‘Daingnítear sa dlí an ceart atá ag gach páiste ar oideachas trí Ghaeilge’ –tuarascáil nua le foilsiú ag an Roinn Oideachais

Déantar moltaí láidre éagsúla i dtuarascáil nua a rinneadh don Roinn Oideachais mar chuid d’ullmhú polasaí nua don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht

‘Daingnítear sa dlí an ceart atá ag gach páiste ar oideachas trí Ghaeilge’ –tuarascáil nua le foilsiú ag an Roinn Oideachais

Tá sraith moltaí déanta i dtuarascáil nua a rinneadh don Roinn Oideachais a dhéanfadh athrú ó bhonn ar theagasc na Gaeilge i scoileanna an stáit.

Déantar moltaí sa tuarascáil nua, a bhfuil cóip di faighte ag Tuairisc, atá bunaithe ar an gcur chuige i leith an tumoideachais atá i bhfeidhm i ndlínsí eile.

Moltar sa tuarascáil, a bheidh mar bhunús leis an bpolasaí nua atá á fhorbairt ag an Roinn don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht, go leagfaí síos go mbeadh sé de cheart de réir dlí ag gach páiste tumoideachas a fháil i nGaeilge. Chaithfí, a deirtear, an tacaíocht agus an infheistíocht a bheadh ag teastáil chun an ceart sin a dhaingniú a chur ar fáil.

Cé go bhfuil sé ráite ag leibhéal polasaithe in Éirinn go gcuirfí scoileanna lán-Ghaeilge ar fáil do pháistí nuair is mian lena dtuismitheoirí/gcaomhnóirí é ní tharlaíonn sé seo i gcónaí.

“Dá mbeadh cearta ag páistí agus tuismitheoirí bheadh gá ann an soláthar a chur ar fáil,” a deir údair na tuarascála ó Sealbhú, ionad taighde in DCU.

Ba chóir, a deirtear, spriocanna soiléire a leagan síos faoi fhás an tumoideachais Ghaeilge, mar atá déanta i gcás na Breatnaise sa Bhreatain Bheag, áit a bhfuil sé ina sprioc ag an rialtas go mbeadh oideachas trí Bhreatnais á fháil ag 40% de dhaltaí faoi 2050.

Chomh maith leis sin moltar cur chuige Thír na mBascach, áit a bhfuil dualgas dlíthiúil ar an rialtas scolaíocht trí Bhascais a sholáthar i ngach ceantar mar go bhfuil ceart dlíthiúil ag gach páiste freastal ar chlár oideachais trí mheán na Bascaise.

Moltar freisin an tacaíocht stáit atá ar fáil in Fryslân san Ísiltír chun tacú le scoileanna aistriú, trí phróiseas céimiúil, ó mhúnla aonteangach go dtí múnla ilteangach.

Chomh maith leis an moladh go ndaingneofaí sa dlí an ceart atá ag gach páiste ar an oideachas trí Ghaeilge, deirtear nár mhór dóthain scoileanna lán-Ghaeilge a chur ar fáil taobh amuigh den Ghaeltacht chun go mbeadh feidhm ag an dlí sin.

Moltar beartais chinnte a thabhairt isteach d’fhorbairt an oideachais lán-Ghaeilge a mbeadh spriocanna cinnte ó thaobh éifeachta agus sprioc-amanna cinnte luaite leo.

B’fhiú freisin a deirtear múnlaí éagsúla tumoideachais a leagan síos agus deis a thabhairt do scoileanna plean aistrithe deich mbliana a chur i bhfeidhm chun imeacht ó chatagóir amháin go dtí catagóir níos láidre.

Bheadh an tacaíocht stáit atá ar fáil sa Fhreaslainn do scoileanna chun iompú ina scoileanna trítheangacha “mar dhea-eiseamláir den chineál tacaíochta a bheadh de dhíth”. Moltar freisin “tacaíochtaí cuimsitheacha” a chur ar fáil do scoileanna ar mhaith leo roinnt ábhar a theagasc trí Ghaeilge.

Níor mhór freisin an t-oideachas lán-Ghaeilge a fhorbairt ag gach leibhéal oideachais “sa chúram agus oideachas luath-óige, sa bhunscolaíocht, san iar-bhunscolaíocht agus ag an tríú leibhéal ar bhonn uile-oileánda”.

Moltar an cúram lae trí Ghaeilge a bhíonn ar fáil sa Tuaisceart do pháistí atá cúig bliana nó faoina bhun a thabhairt isteach ó dheas den teorainn.

Tá roinnt moltaí faoi sholáthar múinteoirí déanta sa tuarascáil Comhairliúchán don pholasaí don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht – Tuairisc ar dhlínsí comparáideacha.

Tá gá, a deirtear, le tacaíocht láidir, amhail deontais agus scoláireachtaí, a chur ar fáil do mhúinteoirí ar mhaith leo feabhas a chur ar a scileanna Gaeilge, bíodh sin nuair atá bunoiliúint á cur orthu nó mar chuid de chláir iarchéime nó cláir forbartha gairme.

Moltar bliain shabóideach agus tréimhsí foghlama Gaeilge a chur ar fáil do mhúinteoirí ó scoileanna a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla ar spéis leo obair san earnáil lán-Ghaeilge.

Deir údair na tuarascála, Aisling Ní Dhiorbháin, Pádraig Ó Duibhir agus  Cóilín Ó Floinn, go gcaithfear a chinntiú chomh maith go mbíonn an ceart céanna ag páistí le riachtanais oideachais speisialta ar an oideachas lán-Ghaeilge.

“Is ceart agus is cóir go mbeadh an tumoideachas ar fáil do gach páiste. Moltar go láidir go gcinnteofaí go mbeadh na tacaíochtaí cuí ar fáil d’fhoghlaimeoirí a bhfuil RSO acu sna scoileanna lán-Ghaeilge sa chaoi is go ndéanfar an freastal is fearr ar gach páiste.

“Moltar cláir forbartha gairmiúla do mhúinteoirí tumoideachais a chuirfeadh ar a gcumas freastal mar is ceart ar scoláirí a bhfuil RSO acu.

“Moltar trialacha diagnóiseacha agus idirghabhálacha dátheangacha a chur ar fáil i scoileanna lán-Ghaeilge.”

Ba chóir freisin, a deirtear, tacaíocht ó thaobh na teanga a chur ar fáil do pháistí atá tagtha go dtí Éirinn ón iasacht le go mbeidh “rogha” acu freastal ar scoil lán-Ghaeilge.

Deir an lucht taighde go bhfuil gá le feachtas feasachta a chur ar bun le “fógairt” go bhfuil an tumoideachas oiriúnach do gach saghas foghlaimeora, ag áireamh páistí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu agus páistí ó chúlraí éagsúla cultúir agus teanga.

Deirtear go bhfuil gá ag scoileanna Lán-Ghaeilge le tuilleadh áiseanna, ábhar ar líne agus téacsleabhair agus moltar níos mó béime a chur ar spreagadh a thabhairt do thuismitheoirí agus do phobal na scoile an Ghaeilge a úsáid taobh amuigh den scoil, mar atá déanta, a deirtear, sa Bhreatain Bheag agus i dTír na mBascach.

Fág freagra ar '‘Daingnítear sa dlí an ceart atá ag gach páiste ar oideachas trí Ghaeilge’ –tuarascáil nua le foilsiú ag an Roinn Oideachais'

  • Páidín Ó Raifeartaigh

    Céard is brí le hoideachas trí Ghaeilge?
    Bunscoil in a bhfuil an teagasc tré mheán na Gaeilge ach gur Béarla a labhraíonn na daltaí eatarthu fhéin?
    Meánscoil ina bhfuil an cuid is mó des na hábhair á mhúineadh tré mheán na Gaeilge ( níos deacra ag an dara leibhéal) ach gur Béarla a labhraíonn na daltaí eatarthu fhéin?

  • Sibéal

    Ceart de réir dlí don Gaelaoideachas – sin í an cheist is tábhachtaí a ardaítear sa tuarascáil.

    Léirígh taighde ón ESRI cúpla bliain ó shin go bhfuil an leibhéal éilimh ar an Gaeloideachas thart ar 23%. Níl an Stát ag freagairt don éileamh sin. Léiríonn na figiúirí is déanaí ón Roinn Oideachais 2024 go bhfuil 8% de dhaltaí bunscoile na 26 contae ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge agus nach bhfuil ach 4% de dhaltaí iar-bhunscoile sna 26 contae ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge. Gan an ceart dlíthiúil seo ar Gaeloidechas iarrtar sa tuarascáil leanfar leis an éagóir atá ann.

    Faoi láthair tá constaicí á gcur ag maindairíní an Roinn Oideachais roimh thuismitheoirí ar mian leo go mbeadh Gaeloideachas ag a gcuid páistí, go háirithe ag an dara leibhéal.

  • Páidín Ó Raifeartaigh

    Ach an oiread le “oideachas trí Ghaeilge” céard is brí le “scoil LánGhaeilge” ?

  • Christina Chen

    Cáipéis nach léifear ag aon duine a bhfuil cumhacht a churtha i bhfeidhm aige.