Tar éis an toghcháin Eorpaigh, tá an tsochaí i dtíortha lár na hEorpa thar a bheith suaite agus deighilte. Tharla gníomh uafásach sa tSlóvaic breis is mí ó shin – an 15 Bealtaine, rinneadh iarracht príomh-aire na Slóvaice, Robert Fico, a fheallmharú. Le linn an lámhaigh, bhuail trí philéar é sa bholg agus cé gur shábháil na máinlianna é, bhí air cúpla seachtain a chaitheamh san ospidéal agus drochbhail air.
Seanduine ab ea an t-ionsaitheoir ar deacair aon mheabhair a bhaint as a chuid tuairimí polaitiúla. Roinnt blianta ó shin, bhí sé ina bhall de mhílíste beag a thacaigh leis an Rúis agus léirigh sé dearcadh ciníoch ina chuid scríbhinní. Le déanaí, ámh, d’iompaigh sé ar an taobh liobrálach, de réir dealraimh, agus ghlac sé páirt i léirsithe i gcoinne iarrachtaí an rialtais na meáin chumarsáide agus na heagraíochtaí neamhbhrabúis a chur faoi smacht.
Cuma faoi spreagadh an ionsaitheora, is comhartha é a ghníomh antoisceach den teannas atá ag ardú i sochaí na Slóvaice tar éis do Fico bua a fháil san olltoghchán anuraidh agus polasaithe a chur chun cinn atá an-ghar dá bhfuil déanta ag Viktor Orbán san Ungáir. Níor bhain an t-ionsaí den teannas sin in aon chor, ach a mhalairt ghlan – nuair a ligeadh Fico saor as an ospidéal ag tús mhí an Mheithimh, thug sé aitheasc inar thug sé ‘gníomhaire an fhreasúra’ ar an ionsaitheoir agus chuir sé an milleán ar na hiriseoirí liobrálacha a bhí ag gríosú fuatha ina choinne, dar leis.
Tá baol mór ann, mar sin, go mbainfear leas as an ainghníomh chun srianta a chur ar na meáin atá ag cáineadh polasaithe an rialtais. Tá leibhéal an fhoréigin ag ardú sa Ghearmáin freisin, cé nach ndearnadh aon ghníomh chomh suntasach leis sin. Ach deir na staitisticí gur tháinig fás suntasach anuraidh ar choireanna a spreag cúrsaí polaitiúla, idir iadsan a raibh idé-eolaíocht na heite deise, na heite clé nó cúlra reiligiúnach taobh thiar díobh. De réir an nuachtáin Frankfurter Allgemeine, tharla timpeall 60,000 de na coireanna sin anuraidh, uimhir atá an-scanrúil ar fad, idir ionsaithe ar pholaiteoirí agus oifigigh phoiblí, ionsaithe frith-Sheimíteacha agus fiú coireanna a bhaineann le sceimhlitheoireacht.
Ádhúil go leor, níor tharla mórán foréigin anseo i bPoblacht na Seice le déanaí ach ina ainneoin sin, bhí an feachtas toghchánaíochta fíochmhar go leor. D’ionsaigh Andrej Babiš, ceannaire ANO, an páirtí is mó sa fhreasúra, beartas an rialtais armlón a sholáthar don Úcráin, beartas a d’fhéadfadh cúrsaí an chogaidh a athrú go suntasach agus a chabhraigh go mór le seasamh idirnáisiúnta na tíre. I bhfíseán ar na meáin shóisialta, dúirt Babiš gur gríosóir cogaidh é an Príomh-Aire Petr Fiala ar cuma leis leas a thíre féin. D’imir páirtí Fiala díoltas ar Babiš go gairid ina dhiaidh sin, nuair a rinne siad leagan scigaithrise ar chlár fógraíochta ANO ag cur bratacha Rúiseacha ar leicne a gceannairí. Buíochas le Dia, bhain an craobhchomórtas haca aird na Seiceach den choimhlint shuarach sin, ach beidh sé deacair an nimh a bhaint as an díospóireacht pholaitiúil.
Ní deacair cúiseanna an teannais a aimsiú. Tá an domhan ina chíor thuathail le déanaí, idir an cogadh san Úcráin, an choimhlint sa Mheánoirthear, agus impleachtaí an athraithe aeráide. Ach bíonn an locht go minic freisin ar na modhanna ina ndéantar feachtas polaitíochta go minic. Is éasca tacaíocht a fháil trí dheighilt a chruthú sa tsochaí agus do dhream féin a chruinniú faoi do bhratach fhéin. Anuas air sin, cabhraíonn algartaim na meán sóisialta leis an scoilt a chothú.
Ar thaobh amháin, ní féidir an deighilt a sheachaint in amanna, ní mór seasamh láidir a ghlacadh má tá an daonlathas i mbaol, cogadh ar an tairseach agus an pláinéad féin á scrios.
Ach go paradacsúil, ní féidir déileáil leis na fadhbanna móra sin gan aontas áirithe a choinneáil sa tsochaí. Is ceart agus is cóir polaiteoirí a cháineadh nuair atá cúis leis, ach tá teorainn le héifeacht an cháinte. Agus thar aon ní eile, níor cheart a lucht tacaíochta a mhaslú, rud a tharlaíonn go mion minic na laethanta seo. A mhalairt ar fad a theastaíonn, ba cheart go mbeadh an feachtas dírithe ar mheon vótálaithe an taoibh eile a athrú, rud atá, ar ndóigh, i bhfad níos deacra ná manaí cogaidh simplí a bhéiceadh.
Tá comharthaí dóchais áirithe ann, cé gur gann go leor iad. I ndiaidh an ionsaithe sa tSlóvaic, tháinig an t-uachtarán atá ag éirí as, Zuzana Čaputová, agus an t-uachtarán nuathofa, Peter Pellegrini, le chéile, ag impí ar an tsochaí gan an fuath a chothú níos mó agus athmhuintearas a lorg. Tá ráitis na beirte níos luachmhaire fós de bharr go seasann siad ar thaobhanna éagsúla; is ionadaí tábhachtach na heite liobrálaí í Čaputová agus tá páirtí Pellegrini, Hlas, i gcomhrialtas le páirtí Robert Fico.
Tharla rud cosúil leis sin i bPoblacht na Seice, cé nach inchomparáide an dá chás, i ráiteas tábhachtach, cháin an tUachtarán Petr Pavel iompar an dá thaobh san fheachtas toghchánaíochta, á rá go gcuirtear muinín sa pholaitíocht féin i mbaol ar an mbealach sin. In ainneoin na dtuairimí éagsúla atá againn, caithfear cuimhneamh i gcónaí gur sochaí amháin muid.
Fág freagra ar 'Tá an teannas ag ardú i lár na hEorpa agus daoine suaite deighilte'