Tá léiriú ar 25 bliain den athrú aeráide i bhféilire a d’aimsigh mé i gcró an ghairdín

AN SAOITHÍN AERÁIDE: Tháinig ár gcolúnaí ar sheanfhéilire breac le nótaí beaga, nótaí faoin athrú aeráide ina measc

Tá léiriú ar 25 bliain den athrú aeráide i bhféilire a d’aimsigh mé i gcró an ghairdín

Am éigin i dtús an chéid seo chroch máthair an tSaoithín Aeráide féilire ar an mballa i gcró an ghairdín. Tá an féilire sin breac le nótaí beaga.

‘3 Márta 2005: 19 ceintiméadar sneachta’.

‘6 Eanáir 2006: chonaic mé smólach ceoil.’

’24 Aibreán 2007: tá na sciatháin leathair ar ais.’

’26 Bealtaine 2009: stoirm thoirní uafásach.’

’12 – 23 Deireadh Fómhair 2011: samhradh beag álainn.’

Ní raibh tús curtha leis an bhféilire sin le ach le roinnt bheag blianta nuair a bhreac máthair an tSaoithín Aeráide nóta síos den chéad uair a thagair go sonrach don athrú aeráide.

‘Aibreán 2007: an tAibreán is tirime agus is teo ó bhí 1706 ann. Níor thit deoir bháistí ón 28 Márta i leith.’

Tagann méadú ar líon na nótaí sin – beacht agus bagrach – de réir mar a théann na blianta ar aghaidh.

‘Eanáir 2011: róthe.’

‘Aibreán 2012: rófhliuch.’

‘Iúil 2011: an tIúil is fliche agus is fuaire ó bhí 1910 ann.’

’20 Márta 2019: 20 céim Celsius – an 20 Márta is teo ó bhí 1916 ann.’

Bhí galar Alzheimer ar mháthair an tSaoithín Aeráide le roinnt blianta anuas faoin am ar bhreac sí an nóta deireanach sin ar an bhféilire, agus níor breacadh mórán nótaí síos ó bhí 2020 ann.

Bhog máthair an tSaoithín Aeráide isteach in ionad cúraim ó shin, agus bliain go leith ina dhiaidh sin bhog an Saoithín isteach sa teach ar fhás sé aníos ann.

Thosaigh sé féin ag breacadh síos nótaí ar an bhféilire i gcró an ghairdín, agus is minic a bhaintear geit as.

Ar an 3 Márta i mbliana – an lá céanna ar thit 19 ceintiméadar sneachta thiar in 2005 – bhain an teocht 14 céim amach, i bhfad róthe don am sin den bhliain.

Sa bhliain 2007, bhreac a mháthair síos i nóta go raibh an pheirsil bhó faoi bhláth ar an 26 Aibreán.

I mbliana, bhí ar an Saoithín Aeráide nóta a bhreacadh síos go bhfaca sé an pheirsil bhó faoi bhláth ar an 2 Aibreán – níos mó ná trí seachtaine níos luaithe.

Níl aon tagairt san fhéilire don sceach gheal ar chúl an tí, ach ní gá: ‘bláth bán na Bealtaine’ a thugtar ar bhláth na sceiche gile tar éis an tsaoil.

Chuaigh creathadh tríd an Saoithín Aeráide nuair ab éigean dó nóta a bhreacadh síos an tseachtain seo caite, ar an 8 Aibreán, go raibh ‘bláth bán na Bealtaine’ ar an sceach gheal ar chúl an tí.

Meas tú an dtaitneoidh sé leis na daoine beaga go bhfuil siad á ndúiseacht as a gcodladh geimhridh trí seachtaine róluath?

Fág freagra ar 'Tá léiriú ar 25 bliain den athrú aeráide i bhféilire a d’aimsigh mé i gcró an ghairdín'

  • JP

    Tá an anachain déanta.