Chuala mé ar an raidió go raibh na duganna blocáilte. “Tá siad tagtha an bealach ar fad isteach as Tuaim,” a deir an tuairisceoir ar an láthair le láithreoir an chláir maidine ar Galway Bay FM agus gleo na n-inneall agus na mbonnán le cloisteáil taobh thiar de.
Bhí sé ag caint ar an léirsiú náisiúnta a chuir cosmhuintir na tíre ar bun in éadan na n-arduithe ar chostas breosla.
“Green diesel is an absolute joke!” a deir léirsitheoir amháin a labhair ar an raidió. Dúirt fear eile go gcosnaíonn sé €700 air tanc an tarracóra a líonadh is nach bhfuil aon bhaol ann go bhfaighidh sé an t-airgead sin ar lá oibre.
Ní fhéadfadh go bhfuil sé sin fíor, a dúirt fear ar an mbóthar liom nuair a luaigh mé leis é níos deireanaí Dé Máirt agus mé amuigh ag siúl leis na gadhair. ‘Bhí fear ag líonadh leoraí an lá cheana in aice liom ag an stáisiúin peitril agus €200 a chuir seisean ann.’ Ach níl a fhios againn an raibh an tanc folamh nó an é go raibh sé ag cur braoinín ann sula ngabhfadh an praghas suas tuilleadh thar oíche.
Is é an chaoi a bhfuil muid anois nach é cé mhéad acra atá agat ná cé chomh mór is atá do theach, ach is í an cheist is mó atá ann ná cé mhéad díosail atá á chur isteach sa charr agat. Beidh scáileáin phríobháideachais ag teastáil ag na pumpanna agus chuile dhuine ag coinneáil súil ar a chéile ag an stáisiún peitril.
Ná bac le Jaguar ná Range Rover níos mó mar chomharthaí an rachmais, ach an bhfuil an tanc lán? Ní bheidh éinne ag fiafraí cén jab atá ag duine feasta le déanamh amach an bhfuil ag éirí go maith leo, ní bheidh le déanamh ach breathnú cá bhfuil an tsnáthaid, ar E nó ar F. Tá an tanc ola lán ag an teach agat? Óó, nach tú atá ag déanamh go maith duit féin!a
Is dóigh nach raibh aon bhaint ag an léirsiú le cinneadh Mheiriceá agus na hIaráine sos cogaidh a fhógairt níos deireanaí san oíche Dé Máirt. Blaisín den chiall anuas as na flaithis a bhí ann seans, ó go ndeirtear linn gur cogadh beannaithe é seo.
Cé nach bhfuil aon bheannacht tugtha ag an bPápa Leo, an t-aon duine ar domhan a bhfuil sé luaite go sonrach lena phost gurb é ionadaí Dé ar an talamh é. Tá mé beagnach cinnte go bhfuil an cúram sin luaite leis má chuardaíonn tú ‘An Pápa’ ar aon cheann de na suíomhanna fostaíochta. Mhol seisean réiteach síochánta, cé nach raibh aon chuma ar an scéal ag tús na seachtaine go raibh éisteacht ag ceachtar páirtí leis.
Fuair muid an scéala maidin Dé Céadaoin go raibh praghas ar bhairille ola ar an margadh idirnáisiúnta tite faoi $100 ó rinneadh an fógra maidir leis an sos cogaidh.
Cé gur dea-scéala é sin, tá sé ina imní go mbeidh costas ard ar bhreosla ar feadh tréimhse fada fós mar gheall ar an damáiste a rinneadh d’infreastruchtúr i rith na cogaíochta. Níl againn fós ach fógra gur sos cogaidh coicíse atá fógartha go dtí seo agus beidh an domhan ar fad ag faire ag súil go mbeidh deireadh leis an aighneas agus go n-aimseofar bealach na síochána do mhuintir an Mheánoirthir.
Lean na léirsithe ar aghaidh i mBaile Átha Cliath arís ar an gCéadaoin agus é d’aidhm acu, a deir léirsitheoir amháin, go laghdófaí praghas an díosail go €1.70 an lítear, ach is beag an seans gur féidir é sin a dhéanamh.
Fág freagra ar 'DIALANN TUAIRISC: Beidh scáileáin phríobháideachais ag teastáil ag na pumpanna'