Barántais ghabhála á lorg ag ionchúisitheoir an ICC do Netanyahu agus ceannairí Hamas

Dúirt príomh-ionchúisitheoir an ICC, Karim Khan, go raibh iarratas déanta aige ar bharántais mar gheall ar chúiseanna a bhain le coireanna cogaidh agus coireanna in aghaidh na daonnachta

Barántais ghabhála á lorg ag ionchúisitheoir an ICC do Netanyahu agus ceannairí Hamas

Tá barántais ghabhála á lorg ag an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta (ICC) do Phríomh-Aire Iosrael, Benjamin Netanyahu agus do Yahya Sinwar agus ceannairí eile de chuid Hamas.

Dúirt príomh-ionchúisitheoir na cúirte Karim Khan go raibh iarratas déanta aige ar na barántais mar gheall ar chúiseanna a bhain le coireanna cogaidh agus coireanna in aghaidh na daonnachta.

Painéal breithiúna de chuid na cúirte a dhéanfaidh cinneadh faoin iarratas.

Tá roinnt cúiseanna á gcur i leith Benjamin Netanyahu agus aire cosanta Iosrael Yoav Gallant. Ar na cúiseanna sin tá díothú a dhéanamh, úsáid a bhaint as an ngorta mar uirlis chogaidh, stop a chur le cabhair dhaonnúil, agus targaidí a dhéanamh d’aon ghnó de shibhialtaigh.

Tá cúiseanna éagsúla curtha i leith ceannaire Hamas, Yahya Sinwar, Mohammed Diab Ibrahim al-Masri, ceannaire Bhriogáidí Al Qassem, agus Ismail Haniyeh, ceannaire na chuid na heite polaitiúla de chuid Hamas.  Ar na cúiseanna sin tá “díothú, dúnmharú, tógáil gialla, agus éigniú agus ionsaithe gnéis a dhéanamh ar dhaoine faoi choinneáil”.

Dúirt Karim Khan go bhféadfaí cás réasúnta a dhéanamh go raibh na ceannairí freagrach de réir dlí as coireanna cogadh agus coireanna in aghaidh na daonnachta a tharla ón 7 Deireadh Fómhair 2023.

Rinne Iosrael cáineadh géar ar an gcúirt idirnáisiúnta. Dúirt Benny Gantz, aire de chuid rialtas cogaidh Iosrael:

“Daille ó thaobh na moráltachta atá i gceist a mhaíomh gurb iad an dá mhar a chéile ceannairí a chuaigh chun catha le cosaint a thabhairt do shaoránaigh a dtíre agus sceimhlitheoirí foréigneacha.

“Dá nglacfaí le seasamh an ionchúisitheora is coir stairiúil a bheadh ann.”

Níl Iosrael ina bhall den Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta agus deir sé nach bhfuil aon údarás aici in Iosrael ná Gaza. Ach má cheadaítear na barántais d’fhéadfaí na daoine atá luaite leo a ghabháil in aon cheann den 124 stát atá ina mbaill den ICC.

An ICC, atá lonnaithe san Háig, an t-aon chúirt bhuan ar domhan a bhfuil an chumhacht aici daoine a chúiseamh as coireanna  cogaidh, coireanna in aghaidh na daonnachta agus cinedhíothú.

Fág freagra ar 'Barántais ghabhála á lorg ag ionchúisitheoir an ICC do Netanyahu agus ceannairí Hamas'