Ochtar is fiche. B’in líon na n-airí a d’fhreastail ar an ollchruinniú den Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas [CATT] in Ard Mhacha Dé Luain, dháréag as Stormont agus sé dhuine dhéag ó rialtas na hÉireann. Is mór an líon rialtóirí é do dhaonra faoi bhun seacht milliún ach b’údar dóchais é go raibh siad go léir i láthair tar éis folúis agus iad tiomanta don chomhoibriú, is cosúil.
Bhí móramh d’airí Stormont diongbháilte – agus an chuid eile toilteanach – go mbainfí leas mar is ceart as na hinstitiúidí trasteorann feasta. Cuid dhílis is ea an comhoibriú trasteorann d’fheidhmiú Chomhaontú Aoine an Chéasta agus é le tuiscint go n-aithnítear é sin in Stormont an babhta seo. Má táthar chun seasmhacht Stormont a chinntiú ní dhéanfaidh sé gnó diúltú do na gnéithe den chonradh nach maith le páirtí.
Caithfidh gach páirtí a chion a dhéanamh i bhfianaise an fhreasúra uathusan a bhí in aghaidh athbhunú Stormont fad is atá teorainn i Muir Éireann sa mhullach ar an suaitheadh a d’eascair as imeacht Jeffrey Donaldson nuair a cúisíodh é as éigniú agus cionta gnéis eile.
Ba é an teacht le chéile in Ard Mhacha an chéad ollchruinniú den CATT ó Iúil 2021; chuir an DUP tús lena mbaghcat dhá mhí ina dhiaidh sin mar agóid in aghaidh an phrótacail iarBhreatimeachta. Bhí drogall ar an DUP ón tús aon seasamh a thabhairt don obair thuaidh theas, ní raibh sé ag teacht lena maíomh nár chuid ar bith de ghnóthaí an deiscirt é an tuaisceart. Níor chuir sé lá mairge ar Jeffrey Donaldson, ceannaire an DUP ag an am, droim láimhe a thabhairt don chomhoibriú trasteorann Meán Fómhair 2021 mar chéad chéim sa bhfeachtas i gcoinne an phrótacail.
Tá an t-údarás ag CATT chun moltaí a aontú maidir le feidhmiú chreat Windsor/an prótacal agus iad a chur faoi bhráid an choiste ón Aontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe a scrúdaíonn socruithe nó deacrachtaí. Ní léir gur phléigh na toscairí ag cruinniú an Luain a leithéid; má rinne, ní raibh focal faoi san communiqué a d’eisigh an chomhrúnaíocht.
Bhí an bheirt fhear is mó a luaitear leis an bplé faoin mBreatimeacht, an Taoiseach Leo Varadkar agus Simon Coveney, ag an gcruinniú den uair dheiridh. Tá siad beirt as oifig anois cé gur Teachtaí Dála iad i gcónaí. Ba léir go raibh airí Shinn Féin (ainneoin an naimhdeas idir SF agus FG) agus Alliance buíoch as an ról a d’imir an bheirt chun teorainn chrua a sheachaint agus chun ceangal Thuaisceart Éireann leis an AE a choinneáil. Ní nach ionadh ní buíoch díobh as an obair sin atá aontachtaithe.
Deireadh ré ab ea é. Chomh maith le Leo Varadkar agus Simon Coveney a bheith ag éirí as oifig ní raibh an SDLP páirteach sa chruinniú den chéad uair ó cuireadh tús le CATT cúig bliana fichead ó shin. Tá SDLP sa bhfreasúra anois ó theip orthu dóthain suíochán a bhaint chun cáiliú d’aireacht.
Nuair a thiocfaidh an CATT le chéile arís sa bhfómhar, i mBaile Átha Cliath, is é an Taoiseach nua a bheidh sa chathaoir. Seans go mbeidh léargas níos fearr againn faoin am sin ar chur chuige Simon Harris i leith an Tuaiscirt. Tá sé ráite aige gurb é a mhian Éire aontaithe a bhaint amach – polasaí an stáit agus a pháirtí – ach nach tosaíocht aige é sin faoi láthair. Údar uchtaigh d’aontachtaithe ab ea an méid sin.
Seans maith gur ag ullmhú le haghaidh na dtoghchán sa Mheitheamh agus don olltoghchán a bheidh an Taoiseach ach tá práinn leis an obair uile-Éireann faoi athrú aeráide, cuir i gcás. Tá práinn freisin leis an obair ar thograí infreastruchtúir, bóthar an A5 go háirithe. Cailleadh bean óg i dtimpiste ar an mbóthar sin Dé Domhnaigh, an 50ú duine a fuair bás ó cheadaigh Stormont forbairt an bhóthair in 2007.
Tá spéis ar leith ag an Tánaiste, Micheál Martin sna tograí trasteorann; ba é a bhunaigh an ciste uile-oileánda a dheonaigh 800 milliún euro le gairid. Tá dúil aige freisin i leasuithe ar Chomhaontú Aoine an Chéasta go luath, chun cosc a chur ar mhórpháirtí a bheith in ann Stormont a scor d’ainneoin mhianta na bpáirtithe eile. Ceist eile cén páirtnéir a bheadh acu i Londain ach dá mbeadh, an aontódh an Taoiseach Harris gur gá tabhairt faoin mhargáil sin i mbliana?
Bhí éifeacht as cuimse ag an bpairilis in Stormont ar na forais trasteorann. Dé Luain faomhadh athcheapadh Sheáin Uí Choinn mar phríomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge. B’éigean socruithe den chineál céanna a dhéanamh i leith údaráis eile agus tá a fhios ag an saol go raibh ceangal na gcúig gcaol ar bhuiséid mar nach raibh airí in Stormont chun a gcion féin a cheadú. Tá moilliú den chineál sin doghlactha. Dá dtarlódh sé arís an gcaithfí na forais uile-Éireann a chaitheamh i dtraipisí?
Fág freagra ar 'Athrú ré agus móramh d’airí Stormont diongbháilte go mbainfí leas mar is ceart as na hinstitiúidí trasteorann feasta'