Ar éigean a d’fhéadfaí an chathaoir a fheiceáil, bhí sí i bhfolach faoi ualach boscaí.
Cathaoir luascáin atá inti, déanta as adhmad gallchnónna b’fhéidir, agus ní mise a chuir thuas ar an áiléar í ach is ann a bhí sí, agus de réir mar atá an chuid eile de sheanteach mo mhuintire á ghlanadh amach agam tá tuilleadh agus tuilleadh stuif á charnadh isteach san áiléar sin.
Ach bhí cathaoir speisialta uaim chun an dréacht deireanach de m’úrscéal a léamh inti.
Nuair a chríochnaíonn tú saothar ar bith, ní bhíonn tú ag iarraidh é a fheiceáil riamh arís. Ach tiocfaidh an lá go dteastóidh uait do leabhar féin a léamh. Tá sé dodhéanta breathnú ar shaothar a scríobh tú féin le súile an léitheora – ní hionann agus an léitheoir, bíonn a fhios agat i gcónaí céard a tharlóidh ar an gcéad leathanach eile – ach bhí mé ag iarraidh teacht chomh gar sin agus ab fhéidir d’eispéireas an léitheora, agus chuimhnigh mé ar an gcathaoir luascáin sin ar an áiléar.
Thóg mé na boscaí di, shuigh síos, agus tharla rud aisteach. Go tobann bhí mé cúig bliana d’aois agus bhí mé i mo shuí in ucht m’athar, an chathaoir ar a raibh an bheirt againn inár suí á luascadh aige go mall réidh, agus scéal á insint aige dom faoin Dochtúir Fred.
Ní raibh na scéalta faoin Dochtúir Fred in aon leabhar.
Ó bharr a chinn a chumadh m’athair iad, maidineacha Domhnaigh nó aon am eile a mbuailfeadh an fonn sin é.
Ní gnáthdhochtúir a bhí sa Dochtúir Fred ach oiread. Tréidlia a bhí ann a bhí i gceannas ar zú, agus bhí réimse spéise aige a bhí i bhfad níos fairsinge ná galair agus tinnis: san aon eagrán amháin a bhfuil cuimhne bheacht agam air, bhí mionchóras traenacha á thógáil ag an Dochtúir Fred tríd an zú ar fad.
Cá bhfios nárbh é an t-eagrán sin a spreag an tsuim atá agam i gcúrsaí iompair phoiblí, ach is cinnte gur mhúscail na maidineacha sin sa chathaoir luascáin in ucht m’athar mo shuim sa scéalaíocht. An rud is measa ná go raibh siad dearmadta agam, na maidineacha scéalaíochta sin, agus go mbíonn an diabhal orm, ó bhí mé i mo dhéagóir, ag fógairt don saol mór gur mó an spéis a bhíodh ag m’athair ina chuid cumadóireachta ceoil féin ná mar a bhí aige ina chlann. B’fhéidir go raibh, faoin am go raibh muid inár ndéagóirí. Ach bhí na maidineacha scéalaíochta sin ann, agus tháinig siad ar fad ar ais chugam nuair a shuigh mé sa chathaoir dhearmadta sin.
An insíonn tuismitheoirí dóthain scéalta dá gcuid páistí sa lá atá inniu ann, i ré seo na scáileán beag agus mór? Tá súil agam go n-insíonn. Ní haon Dochtúir Freud mise, ach measaim go raibh dlúthbhaint ag na scéalta a d’insíodh m’athair faoin dochtúir eile sin, an Dochtúir Fred, le mo rogha gairme féin, an scríbhneoireacht, agus le mo spéis sa litríocht i gcoitinne.
Fág freagra ar 'An insíonn tuismitheoirí dóthain scéalta dá gcuid páistí i ré seo na nguthán póca?'