‘Tá tú ag dul go Osijek?’ Leath a béal agus a súile ar bhean an bhrú óige ar chaith mé an oíche ann in Zagreb, ardchathair na Cróite.
Le hiontas – agus le rud éigin eile.
‘Tá mé chomh sásta go bhfuil tú ag dul go dtí an tSlavóin. Tugann chuile dhuine agaibhse turasóirí aghaidh ar an gcósta, ach tá oirthear na Cróite go hálainn freisin. Ar ndóigh d’fhulaing an taobh sin den tír go mór le linn Chogadh na Saoirse. Breis agus tríocha bliain níos déanaí, níl an bheocht ar ais ann fós. Feicfidh tú féin.’
Agus chonaic. Machaire méith breac le coillte beaga agus le húlloird atá sa tSlavóin, oirthear na Cróite, ach tá sí tréigthe agus, de réir na staitisticí daonáirimh, fós á tréigean.
Ach a bhuíochas leis sin, seans, tá fairsinge fiadhúlra dochreidte sa tSlavóin freisin. Ba gheall le safari an turas traenach sé huaire an chloig tríd an gceantar: fianna ag léimneach tríd na garrantaí; stoirc, piasúin, patraiscí, fabhcúin agus éin chreiche de chuile chineál eile ag eitilt ó chraobh go craobh nó ar foluain sa spéir go maorga, agus é sin ar fad díreach taobh amuigh den fhuinneog. Ar éigean a chreid mé go bhfeicfeá an méid sin ainmhithe fiáine áit ar bith san Aontas Eorpach sa lá atá inniu ann – ach ansin arís, bhí mé ar fhíorimeall an Aontais, ag druidim leis an stáisiún deireanach roimh an teorainn thoir.
Osijek.
Théadh na traenacha ar aghaidh go Béalgrád fadó.
Inniu, stadann an líne anseo.
Osijek. Cathair bheag a bhíodh sa nuacht oíche i ndiaidh oíche nuair a bhí mé sna déaga, fearacht na mbailte móra eile sa réigiún, Vinkovci agus Vukovar.
Slad. Marú. Glanadh eitneach.
Ó dheireadh an Mhárta 1991 go lár na Samhna 1995, troideadh in oirthear na Slavóine cogadh saoirse na Cróite i gcoinne na hIúgslaive (an tSeirbia, dáiríre), ceann de na cogaí is fuiltí dár troideadh ar mhór-roinn na hEorpa ón Dara Cogadh Domhanda i leith.
Inniu, is baill de chuid an Aontais Eorpaigh iad an Chróit agus an tSlóivéin, an dá thír is faide ó thuaidh de na tíortha a bhíodh san Iúgslaiv tráth. Ach cé gur cuid den Eoraip go tíreolaíoch iad an tSeirbia, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, Poblacht na Macadóine Thuaidh, Montainéagro agus an Chosaiv, is fada ó bheith ina mbaill den Aontas Eorpach atá siad.
Agus is amhlaidh a fhanfaidh cúrsaí, dá mba faoi Mirko, Cróiteach a casadh orm i dteach caife in Osijek, a d’fhágfaí é.
‘Geall le capall na Traí eile a thógáil isteach a bheadh i mballraíocht san Aontas Eorpach a thabhairt don tSeirbia, faraor,’ a dúirt Mirko, fear i ndeireadh na dtríochaidí – sean a dhóthain le go gcuimhneodh sé ar na cogaí sa réigiún.
‘Tá daoine deasa sa tSeirbia, cinnte – ach níl a gcuid polaiteoirí le trust. Cothaíonn siad sin teannas leis an gCróit ar mhaithe le vótaí a mhealladh agus lena chois sin, fearacht na hUngáire – capall Traí a thóg an tAontas isteach cheana – tá siad go láidir faoi anáil Putin.’
‘Ballraíocht a thabhairt don Bhoisnia? Róchasta ar fad. An Mhacadóin Thuaidh? An Chosaiv? B’fhéidir … in am trátha. Montainéagró? B’fhéidir i bhfad amach anseo – tá siad sin fós go láidir faoi anáil na Seirbia.’
Baile ollscoile atá in Osijek inniu, ach cúpla caifé ar an bpríomhshráid as an áireamh, ní fhaca mé mórán beochta san áit – díreach mar a thuar bean an bhrú óige in Zagreb. An Tulach Mhór a chuir Osijek i gcuimhne dom ar bhealach – an Tulach Mhór agus ollscoil ann.
‘Fáilte go dtí an áit is leimhe sa Chróit,’ a dúirt Mirko. ‘Níor tharla aon rud anseo le tríocha bliain anuas.’
Bhuel, dá mba ag iarraidh blaiseadh a fháil den am a caitheadh a bhí mé – mar a dhéanfadh turasóir i mBéal Feirste b’fhéidir – bhí mé rómhall. An t-aon rud a mheabhródh na 1990idí duit ná brat trom deatach toitíní sna tithe caife.
Ó, is ea, agus na buncair in aice leis an iarnród.
Fág freagra ar 'Ba gheall le safari an turas traenach go fíorimeall an AE'