Bambi Thug tagtha aniar aduaidh ar an aire agus ceisteanna go leor faoi RTÉ

Ceal aontais ag bord an rialtais faoi thodhchaí RTÉ, tá an scéal curtha ar atráth píosa eile

Bambi Thug tagtha aniar aduaidh ar an aire agus ceisteanna go leor faoi RTÉ

An mbeadh RTÉ in acmhainn an Comórtas Eoraifíse a reáchtáil dá n-éireodh le Bambi Thug san oíche amárach?

Bhain an cheist geit as an Aire Meán Catherine Martin nuair a cuireadh uirthi í Dé Máirt. Ní fiú agus go raibh Bambi Thug cáilithe don chraobhchomórtas i Malmo ag an bpointe sin. Dúirt an tAire Martin nach mba léise a rá agus gur cinneadh a bheadh ann do RTÉ.

Cuireadh an cheist ag seoladh na dtuarascálacha a bhí foilsithe ag an Aire faoi chúrsaí rialacháin in RTÉ. Tuarascálacha a raibh cáineadh go leor iontu ar chúrsaí sa gcraoltóir náisiúnta agus láimhseáil airgid sa gcomhlacht. Tuarascálacha a tharraing aird uair amháin eile ar an deacracht is mó i gcúrsaí RTÉ – maoiniú fadtéarmach na heagraíochta.

Tuairiscítear go bhfuil easaontas polaitiúil timpeall ar bhord an rialtais ag croílár na deacrachta. Tá aighneas agus conspóid le fada anois faoin táille cheadúnais, an leibhéal ag a bhfuil sí socraithe, an líon daoine a sheachnaíonn í agus an modh trína mbailítear é. Mhol an Coimisiúin um Thodhchaí na Meán i mí Iúil 2022 gur theastaigh aghaidh a thabhairt ar an gceist. Ghlac an rialtas le 49 as 50 moladh a rinne an coimisiún ach níor ghlac siad leis an moladh faoi mhaoiniú.

Ceist gan réiteach is ea í i gcónaí, is cosúil. Tá imní ar an Tánaiste go ndéanfadh sé dochar do neamhspleáchas RTÉ dá gcuirfí deireadh leis an gceadúnas teilifíse agus maoiniú a chur ar fáil go díreach ón státchiste. Tá sé molta ag Fianna Fáil mar pháirtí le tamall de bhlianta go mbeadh táille chraolacháin ann a bhaileodh na Coimisinéirí Ioncaim.

Tuairiscítear na hairí sa Roinn Airgeadais a bheith ar aon fhocal leis an Tánaiste. Is léir ón méid atá ráite ag Aire na Meán Catherine Martin an tseachtain seo gurbh fhearr léi féin go mbeadh an craoltóir náisiúnta seirbhíse poiblí á mhaoiniú as an sparán poiblí. Ceal aontais ag bord an rialtais tá an scéal curtha ar atráth píosa eile.

Tá an tAire le reachtaíocht nua a bhaineann le riaradh RTÉ a chur chun cinn chomh luath agus is féidir, a deir sí. Tá súil aici go mbeidh cinneadh déanta ag leibhéal rialtais faoin tráth sin faoin múnla maoinithe.

Ní dhéanfar cinneadh roimh thoghchán na míosa seo chugainn, is cinnte. Má thagann easaontas faoi aon ábhar eile chun cinn ag leibhéal an rialtais san idirlinn nó má bhíonn sraith fothoghchán le reáchtáil tar éis na dtoghchán Eorpach, tabharfaidh sin dáta an olltoghcháin chun cinn ó mhí Márta seo chugainn, nó mura ndéanann, tabharfaidh sé lón machnaimh don Taoiseach.

Má scoirtear an Dáil, titfidh aon reachtaíocht a bhí molta. Mura mbíonn an reachtaíocht rite agus cinneadh déanta faoi mhúnla maoinithe cá bhfágann sin cás an chraoltóra náisiúnta? Ceist gan réiteach uair amháin eile? Agus cén bhrí má bhíonn costas an chomórtais Eoraifíse ag teacht inár dtreo?

Fág freagra ar 'Bambi Thug tagtha aniar aduaidh ar an aire agus ceisteanna go leor faoi RTÉ'

  • Carraig

    Má bhuann agus tá súil agam go mbuafaidh (níl spéis dá laghad agam ann) ba cheart é a chur ar siúl go spiagaí agus go scailéitheanach ‘”ag ceann tí an mhargaidh” i Maigh Chromtha, Contae Chorcaí, an áit gurb as Bambi Thug, an áit ar theith sé/sí aisti lena hanam i ndiaidh éigniú a deineadh uirthi agus droch-íde a tugadh uirthi ina (h)óige.
    Is iontach go deo an teacht aniar, an tathag, an tallann agus an misneach atá ann/inti.
    Agus féadfaidh lucht a c(h)éasta frigeáil leo.