Smál an chiníochas ar cheapachán stairiúil i nDoire

Is mór an feall é go bhfuil conspóid agus fuath ag cur isteach ar chéim chomh forásach le hainmniúchán Lilian Seenoi-Barr ina méara ach má shíl lucht a hionsaithe gur díspreagadh di a gcuid bagairtí beidh thiar orthu

Smál an chiníochas ar cheapachán stairiúil i nDoire

Céim stairiúil. Dea-scéal. Doire ar thús cadhnaíochta ach roinnt ag iarraidh nimh a chur sa chorcán.

Insealbhófar an Comhairleoir Lilian Seenoi-Barr mar Mhéara na Comhairle i dtús an Mheithimh. Deir sí nach ligfidh sí do chiníochas agus imeaglú a theacht salach ar a cuid oibre.

Is de bhunadh na Céinia í an comhairleoir ón SDLP, an chéad bhean den chine dubh a gheobhaidh slabhra an mhéara in údarás áitiúil thuaidh nó theas. Glacfaidh sí leis an bpost mar Mhéara Chomhairle Dúiche Chathair Dhoire agus an tSratha Báin ar an 3 Meitheamh.

Ní nach ionadh is mór an onóir é, a deir an bhean 42 bliain a tháinig go Doire mar dhídeanaí ceithre bliana déag ó shin. Oibrí pobail ar son mná agus páistí de threibh na Masaíoch ab ea í sa Chéinia sula mb’éigean di teitheadh lena mac beag. Abhus, chuir an pobal aithne uirthi mar ghníomhaí ar mhaithe le hinimircigh; bhunaigh sí Fóram na nInimirceach san iarthuaisceart (NW Migrants’ Forum) agus is í a phríomhfheidhmeannach. Toghadh í mar chomhairleoir don SDLP sna toghcháin áitiúla in 2021.

Beart stairiúil, fadbhreathnaitheach ón SDLP ab ea í a roghnú don phost, a cumas léirithe aici ar go leor bealaí le blianta anuas. Ní foláir freisin nó bhí an SDLP ag iarraidh snas a chur ar a cháil as ceannródaíocht; ba é a chuir tús sna seachtóidí le roinnt na cumhachta ar Chomhairle Dhoire, post an mhéara á roinnt ar a seal idir na páirtithe. Tráth a bhfuil achar fada caite ag SDLP in ísle brí bheidís ag súil le haitheantas as an éagsúlacht a neartú.

Ar an drochuair tharraing a bpróiseas roghnaithe achrann gan ghá agus bhain cuid den loinnir de sheiftiúlacht an pháirtí. D’fhág beirt chomhairleoirí eile an páirtí, iad ag líomhain nár tugadh deis chothrom dóibh féin a bheith ina n-iarrthóirí don ainmniúchán mar mhéara.

Deir an SDLP gur leanadh na rialacha a leagadh síos dhá bhliain ó shin agus gurb í an Comhairleoir Seenoi-Barr ab fhearr a chruthaigh. Cibé, níor thuig gach duine an próiseas in am, botún bainistíochta agus míchompord don mhéara ainmnithe arbh fhearrde í a bheith dá uireasa.

Ar an drochuair níorbh í méiseáil an SDLP an t-aon fhadhb ná fiú an ceann ba mheasa. Bhí an racht fuatha ar mheáin shóisialta sa bhaile agus i gcéin scanrúil. Dúirt ceannaire an SDLP, Colum Eastwood go raibh bagairtí báis an-tromchúiseach i measc an rabharta drochíde. Tá an PSNI i mbun fiosraithe ar an mbonn gur choireanna fuath ciníoch iad na bagairtí.

Ní ó dhaoine sa tír seo amháin a tháinig an drochíde. Mar atá feicthe i gcásanna eile a bhaineann le hinimirce nó teifigh d’eascair cuid de na tráchtanna ciníocha ón iasacht. I measc na ndaoine a chuir teachtaireachtaí maslacha ar mheáin shóisialta bhí an teoiricí comhcheilge Meiriceánach, Alex Jones. Sin é an fear a dúirt gur chur i gcéill ab ea uafás Sandy Hook, an t-ionsaí lámhaigh ar bhunscoil i Connecticut inar maraíodh 20 páiste agus seisear daoine fásta in 2012.

Bhí taithí ag an gComhairleoir Seenoi-Barr ar chiníochas cheana sa tír seo ach níor airigh sí íde chomh nimhneach ná chomh fairsing is atá foilsithe ó ainmníodh í mar mhéara. Deir sí sna hagallaimh go léir atá déanta aici le breis is seachtain gur ar a clann is measa atá an mhí-úsáid ag goilliúint. Buille di féin is ea é freisin ach díríonn sí ar a taithí dhearfach, tacaíocht ó pholaiteoirí eile, ó ghrúpaí pobail agus ó ghnáthdhaoine i nDoire.

Is mór an feall é go bhfuil conspóid agus fuath ag cur isteach ar chéim chomh forásach le hainmniúchán Lilian Seenoi-Barr ina méara ach má shíl lucht a hionsaithe gur díspreagadh di a gcuid bagairtí beidh thiar orthu, is cosúil. Dúirt sí ar an teilifís cúpla lá ó shin go ndearna an drochíde níos diongbháilte í go mbeadh ionadaíocht níos uileghabhálaí ag Doire agus go seasann móramh an phobail léi.

Fág freagra ar 'Smál an chiníochas ar cheapachán stairiúil i nDoire'

  • Carraig

    Mo ghraidhin go deo í!