cuimhneamh cén chaoi is fearr leis na nóiméid atá lán le drámaíocht sa scéal a chur i láthair ar stáitse.
“Níl deireadh difriúil againne ná mar atá sna bunscéalta, tá aisteoirí den scoth ann agus tagann mise ó chúlra drámaí fisiciúla só baintear úsáid as sin freisin sa léiriú.”
Roghnaigh siad na gearrscéalta áirithe seo mar go bhfuil carachtair láidre lárnach iontu agus go bhfuil éagsúlacht sa stíl a bhaineann leo.
“Tá ‘Neill’ i bhfad níos réalaíche sa dráma agus tá baint i bhfad níos mó leis an bhfilíocht agus leis an gcumha ag ‘Páidín’. Bhí mé ag iarraidh péire a chur ar stáitse atá difriúil le fiosracht a spreagadh sa lucht éisteachta, tá súil agam.”
Is do stáitse na Taibhdheirce go speisialta atá an leagan amach atá déanta ar an léiriú Neill | Páidín a deir James, agus é forbartha acu in oiriúint don áit féin.
“Seo an chéad uair againn ag comhoibriú leis an Taibhdhearc agus is breá liom an stáitse san amharclann. Tá muid á chruthú le haghaidh stáitse na Taibhdheirce, dá mbeadh muid á dhéanamh in áit éigin eile ba sheó difriúil a bheadh ann. Is mór an onóir dúinne é go bhfuil muid in ann a bheith ag obair leis an ábhar seo.”
Ba mhaith leis go gcuirfeadh an léiriú daoine ag caint faoi scríbhneoireacht Phádraic Uí Chonaire agus ag léamh na mbunscéalta arís.
“Tá súil agam go mbeidh daoine ag rá leo féin théis an tseó, ‘Chríost, bhí Pádraic Ó Conaire dochreidte maith ag scríobh!’ Tá súil againn go mbainfidh daoine sult as an seó is go ngabhfaidh siad ar ais go dtí na leabhair agus na scéalta, á léamh.”
*Beidh Neill | Páidín in An Taibhdhearc i rith Fhéile Amharclannaíochta na Gaillimhe 1 – 10 Bealtaine.
Fág freagra ar '‘Tá súil agam go mbeidh daoine ag rá, Chríost! Bhí Pádraic Ó Conaire go maith ag scríobh’'